Annals of the Four Masters 4 Author: [unknown] p.656 M1373.0 AOIS CRIOST, 1373. Aois Criost, mile, trí chéd, seachtmoghat, a trí. M1373.1 Uilliam Mac Carmaic epscop Ardachaidh saoí i n-eccna, & i crabadh do écc. M1373.2 Adam Ó Cianáin cananach & saoí seanchadha do écc i Lios Gabhail. M1373.3 Iondsoighidh do tabhoirt do Gallaibh Midhe don Anghoile. Ruaidhri mac Cathoil Uí Ferghoil & a mac do marbhadh dóibh don cur-sin, & sochaidhe dá muintir imailli riú. Donnchadh Ua Feorghoil go lion a thionóil dia lenmhain, & marbhadh mór do dénamh lais orra. Urchor do shoighid do bhuain don áirsidh iar sin, & an maidhm roimhe for Gallaibh, go t-torchair dhe, & gur sraoineadh for a muintir. M1373.4 Uilliam Dalatún & Sirriam na Midhe do marbhadh le Cenél Fhiachach & lé h-Ua Maoíleachloinn. M1373.5 Mac An Pearsúm Meic Feorais do marbhadh lá Toirrdhealbhach Ruadh Ua c-Concobhair d'aon-bhuilli cloidhimh i c-Conmaicne Dúna Mhoir tar és fell do ----- p.658 dénamh doibh air, & sé ag teacht a Conmaicne Cúile & é fén d'imtheacht d'aimdheóin a los a láimhe iar sin ó na easccaraid, & é beó loitidhe.Andrias Mac Cionaoith do marbhadh doibh-siomh as a h-aithle, iarna fágbhail do Toirrdealbhach aca i n-geall re na rogha fuasgailte d'fagháil as an tan ro fheallsad fair fén roimhe. M1373.6 Barrdubh inghean Uí Ruairc ben Domhnaill Mec Tighernáin do écc. M1373.7 Seaan Mac Con Mara árd-taoiseach Cloinne Cuiléin & Tadhg Ócc Ó Durnin do écc. M1373.8 Sadhbh inghen Cathail Uí Choncobhair ben Flaitbertaigh Ui Ruairc do ecc. M1373.9 Raghnall mac Corbmaic Meg Raghnaill do mharbhadh la mac Meg Naiscídh i fell. M1373.10 Maoileachloinn Connachtach Ó Néill do écc. M1373.11 Maighistir Niocól Mag Techeadain oifficel Cluana do écc. M1373.12 Brian Og mac Briain Ui Dhubhda do mharbhadh la Bairédachaibh. Annal M1374. M1374.0 AOIS CRIOST, 1374. Aois Criost, míle, trí chéd, Seachtmhocchat a cethair. M1374.1 Senicin Sabhaois do mharbhadh la Mag Aonghusa. M1374.2 Domhnall Ócc Ó Dochortaigh .i. mac Seaain do écc. M1374.3 Cu Coiccriche Ócc Mag Eochaccáin taoiseach Cenél Fhiachach do marbhadh i bh-fell ar n-dul dó lé h-espucc na Midhe go h-Áth Luain, & An Sionnach Mac Meráin do muintir Uilliam Dalatún da mharbhadh d'aon-bhuile sleighi, & é fein do tharraing o aroile iar sin & boill bheacca do denamh da corp a c-cionaidh a mhíghniomha. ----- p.660 M1374.4 Teabóid A Búrc oighre Meic Uilliam do marbhadh d'Uíbh Maine. M1374.5 Maidhm la Niall Ó Néill for Gallaibh, dar marbhadh an ridire Roidseach, Bocsa na Cairrge, An Sandalach & William Baile Dalat ceann ainbhféle Erionn, & il-iomad nach n-aacute;irimhther. M1374.6 Tadhc mac Ruaidhri mic Cathail Ruaidh Uí Choncobhair, degh-adhbor Uí Choncobhair do écc. M1374.7 Maoileachloinn mac Diarmata Uí Fearghail do dul ar coccadh as an Angaile go Muintir Maoil Mordha do chur i n-aghaidh Gall.Tachor trén amhnus do chur eatorra & Goill iar sin dár marbhadh-somh & sochaidhe oile. M1374.8 Tadhcc Ócc Mag Raghnaill do lot d'orchor do shoighid go n-erbail de, acht nír bh-feas a demhin cia do telcc an t' urchor. Muintir Bhirn dá chur for Cloinn Muirchertaigh, & Clann Muircertaigh dá cur orra-somh mar an c-cédna, uair as etorra baoí iorghal an tan-sin. Coccadh d'erghi tremid-sídhe edir Eolaschaibh & Muintir Bhirn. M1374.9 Corbmac mac Tomaltaigh Uí Ferghail do mharbhadh. M1374.10 Fearghal mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do marbhadh do Pilib. M1374.11 Tighernán mac Briain Meg Tighearnáin do écc. M1374.12 Maoileachloinn Ruadh O Duibhgennan saoi i sinchus, & Mathghamhain an Chind mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Ruairc do comhthuitim ré aroile. Annal M1375. M1375.0 AOIS CRIOST, 1375. Aois Criost, mile, tri chéd, sechtmogat, a cúig. M1375.1 Donnchadh Caomanach Mac Murchadha righ Laighen do marbhadh la Gallaibh i bh-fell iar t-tabhoirt díothlaithrighe dó go menic roimhe-sin orra. ----- p.662 M1375.1 Mathgamain mac Maghnasa Ui Concobhair do écc iar m-buaidh n-einigh, & n-eangnamha. M1375.2 Caislén Rosa Comáin do tabhoirt do Ruaidhri Ó Concobhair, & Baile an Tobair do tabhoirt do Toirrdhealbhach Ruadh as imaille re comadhaibh oile. M1375.3 Mac Artain uirrí Cenel Fhaghartoigh do marbhadh i bh-fell da brathair fén mac Gille Térnoind Mec Artain. M1375.4 Maidhm mór do tabhoirt lá Niall Ó Néll for Gallaibh Dúin Da Lethglas, dú i t-torchoir Sir Semus Bhaile Atha Thíd no Alahid fer ionaid righ Saxan, Burcach Caimlinne, & il-iomad nach n-áirimthear. M1375.5 Cú Uladh Mag Mathgamna tanoisi Oirghiall d'écc do chuislinn. M1375.6 Art mac Mecc Uidhir aon bá lán d'eneach & d'féle do écc. M1375.7 Diarmaid Mag Raghnaill do dul d'ionnsaighidh for Corbmac Ua m-Birn, & Donnchadh mac Concobhair an Copáin do marbhadh don toisc-sin, immaille re h-il-iomat do daoinibh oile imaille ris, & édala mora do denamh do. M1375.8 Maoileachloinn Ua Domnallan ollamh Síl Muireadhaigh go sainredhach le dán, & ard-shaoí Erionn beós isin ealadhain cédna, d'écc d'fiolún. M1375.9 Cairbre, & Eoghan, dá mac Mécc Tighearnáin do tabhoirt ionnsaighte for Ghallaibh go líon a t-tionóil. Fer da muintir féin do dhénamh felle orra, & dá c-crec le Gallaibh ariomimhas. Goill do chruinniughadh ina t-timcheal iarna m-brath dóibh; clann Mécc Tighearnáin, & cuiccer ar fhichit do maithibh a muintire do dhícheannadh ar én láthoir annsin do Gallaibh. M1375.10 Seaffraidh mac Giolla na Naomh Uí Fherghoil degh-adhbhor tigherna na h-Anghoile ar eneach, ar chruth, ar chaoin-bhésaibh, do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe. M1375.11 Sir Emann Albanach Mac Uilliam Búrc do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás a mhac do gabáil tighearnais tar a és. ----- p.664 M1375.12 Osccor mac Airt Meg Uidhir do marbhadh do cloinn Donnchaidh Még Uidhir. M1375.13 Donnchadh mac Taidhg mic Conchobhair an Chopáin do marbhadh la Muintir Birn. M1375.14 Tomás Mac Feorais tighearna Átha na Rígh, & Seann Mac Lochlainn cenn a fhine fén d'ég. M1375.15 Cathal Óg mac Cathail Oig mic Cathail Móir mic Domhnaill Uí Chonchobhair do mharbhadh le Cloinn Riocaird, & Lochlainn mac Donnchaidh Uí Dhubhda do ghabhail don cur-sin. M1375.16 Brian Ó Briain tighearna Tuadhmumhan do indarbadh la Toirrdhealbach mac Muirceartaigh Uí Briain; & le Cloinn Riocaird. M1375.17 Coccadh eitigh Ruaidhri Ó Choncobair rí Connacht, & Maol Seacloinn Ó Ceallaigh tighearna Ua Maine gur ro ghabh Ua Cocobhair nert for Uibh Maine. M1375.18 Cathal mac Maghnusa Meic Diarmada d'ég. Annal M1376. M1376.0 AOIS CRIOST, 1376. Aoís Criost, mile, tri chéd, sechtmhocchat, a sé. M1376.1 Tadhcc Ó Ruairc tigherna Brefne, aon lán d'eneach d'féle, d'alladh, & d'oirdearcus, Bethir na m-Brefneach, & Leómhan Lethe Cuinn d'écc. Tighernán a mac do gabháil tighernais Brefne 'na dheóidh. M1376.2 Aodh Ó Tuathoil, tigherna Ua Máil do marbhadh do Gallaibh. M1376.3 Dalbhach mac Maoileachloinn Uí Bhroin, ceann enigh & eangnamha Laighion do ghuin da spor fesin, & a écc fo chedóir. M1376.4 Aodh mac Seaain Uí Ferghoil do écc, & bá tiopra go t-tobhrúchtadh a fhéle & a fhairsnge do cliaroibh Erionn go coitchionn ó aois a macdhachta go sin. ----- p.666 M1376.5 Bébinn inghean Domhnaill Uí Duinn, bean Uí Diomasaigh do écc. M1376.6 Roibeard Ua Ferghail do écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1376.7 Cuaifne Ua Concobhair Failgi, degh-adbor tighearna Uibh Failge do écc. M1376.8 Concobhar Ua Becháin saoi Shenchadha, Ceallach Mac Cruitín ollamh Tuadhmumhan le senchas, Eóin Ua Ruanadha ollamh Mécc Aongusa lé dán, Maoileachloinn Ó Maoil Mhena ollamh Uí Catháin, Donnchadh Mac Firbhisigh deig-senchaidh, & Ruarcán Ó h-Adhmaill ollamh Uí Anluain i n-dán do écc. Fer tighe caoidheadh coitchionn gan diultadh ré n-aon an Ruarcan-so. M1376.9 Cu Moighi Ó Catháin tighearna Oireachta Uí Catháin do gabhail do Gallaibh i b-purt Cúile Rathain, & a chur dóibh go Carraicc Feargusa i n-gemhlibh. M1376.10 Coimthionol Gall Midhe, Uladh, & Laighen dochum na h-Anghoile. Creacha fill do denamh dóibh isin tír. Ua Ferghoil go líon a thionóil dia saighidh-siomh iar sin fo leith, edir Ghallaibh Uladh & Laighean &ca. gur loiscc a m-bruigh & a m-bailte, gur chreach a c-críocha, & a iompúdh as a h-aithle go n-édálaibh aidbli fo bhuaidh & cosccur. Annal M1377. M1377.0 AOIS CRIOST, 1377. Aois Criost, mile, trí céd, seachtmhoghat, a seacht. M1377.1 An t-espucc Ó Ceallaigh .i. easbacc Cluana Ferta Brénainn, Seaan Ó Rodacháin comhorba Caillín saoi coitchionn, & an Deccánach Mór Mag Muirghiosa do écc. Isin Róimh écc an deccánaigh-si. M1377.2 Mainistir Eassa Ruaidh do losccadh. M1377.3 Uater mac Sir Dauith Búrc, Domhnall mac Fergail mic An Manaigh Uí Gallchobair, Seaffraidh Ó Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail, Donnchadh mac Uilliam áloinn; Uí Cherbhaill tighearna Ele, Diarmaid Bacach Mac Branáin ----- p.668 taoiseach Corc'Achland, Fachtna mac Dauith Uí Mórdha, & Brian Ó Flaithbertaigh do écc. M1377.4 Sluaigheadh la Riocard A Búrc i Cloind Cuiléin & Cuilenaigh do tionol im, Mac Con Mara .i. mac inghene Uí Dálaigh. Ionnsaigidh do tabhoirt dóibh ar Chloinn Riocaird gur cuirsiod maidm orra, dár marbhadh Teabóid mac Uillicc ceann na cethirne, trí meic Ó n-Edin, & mórán do maithibh Cloinne Riocaird archeana. M1377.5 Ruaidhrí Ó Concobhair do tabhart madhma i Ros Commain for Mac Uilliam Búrc & for Maoileachloinn Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine, dú inar marbhadh Risderd A Búrc .i. dearbhrathair Meic Uilliam, Domnall mac Cathail Óicc Uí Concobhair, Tadhg Óg mac Taidhg Uí Cheallaigh, Ua Maindin .i. taoiseach Sodain, Mac Dubhgaill Galloclaigh, & iomad oile nach n-áirimhthior. M1377.6 Caislén Leasa Aird Abla do dénamh la Seaan Ó f-Ferghail tighearna na h-Anghoile. M1377.7 Coccadh edir Mac Diarmata & Ruaidhrí Ó Concobair, go t-tainicc de-sídhe Magh Luirg do milleadh & do losccadh edir gortaibh & foirgneamha. Sochaidhe do marbhadh eatorra leath for leith. Síth do dénamh dóibh fó dheóidh, & comhtha ----- p.670 d'faghail do Mac Diarmata do chionn na síodha do dénamh, & i n-ionad a d'íoghbhála Ruaidhrí Ó Concobair. M1377.8 Mathghamhain mac Seaain Meic Con Mara do écc. M1377.9 An dara Risderd do ghabhail rioghaichte Saxan. .21. Iun. M1377.10 Gofraidh mac Andaidh Uí Raghallaigh do mharbhadh la Cloinn an Chaoich Uí Raghallaigh. Annal M1378. M1378.0 AOIS CRIOST, 1378. Aois Criost, mile, tri ced, Seachmhoghatt, a h-ocht. M1378.1 Cairbre Ua Feargoil Espucc Ard Achaidh, ealcuing congbhala an crábhaidh, glún oileamhna na h-eccno, soithech désherce & daonnachta esidhe, a écc isin Róimh iar m-breith bhuadha do deaman & domhan. M1378.2 Mór inghean Uí Feargail ben Mé Raghnaill .i. Diarmaid, do écc, & a h-adnacul i c-Cluain Conmaicne go h-onórach. M1378.3 Uater Mac Uilliam Búrc do marbhadh la Muintir Mháille. M1378.4 Fearghal Mag Raghnaill do marbhadh la Conn mac Muircertaigh Meg Raghnaill. M1378.5 Giolla Criost Ua Ruairc mac tighearna Breifne do éc. M1378.6 Toirrdealbhach Mac Suibne ard-consubal Connacht. M1378.7 Tadcc mac Lochlainn Meg Con Mara taoiseach Cloinne Cuilén do marbhadh la mac inghine, Uí Dhálaigh. M1378.8 Domhnall Mhág Brádaigh taoiseach Cúile Brighdin, & Teallaigh c-Cerbhaill, saoí coitchionn. Seaan Ó Fialáin degh-fer dána, & Dubh Coblaigh ingen Mecc Raghnaill ben Uí Maoil Miadhaigh do écc. M1378.9 Iondsoighidh do tabhairt do Mag Raghnaill gona bráithribh & gona oireachtaibh, ----- p.672 do dá Cloinn Aodha, & d'Ferghal Ó Ruairc ar Cathal Ruadh Mag Raghnaill. Cathal do tionol a com-mbraithreach, & a clemhnadh im Diarmait Mac Diarmata go h-én-ionadh ar a c-cionn-somh. Maidhm do tabhairt doibh for Macc Raghnaill.Ferghal Mág Raghnaill deigh-fear sona saidbir, & Mac Senlaoich, Mac Giolla Duibh, & sochaidhe nach n-áirimhthear do mharbadh don imsearccain-sin. M1378.10 Giolla CriostÓ Sgingín ollamh cenél c-Conaill i senchus do écc do fhiolún. M1378.11 Brian Mag Uidhir .i. adbar tighearna Fer Manach, do marbhadh la cloinn Airt Meg Uidhir. M1378.12 Ferghal Ua Maoíl Miadhaigh taoiseach Muintire Cerbhallain d'ég. M1378.13 Tadhg Mac Aedhagáin ollamh breitemhan Iochtar Connacht saoí gan imresain gan oirbernaigh, & fer thige n-aoidheadh coitchind da gach aen do ég. Annal M1379. M1379.0 AOIS CRIOST, 1379. Aois Criost, mile, trí chéd, Seachtmhoccat, a naoí. M1379.1 Eapscob na Midhe, .i. An Faltach do écc i Saxaibh. M1379.2 Sémus Ó Conghalaigh prióir Daimhinsi, Flaithbertach Ó Mongáin Airchindeach Ruis Airthir d'écc. M1379.3 Pilib mac Niocoil, .i. An Dalatúnach tigherna Iarthair Mhidhe d'écc. M1379.4 Fer Bisigh Mac Fir Bisigh saoi senchadha d'écc. M1379.5 Dauidh Ua Duinn taoiseach Ua Riagáin do mharbhadh la mac Cearbaill Uí Dhuinn. M1379.6 Riocard Mac Cathmhaoil do marbhadh la Pilib Mhag Uidhir, tigearna Fear Manach, & la Domhnall Ua Néill. M1379.7 Maidhm na Dreche do thabhairt d' Ua Néill, .i. do Niall Mhór ar Pilib Mhág ----- p.674 Uidhir, dú i t-torchair Tadhg Mhág Uídhir, dá mac Meic Maghnusa, Toirrdealbhach mac Donnchaidha Még Uidhir, Brian mac Meic Raith, & Muirchertach Mac Míolchon. M1379.8 Mac An Chaoích Uí Raighilligh do mharbhadh la mac Andaidh Uí Raghailligh. M1379.9 Cú Mara Gerr, .i. Mac Con Mara do mharbhadh la a braithribh fein tre fhéill. M1379.10 Cú Chonnacht mac Pilib Mhég Uidhir adhbhar tigherna Fer Manach ar eineach & ar uaisle, do mharbhadh la Cloinn Domhnaill Cloinne Ceallaigh. M1379.11 Maol Mordha Óg mac Maoil Mordha Ruaidh Uí Concobair (.i. Failghe) do mharbhadh la Gallaibh. M1379.12 Fionnghuala inghen Uí Cheallaigh ben Meic Uilliam Búrc do écc. M1379.M13 Risderd Ua Dubhagain d'écc adbar ollamhan Ó Maine eisidhe. M1379.14 Uilliam mac An Ghiolla Caoich Meic Cerbaill dearscaightheach Gaoidheal i seinm do écc. Annal M1380. M1380.0 AOIS CRIOST, 1380. Aoís Criost, mile, trí chéd, ochtmhocchat. M1380.1 An t-abb Mac Diarmata Ruaidh, .i. abb na Trionoide for Loch Cé, & Domhnall Ua Lennáin Prióir Leassa Gobhail do écc. M1380.2 Seaan mac Conchobhair mic Aedha mic Domhnaill Oicc tighearna Tire Conaill, & na n-imeal c-comhfogus dhi, & ríoghdhamna Uladh uile, & a mhac Maoileachlainn Dubh do mharbhadh i mainistir Eassa Ruaidh, la Toirrdhealbhach mac Néill Uí Domhnaill, la cloinn Cathail Oícc Uí Chonchobhair, & la Muintir Dhuirnín ar ammas aidche ina fhoslongport féin. M1380.3 Bres-mhaidhm la Mac Uilliam Búrc for Mac Uilliam Uachtarach (Riocard ----- p.676 Óg) h-i m-Baile Atha Leatrain. Mac Siúrtáin d'Exetra tighearna Atha Lethain, & Seon d'Exetra do mharbhadh ann. M1380.4 Tadhg mac Muirceartaigh Uí Briain do mharbhadh la Brian Sremach Ua Briain. M1380.5 Ruaidhri mac Cathail mic Aodha Breifnicch Uí Choncobhair do theacht ar greis ar mhuintir Ruairc, & a marbhadh la Maghnus Ua Ruairc. M1380.6 Maidhm mór-adhbhal do thabhairt la Mág Aengusa, Art, ar Ghallaibh, & ar Oirtheraibh. O h-Anluain tighearna Oirthear, & sochaidhe mór do Ghallaibh do mharbhadh don chur-sin. M1380.7 An Moirtimérach do thecht i n-Erinn immaille re mor-chumachtaibh (.i. ina Iustis). Uaisle Gaoidheal do dul ina cend im rioghdhamhna Ereann, .i. Niall Ó Néill, Ó h-Anluain, Ó Fearghail, Ó Raghallaigh, Ó Maoil Muaidh, Mag Eochagain, An Siondach, & aroile saor-chlanna. M1380.8 Art Mhág Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do gabhail tré fheill h-i t-tigh An Moirtimeraigh. Gaoidhil Ereann & moran do Gallaibh fein do ghabail eccla roime iar sin fa beith ara iocht, ionnus gur chuirset rompa gan tataighe do dhenam air. M1380.9 Art mac Gerailt Caomhanaigh do mharbhadh la Gallaibh. M1380.10 Maidhm mór do thabairt la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach ar Choncobhar Óg mac Seaain mic Concobhair mic Aedha mic Domnaill Óig, ar Ua n-Dochartaigh, ar Chloinn t-Shuibhne du in ro marbhadh morán dá maithibh. Dias dearbrathar Meic Suibhne do ghabhail ann, .i. Eoin & Murchadh. Edala aidhble do bhuain díobh d'eachaibh, d'arm, & d'éidedh. ----- p.678 M1380.11 Art mac Gearailt mic Tomáis Finn (.i. do Cloind Murchadha) do mharbhadh la Mac Murchadha rí Laighen. M1380.12 Sloighead la Cloinn Muircertaigh & la Pilib Ua Raighilligh i m-Brefne Uí Ruairc, & Tomás Macc Dhorchaid do mharbhadh dóibh. Ua Ruairc do-breith orra, & a c-cur dhó as an tír go h-aimhdheonach iar b-fágbáil coda dá n-daoinibh & da n-eachaibh dóibh. M1380.13 Cian mac Ruaidhri Uí Cherbhaill adbhar degh-thoísigh críche éle do mharbhadh d'Aodh mac Muirceartaigh Uí Maoíl Muaidh d'urchur soighde. M1380.14 Sloigheadh lasan Moirtemerach go h-Ultoibh gur milleadh dúinte & bailte iomdha don toiscc-sin lais eitir ecclais, & túaith, an Urnaidhe, Domhnach Mór, Aireaccal, & Clochar, et cetera. M1380.15 Corbmac Óg Mag Carthaigh, Enrí mac Domhnaill Uí Fherghail, Aodh mac Muircertaigh Mhuimhnigh Meg Eochagáin, & Domhnall mac Dauidh Meg Eochagáin d'ég. M1380.16 Domhnall mac Briain Uí Dhubhda tighearna Ua f-Fiachrach, & Ó n-Amhalgaidh fear cosanta a criche d'aimhdheoin Ghall & Ghaoidheal batar ina aghaidh do ég ina baile budhdhéin an .3. Mai, & a mhac Ruaidhri do ghabhail a ionaid. ----- p.680 Annal M1381. M1381.0 AOIS CRIOST, 1381. Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a h-aon. M1381.1 Dealb Muire Chille Móire i n-Uibh Briúin do labhairt co h-iongnath. M1381.2 Uilliam mac Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine aon-dhuine ro ba mó clú, aireamh, & oirrdearcus don chineadh da m-baoi, & an fear tug gairm coitchionn einigh do chliaraibh Ereann, & do dhíol iad do reir a n-oigréire uile, do écc ina Shenoir chian-aosda iar m-buaidh n-aithrighe, & Maol Sechlainn a mhac do ghabhail a ionaidh. M1381.3 Tadhg Ruadh Mac Diarmada Gall 'ga m-baoi urlamhus Airtigh do mharbhadh la Cloinn Goisdealbhaigh. M1381.4 Diarmaitt Mhág Carthaigh adbar tighearna Deasmhumhan do mharbhadh d'Ua Mathgamna. M1381.5 Ceindeidigh Mac Briain ó c-Cuanach do mharbhadh la Gallaibh. M1381.6 Clann mic Fedlimidh Uí Concobhair d'ionnradh do Ruaidhri Ó Choncobhair & Baile an Tobair do buain díobh. M1381.7 Cathal mac Ruaidhri Uí Chonacobhair do ghabhail la Brian m-Ballach iar sin co crodha cosccrach i m-Beól an Tachair, & daoíne maithe immaille ris im Brian Ua m-Birn, & im Lochlainn Ua n-Ainlighe dia m-batar occ filleadh ó Chonmhaicne Dúin Móir, Brian da congbail aige i m-braighdenus co b-fuair a breth fein ó Ua c-Concobhair & go n-dernsat síth as a h-aithle. ----- p.682 M1381.8 Caislen Atha Luain do gabhail don Iarla (an Moirtemerach) & mac Riocaird an t-Sonnaigh do marbhadh ann. M1381.9 Caislen Atha Leathain do legadh do Cloinn n-Donnchaidh & a chomh-la do thabhairt doibh go Baile an Mhotaigh. M1381.10 Ua Duinn do mharbhadh d'Feraibh Ceall dia m-baoi ag denomh creichi orra. M1381.11 Pilib Ua Cinneidigh tighearna Urmhumhan, & a bean Aine ingean Meic Con Mara do écc. M1381.12 Slóigheadh la Niall Ó Néill i n-Oirghiallaibh, creacha móra do dhenomh dóibh, & Airghialla dia lenmhain gur briseadar ar deireadh sluaigh Uí Neill, & gur bensat cuid da c-creachaibh dhíobh.Donnchadh mac Maghnusa Mheg Mathgamhna do mharbhadh don tachar-sin. M1381.13 Sir Émann Mortemer tighearna Gall Ereann d'écc. M1381.14 Dub Cablaigh inghean Aedha Meic Diarmata ben Chathail Ruaidh Mhég Raghnaill, Lasairfhíona ingen Toirrdealbhaigh Uí Concobair bean Mheg Raghnaill, Fionnghuala inghen Con Maighe Ui Chatháin bean Toirrdhealbhaigh Meic Suibhne, Sadhbh inghen Uillic A Búrc ben Uí Choncobair, Dubh Coblaigh inghen Uí Choncobhair Fhailgigh ben Domnaill mic Teaboid Uí maoíl Mhuaidh, & Laisairfhiona inghen Ferghail Uí Duibhgennáin bean Uí Mithidhéin an Bhealaigh d'écc. M1381.15 Eoghan Sionnach tanaisi Muintire Tadhgain do mharbhadh do Dalatúnachaibh. M1381.16 Aodh mac Muircertaigh Mhuimhnigh Mhécc Eochagáin do mharbhadh do Maoilir mac Teaboitt Uí Mhaoil Mhuaidh ar iomruagadh do buille ga. ----- p.684 M1381.17 Ua Murchadha do mharbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh. M1381.18 Dunghalach Ua Madadhain do mharbhadh i n-iommruaccadh la Cloinn Riocaird. M1381.19 Raghnailt inghen Mhecc Bradaigh bean Meg Dorchaidh d'écc. M1381.20 Eoghan Ó Cuinn taoiseach Mhuintire Giollgán do écc. M1381.21 Domhnall Ó Murchudha tighearna Ó f-Félimedha do marbhadh la h-Uibh c-Ceinnsealaigh. M1381.22 Pilib mac meic Pilib Uí Ceinnéidigh tighearna Urmhumhan, & Aini inghean Meic Con Mara a bhean do écc ina n-dís. Annal M1382. M1382.0 AOIS CRIOST, 1382. Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchat, a dó. M1382.1 Tomás Ua Carmacain epscop Tuadhmuman, Matha Mag Muireadhaigh prioir Cille Moire d'écc. ----- p.686 M1382.2 Diarmaid Ó Domhnaill, mac-sidhe Eoghain (.i. mac na h-Inghine Ruaidhe an t-Eogan hi-sin) mic Aodha mic Domhnaill Óig adhbhar tigherna Tire Conaill d'ég. M1382.3 Labrás Diúid do mharbhadh la cloinn t-Seaain Uí Fhearghail, Murchadh, Corbmac, & Domhnall. M1382.4 Fearghal Ruadh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Mhóir Meg Eochagáin toiseach Chenel Fhiachach do mharbhadh la Fearaibh Ceall tre fheill i c-Cill Mona ó Raith Aodha Meic Bric soir. Ferghal Ó Maoíl Muaidh, & mac Teabóid do-rinne an ionnsoighidh, & Maoilir Maintin ro buail é. M1382.5 Cuid do thaoiseachaibh Connacht do ghabhail le Ruaidhri O c-Concobair ina oirechtus fén, .i. Ó h-Ainlighe, Ó Birn, & Mac Ceithernaigh tre mar fuair a fhios orra co m-bádar ag dénomh caradra ina aghaidh le cloinn meic Fedlimidh M1382.6 Rudhraighe mac Seaain Uí Fearghail d'ég. M1382.7 Clann Muiris d'ionnsoighidh Corco Modha, & creach do denamh dhoibh orra, & Ua Concenainn do dol i t-toraighecht na creiche, & a mharbhadh fo cetoir. Concobar Óg Mac Diarmata cona braithribh d'ionnsoighidh Cloinne Muiris iar sin, & ----- p.688 ro badh do-rochtain rompa, Clann Muiris cona t-tionól do beith suidighthe ar a c-cionn. Iad-somh do dhul da n-aimhdheóin gusan m-baile, a losccadh doibh eidir foirgneamh & arbar, & daoine dho mharbhadh ina timcheal & imthecht do Chonchobhar gona mhuintir as a h-aithle tre neart a n-engnamha gan dioghbhail do dhenamh d'aon-chuid diobh. M1382.8 Creach-sluaigheadh la Murchadh Ua m-Briain go Desmumhain gur ro-s-leraircc í. M1382.9 Domhnall mac Mathgamhna Duinn Ui Cheinneittigh, & Emann Ócc mac Emainn Buitiler do écc. M1382.10 Muircertach mac Mathgamhna Maon Maighe Uí Briain d'écc h-i b-priosún Bhaile Atha Truim. M1382.11 Domhnall Ó Briain, Toirrdhealbhach mac Diarmata Uí Briain/, & Brian mac Diarmata Uí Briain do cloinn Briain Ruaidh do écc. M1382.12 Giolla Brighde Ó Sgingin adbar ollamhan Chinél c-Conaill do écc. M1382.13 Muircertach Ócc mac Meic Maghnusa Tiré Tuathail do écc. M1383.0 AOIS CRIOST, 1383. Aoís Críost, míle, trí chéd, ochtmhoccat a trí. M1383.1 An t-abb Mac Dauit, .i. abb na Búille Saoi ar dérc & ar daonachtt do écc. M1383.2 Tadhg Mac Donnchaidh (.i. mac Tomaltaigh mic Donnchaidh o raiter Clann n-Donnchaidh) tighearna Tíre h-Oilealla fear lán d'féle & d'eineach do écc Aine an Chésda & a mhac Tomaltach do gabail a ionaidh. M1383.3 Sloigheadh mór le Niall Ó Néill cona cloinn, & go maithibh Cenél Eoghain i t-Trian Conghail d'ionnsoighidh for Ghallaibh, gur loisgeadh & gur lomairgeadh iomat da m-bailtibh. Goill na criche do chruinniughadh ar a c-cionn. Aodh Ó Néill, ----- p.690 & Raibilin Sauaois do thegmhail re aroile i n-iomruagadh marcshluaigh, da forgomh for-nertmara da c-craoíseachaibh do tabairt h-i c-curpaib aroile doibh. Raibilin do dul beoghonta dia thigh & Mac Eoin Biséd da athmarbhadh ann, & Aodh Ua Néill do écc an treas lá iarna lot tria bithin a ghona. & Mac Eoin Bisett do marbhadh la muintir Raibhilín an tres lá iar marbhadh Raibhilín feisin. M1383.4 Muircertach Ua Flannagain taoiseach Thuaithe Ratha, & Corbmac mac Airt Mhecc Uidhir d'écc. M1383.5 Seaan Mac Gaffraidh & Maghnus Mac Dauith do mharbhadh in en-ló. M1383.6 Art mac Tomais Fhinn do Chloinn Murchadha ríoghdhamhna Laighen do mharbhadh do Ghallaibh Condaoí Locha Garman. M1383.7 Pláigh aidhbhseach anbhfóill go comchoitchinn seachnon Érionn. M1383.8 Art Mag Aonghusa tighearna Ó n-Eachdhach Uladh én-phost einigh Ereann ina aimsir, d'écc don plaigh i m-Baile Átha Truim, & é i láimh occ Gallaibh. M1383.9 Murchadh na Raitnighi Ó Briain, Mor inghen Murchadha Uí Madadhain bean Meic Uilliam Cloinne Riocaird (.i. Riocard), Siobhan inghen iarla Urmhumhan ben Taidhg Uí Cherbaill tighearna Éle, d'ég di. M1383.10 Murchadh mac Briain Uí Chinneidigh, Donnchadh an Chúil Mac Mathghamhna tighearna Corca Bhaiscind, Eoghan mac Donnchaidh mec Ruaidhri Uí Cheallaigh, & Lundrasach Bhaile átha Buidhe d'écc. M1383.11 Fonntach Tighe Munna, & Inghen Uí Briain ben Uí Chinneidigh do écc. M1383.12 Onara inghen Uilliam Burc ben Uí Mhechair. Mac Giolla Patraicc tighearna Osraighe, & Mac Ceallaigh Meic Giolla Patraicc tanaisi Osraighe d'écc uile don pláigh cédna. M1383.13 Diarmait Ó Diomusaigh tighearna Cenel Maoil Ughra do mharbhadh la Gallaibh. ----- p.692 M1383.14 Donnchadh O Concobhair tighearna Ciarraighe Luachra, & Maoileachlainn Mhag Shamhradain tanaisi Theallaigh Eachdach d'écc. M1383.15 Seaan mac Domhnaill Uí Fherghail tighearna na h-Angaile d'écc i l-Lios Aird Abla & a adhnacal i mainistir Leath Rátha. M1383.16 Cathán mac Ruaidhri Uí Chatháin, Seaan Gallda mac an iarla, Uilliam Baróid, & Ruaidhri mac Aedha Óig Uí Maoil Mhuaidh tigherna Fer c-Ceall do écc. M1383.17 Ruaidhri mac Airt Meg Uídhir do mharbhadh la mac Donnchaidh Meg Uidhir. M1383.18 Diarmait Mac Diarmata tanaisi Maighe Luircc do écc. M1383.19 Ferghal mac Tomais Mec Tighearnain,taoíseach Tellaigh Dunchadha do écc. M1383.20 Murchadh mac Cathaoir Uí Choncobhair Fhailghe do écc. M1383.21 Milig Mac Oisdelb do marbhadh la cloinn Fhiachra Uí Fhloinn. M1383.22 Iomhar Ó h-Áinlighe adhbar taoísigh Chenél Dobhtha do mharbhadh la a chineadh fein. M1383.23 Cathal mac Sefraidh Uí Fherghail do écc. M1383.24 Diarmaitt Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do dhénamh creiche ar Ua Ruairc. Annal M1384. M1384.0 AOIS CRIOST, 1384. Aois Criost, mile, tri chéd, ochtmhocchatt, a cethair. M1384.1 Seon Mac Giolla Coisccli, maighistir, airchindeach, & pearsun Airigh Broscca d'écc. M1384.2 Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair Rí Connacht d'écc don pláigh chedna aidhche Fhéli Catairiona iar c-caithemh sé m-bliadhan dég & ráithe i láin-ríghe Connacht amail dearbhus an file Maoilin Ua Maoíl Conaire i n-duain an réme riograidhe. ----- p.694 1. Fuair Ruaidhri Rioghdha an snaithe, A sé décc as degh-ráithe Do Chruachain Aoí gan iorghail, Mac tacharborb Toirrdhealbhaigh. Dá thigherna do dhenomh h-i Conachtaibh iar sin, i. Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha mic Toirrdhealbhaigh do oirdneadh h-i t-tighernus d'Ua Cheallaigh, do Chloinn Riocaird, do Domhnall mac Muirchertaigh Uí Concobair, & do Chloinn n-Donnchadha archena, & Toirrdhealbhach Ruadh mac Aedha mic Félim mic Aodha mic Eóghain do oirdnedh h-i t-tighernus mar an c-cedna do Mhac Diarmata, do Cloinn Muircertaigh Muimnigh, & do thaoiseachaibh Sil Muireadhaigh archena, gur ro fhás coccadh h-i c-Connachtaibh uile h-i coitcinne iar sin co m-batar ar na c-commbuaidhreadh tremhid. M1384.3 Mag Raghnaill (.i. Mág Raghnaill Dubh ).i. Diarmait mac Maoileachlainn sár-thaoiseach einigh & engnamha Muintire h-Eólais do mharbhadh tre fheill la cloind Raghnaill Meg Raghnaill i n-dorus tighe Risdet Mecc Raghnaill. M1384.4 Muircheartach Ó Conchobhair tigherna Ó bh-Failghe d'écc iar c-cian-aois. M1384.5 Tomaltach Mag Dorchaidh taoiseach Cenél Duachain do mharbhadh la a scín fén, & é ag cur chru. M1384.6 Comhdhal oirechtais eidir Ua b-Flaithbeartaigh & Ua Máille. Imresain do eirghe etorra da t-torchair Eoghan Ó Máille, Corbmac Ó Máille (.i.Corbmac Cruinn), & sochaidhe immaille friu la muintir Fhlaithbeartaigh. M1384.7 Carrac Fherghusa do losccadh la Niall Ó Neill, & nert mór do chor ar Ghallaibh dó. ----- p.696 M1384.8 Cu Connacht Ua Ferghail (.i. mac Aodha) tigherna Mhoighe Treagha, & Seffraidh Ó Ferghail d'écc. M1384.9 Uilliam mac Sir Émann a Burc, & Riocard mac Maidiucc mic Tomin Baired feichem coitchionn na c-cliar do écc. M1384.10 Uigistin Ua Duibhgennáin ollamh Chonmhaicne re senchus d'écc. M1384.11 Ualgharcc Ua Ruairc degh-adhbhar Breifne do bathadh ar Loch Gamhna. M1384.12 Pilip Ua Raghailligh tigherna Muintire Maoíl Mordha do écc. M1384.13 Maoilir mac Sir Uilliam Burc do mharbhadh do easccar, Seaan, & Dauit da mhac ele Meic Uilliam Burc do écc don plaigh. M1384.14 Maghnas mac Maoilechlainn Uí Fherghail, Tomaltach mac Cairpre Uí Fherghail, & Ferghal mac Cathail Uí Fherghail do écc. M1384.15 Sluaiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh gona oirechtaibh i Maigh Luircc go ro lóiscc longport Meic Diarmata. M1384.16 Donnchadh Ó Dubhda do écc, a mhac Muirceartach do ghabháil a ionaidh. M1384.17 Domhnall mac Flaithbertaigh Uí Ruairc do écc. Annal M1385. M1385.0 AOIS CRIOST, 1385. Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a cúig. M1385.1 Dauith mac Emainn mic Hoiberd do ghabhail la h-Ua c-Conchobhair, & a écc iar sin ina braighdenus i m-Baile an Topair. ----- p.698 M1385.2 Sluaigheadh la h-Ua Ruairc & la mac Donnchaidh gona saor-clannaibh leth ar leth go Magh Luirg, gur loisccset longport Meic Diarmata, & an tír uile i coitchinne, mac Seaain Uí Eaghra do mharbhadh i t-toraigheacht an t-sluaigh-sin, & a brathair oile do ghabháil. M1385.3 Feidhlimidh Clereach Ó Conchobhair & Conchobhar Óg Mhac Diarmada do dhul ar sluaigheadh co Tír n-Oilella. Raibhthe do-rochtain rómpa, oirchill do dénomh fa c-comhair. Iad-somh do dhul fon tír iaram, daoine, & indile do mharbhadh doibh innti, lucht iomchoimheda na criche do-breith orra iar sin, tachor dhóibh fri aroile. Cathal Cairpreach Mac Donnchaidh do marbhadh, Concobhar Mac Diarmada do ghabhail & Feidlimidh Ó Concobhair do lot. M1385.4 Ionnsoighidh do thabhairt do Muirchercach mac Cathail, do Corbmac mac Ruaidhri, do Tadhg Mac Diarmata, & do Chathal Mac Diarmata for Mág Raghnaill Ruaidh, & for Aodh Ua c-Concobhair. A n-gabháil diblinibh doibh, & a m-breith go Carraic Locha Cé da c-coimhéd. M1385.5 Cathal Ua Ferghail degh-adhbhar tigherna na h-Anghaile, & Cú Maighe Ó Cathain tighearna Oirectha Uí Chatháin do écc fo rinn airmhe & oirrdearcais. M1385.6 Ua Concobhair Ruadh, Mac Diarmata, clann Muircertaigh, & taoisigh Connacht do dhul sluagh lan-mór go h-Uíbh Maine. Baile mic Emainn Uí Cheallaigh do losccadh doibh. Uilliam Buidhe Ó Neachtain do marbhadh don chur-sin. M1385.7 Fir Bréifne, & muintir Thíre h-Oilella do theacht a c-comhdhail Uí Choncobair ----- p.700 Duinn. Ionnsoighidh do thabhairt doibh go Corc' Achlann gur loisccedh moran da m-bailtib leo, & gur gerradh iomad da n-gortaibh. M1385.8 Tír Fiachrach do losccadh do Mhac Uilliam Burc. A dhul go Slicceach as a h-aithle & a losccadh lais mar an c-cedna imaille re Cairpre abus, tachar do thabhairt dó annsin.M' áidecc Maol do mhaithibh a muintire do mharbhadh, & braigde do buain de as a h-aithle. M1385.9 Tir Amhalgadha do losccadh la Domhnall mac Muircertaigh Uí Choncobhair, sochaidhe do dhaoínibh do marbhadh, édála móra do dhenamh do innte, & braighde dá maithibh do thabhairt dó lais iar sin. M1385.10 Maidhm do thabhairt la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failghe & la Cenél Fhiachach for Ghallaibh na Midhe i t-Tóchar Cruacháin Brí Éle in ro marbhadh Uinnsionnach na Midhe, An Seomrach, & a mhac, & líon dírímhe immaille friú do mhaithibh Gall, & dá n-daoscur-sluagh. M1385.11 Tanaidhe Ua Maol Conaire ard-ollamh Connacht i senchus, & i f-filidhecht d'écc (.i. im Lughnasadh) ina tigh féin iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe, & a adhnacal i Cluain Choirpthi co h-onorach. M1385.12 Sith do dhenomh do Connachtaibh re roile, & Síol Muireadhaigh do roinn ar dhó etir an dá Ua Conchobhair. ----- p.702 M1385.13 Art mac Airt Mhoir Uí Mhaoileachloinn; Dearbforgaill inghean Chathail Óig bean Uí Chonchobhair Ruaidh, & Bean Mhidhe inghen Mécc Mhathgamhna ben Uí Neill d'écc. M1385.14 Giolla Criost Mac Gille Finnéin taoiseach Mhuintire Pheodachain d'écc. M1385.15 Creacha mora la Cloinn n-Donnchaidh i c-Cera. Clann Cathail Óig Uí Concobair do-breith orra, Sdondunaigh, & mor-sochaidhe oile immaille friú,Maidhm do thabhairt for Chloinn n-Donnchaidh, moran da n-daoínibh do marbhadh, & iad féin do chor isteach i c-Cill Chonduib as a h-aithle. ----- p.704 Annal M1386. M1386.0 AOIS CRIOST, 1386. Aois Criost, míle, trí chéd, ochtmhocchatt, a sé. M1386.1 Aine inghen Taidhg Meic Donnchaidh ben Tighernáin Uí Ruairc (tighearna Breifne) aon-rogha ban Leithe Cuinn d'écc i t-Tuaim Seancha acc Loch Fionnmaighe, & a h-adnacal i Slicceach. M1386.2 Cairbre mac Briain mic Murchadha Ui Fearghail tigherna Calaidh na h-Anghaile, fear tiodhlaictheach tabhartach crodha cosantach d'écc ier m-buaidh n-anma & n-oirrdearcais, ongtha & aithrighe. M1386.3 Niall mac Con Choiccriche Óig Mhéicc Eochagain adhbhar tigherna a chinidh do mharbhadh la h-Uilliam n-Dalatún, & la a mhac. M1386.4 Maghnus mac Aedha Meic Diarmada do mharbhadh do Dhalatúnachaibh bheos. M1386.5 Sloigheadh mór la Domhnall mac Muircertaigh Uí Chonchobhair, la Cloinn n-Donnchaidh, la h-Ua n-Dubhda, & la Muintir Eaghra i c-crich Meic Uaittin. A h-ionnradh, & a h-arguin uile don chur-sin, & morán do daoínibh do mharbhadh im Roiberd Dúin Domhnainn, & im Mac Maoilir an Chorrainn, & im M'Aigeocc Gallda, & caislen Lionoid do gabhail, aball-ghort Caertannain, & aball-gort Insi Cua do gearradh leó. M1386.6 Ereamhon Ua Maoileachloinn do marbhadh do Mhag Amhalgaidh & do Dalatunachaibh. M1386.7 Ua Concobair Ruadh cona b-fuair lais do Chonnachtaibh do dhul do chongnamh le Mac Uilliam Búrc i n-aghaidh Domhnaill mic Muircheartaigh & Cloinne ----- p.706 Donnchaidh. Creacha mora do thabairt a Tír Fiachrach Mhuaidhe dhóibh. A n-dul iar sin for creach-ruathar i Cloinn Riocaird. O Briain do breith orra go mór-sluagh imaille ris, & Mac Uilliam Cloinne Riocaird mar an c-cedna. O Conchobair Ruadh d'iompúdh friú. Maidhm do tabhairt dho forro, & Conchobhar mac Taidhg mic Conchobhair Uí Briain do mharbhadh leo do ruathar-sin. M1386.8 Sochaidhi do Ghallaibh Osraighe do thuitim la Mac Murchadha rí Laighen. M1386.9 Domhnall Mhág Cochláin tighearna Delbhna d'écc. M1386.10 Finghin mac Ruaidhri Mag Eochagain do mharbhadh. M1386.11 Sith do denumh do Connachtaib re aroile a h-aithle a c-cogaidh, & Mac Uilliam Burc do dhul i teach Meic Uilliam Cloinne Riocaird, & tighearnas do thabhairt dó. Mac Feorais do dul ina theach on mudh c-cetna. M1386.12 Donnchadh Mac Caba do mharbhadh la cloinn Maghnusa Uí Raghallaigh. M1386.13 Cathal Ó Nechtain do mharbhadh la h-Ó c-Concobhair Ruadh. Annal M1387. M1387.0 AOIS CRIOST, 1387. Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a Seacht. M1387.1 Teach do dhenom in Eamhain Macha do Niall Ó Néill (do rígh Uladh) do díol dámh Éreann. ----- p.708 M1387.2 Sadhb inghen Aodha Uí Néill aon-rogha ban slechta Néil Naoíghiallaigh re na linn bean mic Eóin Bised do écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1387.3 Riocard Ócc, .i. Mac Uilliam Cloinne Riocaird d'écc. M1387.4 Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ard-ollamh Ereann le dán & Ruaidhri Ó Cianáin saoi seanchadha, & ollamh Oirghiall eisidhe do écc. M1387.5 Domhnall mac Donnchadha Docair Mhég Uidhir, & Matha Mac Conlegha do mharbhadh i Cill Naile. M1387.6 Concobhar mac Briain Carraigh Uí Néill do marbhadh la Gallaibh an t-Sratt-baile. M1387.7 Uilliam mac Diarmada Meg Raghnaill adbar taoisigh Muintire h-Eolais do marbadh la Muintir Bhirn. M1387.8 Eoin mac Aenghusa Meic Domhnaill tighearna Insi Gall do écc. M1387.9 Diarmaitt Ruadh Ó Duirnín do écc. M1387.10 Teach do denamh i n-Eamhain Mhacha la Niall Ó Neill, ar ni bhuí tegh inti-sidhe fri ré inchein go sin. ----- p.710 Annal M1388. M1388.0 AOIS CRIOST, 1388. Aoís Criost, míle, trí chéd, ochtmocchatt a h-ochtt. M1388.1 Corbmac Mac Donnchaidh riogh-ghaiscceadhach Thíre h-Oilella, & a tanaisi do dhol ar creich oidhche i Muigh Luirg. Creacha mora do dhénomh lais. Ó Concobhair Ruadh, clann meic Fedhlimidh, clann Chathail Óicc Uí Chonchobhair, & clann Aedha Meic Diarmada .i. Cathal, & Corbmac gona sochraidibh da leanmhain i t-toraighecht na c-creach. Corbmac Mac Donnchaidh do gabáil deireadh for a muintir fein. Chuid do muintir Uí Choncobhair da ionnsoighidh cédus, & a m-beith 'ga ammus gan choigill, Ua Concobhair fein do-breith orra, & do smachtadh ara muintir gan eisiomh do mharbhadh da n-damhadh a ghabháil. Gidh edh nochar fhaomhsomh anacal gur beccen a marbadh fo dheoidh & ní raibhe da chineadh cobéis dó ar eineach, & engnomh go sin. Concobhar Mac Donnchaidh, Murchadh mac Corbmaic Meic Donnchaidh, & Mac Diarmada Ruadh do ghabháil iar sin, & braigde do dhénomh dhíobh. O Concobair Ruadh da leanmain tar sliabh síos iaramh & Clann n-Donnchaidh do thecheadh roimhe fo chúil maile & fó íochtar Tire h-Oilella. M1388.2 Muircertach mac Domhnaill mic Muirchertaigh Uí Chonchobhair do dhul fo fhoslongphort Uí Domhnaill i c-comfhogus Essa Ruaidh & daoíne iomdha do mharbhadh lais don ionnsoighidh-sin im cloinn Uí Bhaoighill, & im Ua n-Gallcobair cona m-braithribh. Mac Suibne & a mac do ghabail do, & a t-tabhairt lais iaram immaille re h-édáil each arm & eideadh, & Clann Muirchertaigh do iompúdh for Ua n-Domhnaill don chur-sin. M1388.3 Seaan Ruadh Ua Tuathail tigherna Ó Muireadhaigh cleithe einigh & engnomha ----- p.712 a chinidh do mharbhadh do mhoghaidh da mhuintir féin ar lár a longpuirt feisin, & an bodach do mharbhadh inn fo chéttóir. M1388.4 Clann Uí Chuirrnín, Siodhraidh, Cairpre, & Giolla Patraicc do mharbhadh la Gallaibh Laighen. M1388.5 Creacha móra do denomh Ua Conchobhair Ruadh & da Mac Diarmada ar Ua c-Concobhair n-Donn & coccadh coitchionn d'eirghe h-i c-Connachtaibh as a loss. Mac Donnchaidh do losgadh Muighe Luirg trias na creachaibh remraite. M1388.6 Cú Coiccriche Ó Maoíl Mhuaidh tigherna Fer c-Ceall do écc. M1388.7 Commbuaidhreadh coccaidh eidir Ua Ruairc & Clann n-Donnchaidh. M1388.8 Domhnall Ua Concobhair do dul ar Machaire Connacht. Ard an Choillín, & Inis Locha Cairrgín do losccadh lais & Domhnall Óg Mac Domhnaill (.i.consabal gallocclach) do mharbhadh don toiscc-sin. M1388.9 Sluaigheadh la h-Ua n-Domnaill .i. Toirrdhealbhach an Fhiona, ar Cloinn Muirchertaigh go rainic co Sligeach co ro h-indreadh & co ro h-oirgeadh Cairpre Droma Cliabh uile lais & iar marbhadh sochaidhe & iar n-indradh na criche don chur-sin do thaet Domhnall mac Muircertaigh i teagh Uí Dhomhnaill co n-derna sidh fris, & do-bert a oighriar n-dó la taobh na n-giall ro gabhadh ó Chenél c-Conaill riasan tan-sin. M1388.10 Coccadh eittir Ua Ruairc & Clann n-Donnchaidh, & Domhnall (.i. mac Muirceartaigh) do eirghe le Cloinn n-Donnchaidh. M1388.11 Maghnas mac Maoileachlainn Meic Maghnusa do mharbhadh la cloinn Meic Donnchaidh, & la Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh. ----- p.714 Annal M1389. M1389.0 AOIS CRIOST, 1389. Aois Criost, mile, trí chéd, ochtmoghat, a náoi. M1389.1 Biocaire Innsi Caín d'écc. M1389.2 Niall Ócc Ó Neill do ghabhail do Ghalloibh. M1389.3 Muiris Maol Ua Concobair Failge do marbhadh d'aon-urchor soighde ag tempall Cluana Da Thorc la fer d'Uíbh c-Ceallaigh Legi. M1389.4 Maoilechlainn Cam Ua Lochlainn tighearna Corc' Modruadh do marbhadh la a derbrathair fein i b-feill. M1389.5 Eoghan Ó Ruairc & clann Cathoil Óicc do dhul go Caislén an Uabhair. Marcsluagh Muintire h-Éilighi d' eirghe dóibh. Ruaig do thabhairt orra. Maghnus Ó h-Élighi do marbhadh annsin, & daoine oile. Creacha Muintire h-Élighi do denamh doibh iaramh, & Muircertach ó h-Élighi do mharbhadh. Sith do dhenamh d'Ua ----- p.716 Ruairc, do Dhomhnall mac Muircertaigh, & do Cloinn n-Donnchaidh iar sin re 'roile. Sith do denamh do Mhac Diarmata & do Cloinn n-Donnchaidh beos, & na braighde do benadh do Cloinn n-Donnchaidh roimhe do tabhairt doibh, & Cathal Mac Diarmata baí i m-braighdenus ag Cloinn n-Donnchaidh do leiccen amach iar snadmadh na síodha rémraitte. M1389.6 Creacha Tíre Conaill do denamh do Domhnall mac Muircertaigh. M1389.7 Raghnall Mag Ruairc flaith Teallaigh Conmasa d'écc. M1389.8 Brian mac Domhnaill Oícc Uí Raighilligh do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh. M1389.9 Maghnus Ua Ruairc do gabhail do Corbhmac Ua Ferghail tre tangnacht. M1389.10 Aiffric inghen Aodha Uí Néill, bein Henri Aimhreidh Uí Néill, do écc. Annal M1390. M1390.0 AOIS CRIOST, 1390. Aois Criost, míle, trí chéd, nochat. M1390.1 Niall Ó Taichlich canánach coradh Clochair, & comharba Daimhinnsi d'écc. M1390.2 Petrus Ua h-Eoghain deccánach Locha h-Erne, & Parthalón Ó Conghaile canánach, & sacrista Lesa Gabhail d'écc. M1390.3 Coccadh mór etir Ua Ruairc & Ó Raighilligh. Anghailigh, & Eolasaigh, & ----- p.718 Clann Muircertaigh do thocht fo toghairm ar coccaidh isin tré sheoladh Domhnaill mic Muircertaigh, & Tomaltaigh Meic Donnchaidh. M1390.4 Maghnus Ó Ruairc baí i m-braighdenus ag Ua Raighilligh i c-cloich Locha h-Uachtair d'elodh esde, & tarraing dó go caislén Locha an Sccuir. Clann Muircertaigh d'faghbail bratha air, & a marbhadh doibh ag teacht as coite amach do. M1390.5 Sith do denam d'Ó Ruairc, & d'Ua Raighilligh, & comtha móra d'faghail d'Ua Raighilligh ar son easccarat Uí Ruairc d'athcur, & d'ionnarbadh uaidh. Eogan Ua Ruairc, & mac Cathail Riabhaigh do tabairt do i n-gioll ris na comhtaibh-sin. M1390.6 Clann Muircertaigh & Teallach Dunchadha do denamh imerce neirt ar Muintir Ruairc im Fhiodh Ua Fionnoicce, & im Sliabh c-Corrain, & im Cenél Luachain.Iarna fhios sin d'Ua Ruairc (& é i n- Glionn Gaibhle an tan-sin) rucc a imirgedha lais fo bharr Chenél Luachain. Ionnsaighidh do thabhairt dó forro-somh, maidhm forra roimhe, & marbhadh do beith ar a n-ellaigibh & ar a n-daoínibh o Bheal Atha Doire Dubain go mullach na t-Tulach m-Brefnech. M1390.7 O Raighilligh, .i.Tomás mac Mathgamhna d'écc, & Seaan mac Pilip Uí Raighilligh do gabhail tighearnais. ----- p.720 M1390.8 Caislén Chille Barrainne do briseadh la Domhnall mac Muircertaigh. M1390.9 Brian Mac Aodhaccain ollamh na Brefne i m-breithemhnas d'ecc, & Seaan (.i. oifficel Mac Aodhacain) fear ionaid Briain do marbhadh ceitheora h-oidche ria Nodlaic. M1390.10 Duibhgionn Ua Duibhgionnáin ollamh Conmaicne i senchus d'écc. M1390.11 Ferghal Ua h-Eghra tigherna Luighne d'ecc. Annal M1391. M1391.0 AOIS CRIOST, 1391. Aois Criost, míle, trí chéd, nochat, a h-aon. M1391.1 Ua Ruairc, .i. Tigernan do dhul i c-coinne Uí Raighilligh, Sheaain, go Druim Lethain uathadh sochraide. O'd-chualatar Clann Muirceartaigh Uí Choncobhair sin tiaghoid foir-lion roimhe ar Bealach an Chrionaigh. Brisis Ó Ruairc cona beccán buidhne orra, & marbhais Seaan mac Mathgamhna Uí Choncobhair, & Donnchad mac Aodha an Cleitigh da laim budein genmothá ar marbsat a muintir don cuid ele díb. M1391.2 Domnall Ócc Mág Cárthaigh tigerna Desmumhan d'écc, & a mhac Tadg do ghabhail tigernais na dheoidh. M1391.3 O h-Anluain taoiseach na n-Oirther do mharbhadh da bhraithribh fein tre fheill. ----- p.722 M1391.4 Mac Gilli Muire (.i. Cu Uladh Ua Morna) taoiseach Ua n-Erca Cein & Leithe Cathail do mharbhadh da brathair budhein. M1391.5 Tadg mac Gille Coluim Uí Uiginn, & Be Bhinn inghean Uí Maoil Conaire ollamh dersccaighte i n-dán, & i n-daonnacht d'écc iar n-aithrighe. M1391.6 Corbmac Maol Ua Ferghail do mharbhadh h-i f-fiull la Gallaibh. Annal M1392. M1392.0 AOIS CRIOST, 1392. Aois Criost, míle, tri céd, nochat, a dó. M1392.1 Grigoir Ua Mochain aird-easpucc Tuama saoí cráibdheach deshercach do écc. Enrí Aimhreidh mac Neill Móir Uí Néill rioghdamhna Cenél n-Eoghain, & degh-adhbhar aird-righ Erenn do chert, d'uaisle, & d'einech d'écc, fo fhel Brénoinn iar m-buaidh n-ongtha, & n-aithrighe. M1392.2 Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabhail la Toirrdhealbhach an Fhíona Ua n-Domhnaill tigerna Tire Conaill. Creacha, & urtha aidble do dhenamh dó ar mac Enrí cona muintir an la cedna. M1392.3 Mor-sluaigheadh la Niall Ua Neill Rí Chenel n-Eoghain go maithibh in chuiccidh ime do shoighidh Gall Tragha Baile agus Duini Dealgain, nert do chur orra dó don dul-sin, & Seffín Faoít do thuitim lais iar t-tabhairt tachair doibh du 'roile. ----- p.724 M1392.4 Sloiccheadh mór do-breith d'Ua c-Concobhair Donn (go n-urmhór maithe Connacht ina fharradh) go h-Uibh Maine. An tír do losccadh & do lomarccain doibh. O Concobhair Ruadh dia lenmain. Cathal mac Aodha Uí Ruairc do bheith ar deiredh slóigh Uí Choncobhair Dhuinn, & a ghabhail la h-Ua c-Concobair Ruadh, & sochaidhe da muintir do marbadh. M1392.5 Condaois Desmumhan inghen iarla Urmumhan, ben derlaictheach deigh-einigh d'écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1392.6 Toirdhealbhac Mac Briain ó c-Cuanach Ruaidhri mac Donnchaidh Uí Cherbhaill tánaisi Eile, & Fionnghuala inghen Maghnusa mic Cathail Uí Concobhair d'écc. M1392.7 Diarmaitt Mag Eochagain taoiseach Cenel Fiachach do ecc. M1392.8 Sloiccheadh mór la h-Ua Neill, Niall, & la cloinn Enrí Uí Néill co n-Ulltoibh uile h-i c-Cenél c-Conuill for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbach. Sloigheadh ele la Domhnall mac Muirchertaigh cona braitribh for Ua n-Domhnaill beós. Creacha an tire do teicheadh fo diamraibh, & fo dhroibhélaibh, & Ó Domhnaill cona shochraitte do beith for cúl a mhuintire. Ni ro h-anadh lasan sluagh c-connachtach go rangatar go Cenn Maghair. Fo gabhaitt édala an dú-sin. Ticc Ua Domhnaill cona sochraitti ina lenmain go raímheadh forra go ro marbaitt sochaidhe diobh im mac Donnchaidh Még Cába. Dála Uí Níill & cloinne Henri cona slogh ro h-aircceadh leo-sidhe críoch Uí Dochartoigh eittir cill & tuaith, & ní ro h-anadh leó-sidhe go rangatar go Fearsaitt Mhoir i n-aireas catha d'Ua Domhnaill. Battar athaidh aghaidh i n-aghaidh amhlaidh-sin. Cona eadh do-ronsat sídh do denamh fo deoidh. ----- p.726 M1392.9 Crecha la h-Ua n-Domhnaill ar cloinn t-Seain Uí Domhnaill, uair báttar iad-sidhe baí ag tarraing Cloinne Muircertaigh, & d'eolus rempa ar an sluaigheadh remhraite. M1393.0 AOIS CRIOST, 1393. Aois Criost, míle, trí céd, nochat, a trí. M1393.1 Seaan mac Seaffraidh Uí Raighilligh espucc na Breifne d'ecc. M1393.2 Matha Ua h-Eoghain caibellán Innsi Caín d'écc. M1393.3 An Sacart Ó Clérigh do écc. M1393.4 Aodh mac Concobair (.i. mic Tomaltaigh) Meic Diarmada tigerna Moighe Luirg d'écc iar m-buaidh n-einigh & n-aithricche, & Cathal a mhac do bhathadh iaramh. M1393.5 Maol Ruanaidh mac Ferghail Meic Diarmada do ghabhail tigearnais Moighe Luircc tre nert & tre cuidiuccadh Thomaltaigh Meic Donnchaidh. M1393.6 Ionnsaighidh do thabhairt do chloinn Aodha Meic Diarmada go Cluain Ó c-Coindén (i c-caladh Locha Techet) ar mhac n-Diarmatta. Iombualadh do thabhairt doibh dia 'roile.Briseadh for chloinn Aodha. Concobhar & Ruaidhri dá mhac Aodha Meic Diarmata do ghabhail. Ferghal mac Donnchaidh Riabhaigh do ghabail imaille riú, & a éludh as a h-aithle. Domhnall Dubh Mac Diarmata & sochaidhe oile do mharbadh don toiscc-sin ina t-timcell. ----- p.728 M1393.7 Brian mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tanaisi Ua Maine, Ferghal Mag Samhradhain taoíseach Teallaigh Eachdhach, fer go n-úire n-einig do cliaraibh, & Maghnus Ó h-Eaghra tanaisi Luighne d'écc. M1393.8 Sith do dhénamh d'uaislibh Moighe Luircc re 'roile im roinn a n-domhgnasa, & im chomfuasluccadh a n-giall a geimhlibh. M1393.9 Raghnailt inghean Aodha mic Feidhlimidh Uí Choncobhair ben deigh-dealbhdha daonnachtach, Muiris Cam mac Ruaidhri Még Eochagain, & Brian mac Uilliam Óicc Mécc Eochaccáin d'eg. M1393.10 Edaoin inghen Cathail Oícc Uí Concobhair ben Brian mic Maoilechlainn Uí Chellaigh, Domhnall & Emann da mhac Maoileachlainn Uí Cheallaigh, & Diarmait Ua Flannaccain adhbar taoisigh Tuaithe Ratha do écc. M1393.11 Mainistir Chille h-Achaidh i n-espuccóidecht Chille Dara do dhenomh do braithribh S. Franseis la h-Ua c-Concobhair f-Failge. Annal M1394. M1394.0 AOIS CRIOST, 1394. Aois Criost, mile, trí chéd, nochatt, a cethair. M1394.1 Richard Ri Saxan do thecht i n-Erinn fo Fheil Michil, & a thecht i t-tír h-i Port Lairge & a dhol asidhe go h-Ath Cliath. ----- p.730 M1394.2 Giolla Domhnaigh Ua h-eoghain oifficel Locha h-Erne,pearsún & airchinnech Insi Caoín, Matha Mac Giolla Coisccle biocaire Claoininsi, & Lucás Mág Scoloicce biocaire Achaidh Urchair do écc. M1394.3 Iarla o Mars do thect i n-Erinn. M1394.4 Tadg mac Giolla Iosa Uí Flannaccáin taoíseach Tuaithe Ratha do mharbhadh la cloinn Dauéd Uí Flannaccain, & la cloinn Muircertaigh Uí Flannaccáin. M1394.5 Aodh Ó Díomusaigh do marbhadh la Gallaibh i lurg creiche. M1394.6 Tomás Ua Díomusaigh adbhar tigerna Chloinne Maoil Ighra do marbhadh la Saxanchaibh. M1394.7 Mac Siurtain Sean mac Maoilir tigherna Bhaile Atha Lethain do mharbhadh da braithribh i f-fell .i. clann t- Seain d'Exetra. M1394.8 Sluaicceadh la h-Art Mac Murchadha la Rígh Laighen do shaighidh Gall go ro loiscc Ros Mic Triúin cona thighibh & cona chaislenaibh, & do-rad ór & airgett & braighde laiss. ----- p.732 M1394.9 Iarla Urmumhan do tionol go Laighnibh dá milleadh gur loiscc, & gur mhill Gailine & críoch Uí Cheallaigh Mhaighe Drúchtain i Laoighis, & sóadh do dia thigh iaromh. M1394.10 Ruaidhri mac Ruaidhri Uí Neill do marbhadh la cloinn Enrí Uí Néill. M1394.11 Mac Murchadha .i.Art mac Airt do dhenamh coccaidh re Righ Saxan cona muintir go ro marbhadh sochaidhe lais, & a thocht fo dheóidh do thigh an Righ la h-aslach Gall & Gaoidheal Laighen, & ro gabhadh eisidhe tria ionnlach an Iustís .i. Iarla Urmumhan. Ro leicceadh iaramh, & ro congbadh Ó Brain, Ó Mórdha, & Sean Ó Nualláin i l-láimh dia éis. M1394.12 Mac Uilliam Burc .i. Tomás, do dhul co tech an Righ, & onóir mór d'faghbáil dó, & tigearnus & cennus ar Ghallaibh Connacht. M1394.13 Toirrdhealbhach mac Murchaidh na Raithnighe Uí Bhriain do cloinn Briain Ruaidh do dhenamh coccaidh ar mhuintir an Righ i Mumhain & i l-Laighnibh & condae Luimnigh do losccadh & do arccain dó. M1394.14 Cam Cluana Ó Dubhaccáin do mharbhadh la muintir Righ Saxan i n-Áth Cliath. ----- p.734 M1394.15 Brian mac Maoil Ruanaidh mic Fearghail Meic Diarmada adbar tigearna Maighi Luircc do mharbhadh la Maelsechlainn Clérech Mac Diarmata .i. dearbrathair a athar. M1394.16 Tadhg Ua h-Eachaidhéin saoí fhir-dhána do mharbhadh la cloinn Con Chonnacht Uí Dálaigh im ollamhnacht Uí Néill. Annal M1395. M1395.0 AOIS CRlOST, 1395. Aoís Criost, mile, tri ced, nochat, a cúicc. M1395.1 An t-epscop ócc Ó Mocháin d'écc ar slighidh na Romha. M1395.2 An biocáire Ó Flannghaile, .i. biocáire Sccríne Adamnain do écc. M1395.3 An t-oifficel Ó Tuathail, & ro ba biocáire in Iomdhaidh Feichin, fer tighe n-aoídedh oirrdeirc do écc. M1395.4 O Neill Buidhe do écc, & adhnacal in Ard Macha. M1395.5 Pilip mac Aedha Mhég Uidhir tighearna Fher Manach caithme & chosanta a chriche, fer dar lán Ére dá chlú, & da oirdearcus do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Tomás Mág Uidhir .i. An Giolla Dubh mac Pilip do ghabhail tigernais Fher Manach. M1395.6 Domhnall .i. Ua Maoile Dúin Luircc do ghabhail la cloinn Airt Mhég Uidhir i ----- p.736 f-fell i t-Termonn Dábheócc, & a chur i m-braighdenus go h-Ua n-Domhnaill, & a écc da és i n-geimhiol. M1395.7 Concobhar mac Aedha Ruaidh Még Uidhir do ghabhail leis An n-Giolla n-Dubh .i. Tomás, & lena dearbrathair Aodh Mág Uidhir & a éludh iaramh .i. a bhreith lais dia mhac fein. M1395.8 Drem do mhuintir Righ Saxan do dul ar creich i n-Uíbh Failghe, & Ua Concobhaír dia lenmain go tóchar Cruacháin, & drong mor diobh do marbhadh, & tri fichit each do bhein díobh. Drem ele do mhuintir Righ Saxan im Iarla Maruscal do dhul ar creich in Éilibh, & Ó Cerbaill cona mhuintir do-bhreith forra, & sochaidhe do Ghallaibh do mharbhadh leó, & eich iomdha do bein díobh. M1395.9 Niall Ócc mac Neill mic Aedha Uí Neill, & O Briain, .i. Brian mac Mathgamhna do dhol i tech Righ Saxan. M1395.10 Coblaigh Mór inghen Chathail mic Domhnaill Uí Concobair inghen Righ Connacht, ben thoictheach trom-conaich go f-feabhus n-einigh do écc iar m-buaidh n-aithrighe, & ----- p.738 a h-adhnacal i mainistir na Buille. As di-sidhe do gairthí Port na t-trí namat, uair as í ba ben d'Ua Domhnaill .i. Niall tigerna Tire Conuill, d'Aodh Ua Ruairc tighearna Breifne, & do Chathal mac Aodha Breifnigh Uí Concobhair rioghdamhna Connacht. M1395.11 Una inghean Taidhg mic Maghnusa Uí Choncobhair ben Még Uidhir do écc. M1395.12 Sean mac Airt Mhég Uidhir do ghabháil lé Mág Uidhir, & a thiodhnacal d'Uíbh Maoile Dúin Luircc, & a marbhadh dóibh ar Fionntracht Droma Bairr amhail ro thuill uatha roimhe-sin. M1395.12 Rí Saxan do fháccbáil Ereann im Beltaine iar n-dol druinge moire do Ghallaibh & do Ghaoidhealaibh Erenn ina thech, & An Moirtimérach do fhaccbáil don Rígh ina ionadh i n-Erinn, & ge do-chuaidh Mac Murchadha i tigh in Righ ní ro chreid dó iarttain. M1395.14 Ard Sratha & Clochar Mhac n-Daimhin do losccadh cona n-uilibh iol-mhaoinibh. M1395.15 Ruaidhrí Ó Ceallaigh adhbar tighearna Ua Maine do écc. M1395.16 Mac Siúrtain d'Exter do gabhail la Cloinn Meic Siúrtain, & a thabhairt ----- p.740 i l-laimh Mheic Uilliam Burc. Sloiccheadh la Domhnall mac Muircertaigh & la Gaoidhealaibh Iochtair Connacht i c-crích Meic Uilliam fo dháigh gabhála Meic Siurtáin, & Mac Siurtáin do leigen, & sidh do shnadhmadh eittir Gallaibh, & Gaoidhelaibh an choiccidh don chur-sin. M1395.17 Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, i t-Tír n-Eóghain ar cloinn Enrí Uí Néill, & crecha & oirccne aidhble do dhenamh leó isin crích. Clann Enri cona sochraitte do thocht ina lenmain. Do-rala iomairecc eittir na slóghaibh cechtardha go ro sraoineadh fo dheoidh for Chenél n-Eoghain gur ro ládh a n-ár. Ro gabhadh dana, Brian mac Enrí Uí Néill, & tri braighde d'écc do mhaithibh a shlóigh amaille fris. M1395.18 Sloiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill c-cedna co ráinicc co Slicceach tria Chairpre Dromha Cliabh gur ro h-indradh an tír ina n-uir-thimcell leo gur ro millset gach ní gusa rangattar, & do-bearsat creacha & édala iomdha leo dia t-tír, acht namá ro gonaitt uaite do dheiredh an t-slóigh. M1395.19 Iondsoighidh do dhenamh la Domhnall mac Enrí Uí Neill ar Bhrian mac Uí Neill, & a ghabháil, & crecha aidhble do denamh air. Indsaighidh oile do denamh la Domhnall mac Enri go baile Uí Néill, & ben Uí Neill do-breith lais, & braighde oile immaille fria, & a m-breith lais i n-uct Gall. M1395.20 Ro triallsat Goill Laighen feall do dhenamh ar Mac Murchadha, ar Art, & a ghabhail. Acht chena nír' bó torbha doibh ar do-chóidh-siumh uaidhibh dia n-aimhdeóin a los a lámh & a ghaisccidh co na ro cumhaingset ní dó. M1395.21 Domhnall mac Muircertaigh Uí Concobhair tigerna Cairpre & Sliccigh & beós tigherna ó Shliabh sios uile do écc i c-caislén Shliccigh seachtmain ria Nodlaicc. ----- p.742 M1395.22 Aodh mac Cathail Óicc Uí Concobhair mac inghine Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair, & Muiris mac Póil Ulltaigh ollamh leighis Chenél c-Conuill do écc. Annal M1396. M1396.0 AOIS CRIOST, 1396. Aois Criost, mile, trí ched, nochatt, a sé. M1396.1 An t-epscop Ó h-Eghra do écc. M1396.2 Matha Ua Luinín airchinneach na h-Arda, fer il-cerdach, i seanchus, i n-dán, i seinm, & i leighionn do écc. M1396.3 O Concobhair Ciarraighe do mharbhadh i f-fiul dia fhine fein. M1396.4 O Ceinneittigh ticcerna Urmumhan do écc. M1396.5 Irial Ua Lochlainn tighearna Chorc' Modruadh do mharbhadh do Mhac Ghirr an Adhastair dá oirecht fein, i n-díoghail a dherbh-comhalta, .i. Maoilechlainn Ua Lochlainn ro mharbh-somh roimhe-sin. M1396.6 Concobar mac Eoghain Uí Maille do dhol ar ionnsaighidh i n-Iarthar Connacht ----- p.744 lucht luinge. An long do líonadh do mhaoinibh & d'édálaibh na h-eachtra-sin, & a m-bathadh uile, acht madh aon-duine eittir Eirinn & Árainn. M1396.7 Maidhm na crecca le h-Ua c-Concobhair Ruadh cona braithribh, for Ua c-Concobhair n-Donn, & for Aodh Ua c-Concobhair, for Chonn Mhac Branáin, & for Aodh Ua n-áinlighi taoiseach Cheneoil Dobhtha; dú inar marbhadh Conn Mac Branáin taoiseach Chorc' Achlann, Sean Ó Taidhg, mac Seain Uí áinlighi, & sochaidhe ammaille riú. M1396.8 O Domhnaill do thecht slógh i c-Cairpre, & drong don t-slógh do-breith ar cloinn Maoilechlainn Chaoich Mic Muirceartaigh baí acc foraire, & acc forchoimhétt do Chonnachtaibh go n-dírim móir marcsluaigh amaille friú. Ro sraoineadh forra la h-Ua n-Domhnaill go ró faccaibhsiot urmhór a n-ech, & ro gonadh araill diobh, & térnaiset aroile a l-loss eissiumail. Ro creachadh iaramh Cairpre lásan slogh, & sóaid for c-culaibh cona c-crechaibh. M1396.9 Maoilechlainn Caoch mac Muircertaigh mic Domhnaill Uí Concobhair do écc. M1396.10 Maidhm la h-Ua t-Tuathail ar Ghallaibh Laighen & ar Shaxanchaibh, airm i t-tuccadh ár adhbal ar Ghallaibh, & do-radadh se fichit cenn i t-taiselbadh go h- Ua t-Tuathail la taobh il-iomaitt do braighdibh, & d'edálaibh airm, & each, & éittigh. M1396.11 Cú Uladh Mág Aenghusa adhbar tigerna Ua n-Eachdach do mharbhadh la Gallaibh. M1396.12 O h-Annluain tigearna Oirthir do mharbhadh i f-fiull la dreim dia fhine fein. M1396.13 Maire inghen Uí Chatháin ben Uí Dhochartaigh do écc. ----- p.746 M1396.14 Brian mac Enri Uí Neill do fhuaslaccadh la h-Ua Neill ó Ua n-Domhnaill, & do-rad eich, eitteadha, & ionnmhus iorlardha as, & do-rad Ua Néill eisidhe do mhac eile Enri, .i. do Domhnall a f-fuaslaccadh a mheic fein, .i. Brian mac Neill maille comhthaibh oile. M1396.15 Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach mac Neill Ghairbh, & la Tadhg mac Cathail Uí Concobhair go rangattur go Sliccech go ro loisccseat an baile uile eittir chloich & chrann, & ro marbhadh mac Concobhair Maonmaighe go sochaidhibh ele leó don chur-sin. Ba doiligh an baile i-shin do losccadh, ar ba dersccaighte a chumhdaighthe eittir cloich & chrunn. ----- p.748 Annal M1397. M1397.0 AOIS CRlOST, 1397. Aois Criost, mile, tri ced, nochat, a seacht. M1397.1 Sluaiccheadh mor do thionol la Niall Ó Neíll la Rígh Cenél n-Eoghain do dhul for Ua n-Domhnaill, Toirrdhealbhach, & for chloinn Enri Uí Neíll. O Domhnaill, & clann Enri do chruinniucchadh shloigh oile ina aghaidh. Báttar athaidh amhlaidh-sin aghaidh i n-aghaidh na ro chumhaingsiot ní dia 'roile. O ro scithigedh Ua Neill cona shlogh, ro triallsat for c-cúlaibh dia t-tighibh gan airiuccadh don t-slogh oile. O ro ráthaighset an slógh oile indsin ro leiccsiot sceimhealta ina lenmain go ro marbhadh araill do mhuintir Uí Néill, & co f-farccaibhsiot eich & edala iomdha ag Cenél c-Conuill, & acc cloinn Enrí don chur-sin. M1397.2 Sluaiccheadh la Toirrdhealbhach Ua n-Domhnaill la tigerna Cheineoil c-Conuill i f-Feraibh Manach, & do-bert ethra iol-ardha lais for Loch Eirne, for oilenaib, & for innsedhaibh an locha gur ro h-oircceadh, & gur ro h-iondradh lais iaid-sidhe uile cenmothát eccailsi, no neimhedha, & do-bhert édala iomdha anffoille lais, & iompaidhis gan nach f-frioth-orgain. M1397.3 Sluaiccheadh n-aile la h-Ua n-Domhnaill i c-Cairpre do dhíochur chloinne Domhnaill mic Muirceartaigh eiste go ro loisccead an tír go leir lais go Cluain Derg Rátha. ----- p.750 M1397.4 A Shúile do fhaghbháil doridhisi do Aodh Mag Mathgamhna tria trosccadh do dhenamh ind onóir na croiche naoimh Rátha Both, & in onóir dheilbhe Muire Atha Truim. M1397.5 Niall Mor mac Aodha Uí Neill Rí Chenél Eoghain, & iomchosnamhaigh Erenn, inneoin órdain, & oirechais an fhlaithemhnais, tuir iomfhulaing gach anfforlainn, diosgaoiltigh Gall, táthaightheóir Gaoidheal, móradh eccailsi & ealadhan na h-Erenn do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe, & Niall Óg a mhac do ghabháil a ionaid. M1397.6 Mac Donnchaidh Tire h-Oilella do dhul go Machaire Chonnacht (go lion a thionóil, a mhaoine, & a innile) do chongnamh d'Ua Choncobhair Dhonn, gur ghabhsat foslongport ag Cuirreach Chinn Eitigh eittir daoinibh & airneis mar a m-baoi Ó Concobair. Iarna clos sin d'Ua Concobair Ruadh cruinnighis da gach taoibh go h-én-ionad Mac Uilliam Burc, Tómas mac Sir Emainn Albanaigh, clann Chathail Óicc Uí Choncobair, clann Aodha Meic Diarmata, Mainigh, & clann mhac Feidhlimidh feisin go lión sochraitte gach aoín diobh, & go c-coimhtionol gallócclach ina f-farradh. Triallaitt iar sin do shaighidh an mhachaire, acht cena ni raibe Ua Concobhair Donn i f-farradh Mheic Donnchaidh annsin & nochar airigh Mac Donnchaidh an sluagh no go t-táinicc Ua Concobhair Ruadh sonn mór marshluaigh ina thimcel. Ferthar iomairecc ettorra go díochra duthrachtach cechtar da líona iar sin gur maidhedh for Mac Donnchaidh cona muintir. Lenaid na beithre ler briseadh orra iad gur cuirsiot a n-ár, Marbhthar Mac Donnchaidh annsin, & Aodh Caoch mac Aodh a mic Toirrdhealbhaigh Uí Choncobhair, Mac Suibhne ard-chonsapal Connacht o shliabh síos cona dhias derbhrathar Donnchadh & Donn Slebhe, Cú Aifne mac Con Aifne Uí Concobhair, & Diarmait Mac Donnchaidh tanaisi ----- p.752 Ua n-Oilealla ammaille le h-iomatt d'uaislibh & d'árd-mhaithibh a m-braithreach & a muintire. Ba dirímh do aisneidh a f-fríth d'édalaibh & maoinibh la h-Ua c-Concobhair Ruadh don turus-sin gan airemh ar eachaibh ar arm, na ar édeadh. Oidhche chéid fhéile Muire foghmair tuccadh an maidhm-sin Chinn Eitigh. Iar c-clos na sccel-sin d'Ua Concobhair Dhonn (an tres lá iar t-tabhairt an mhadhma) tainicc fo bhótháintibh Uí Concobhair Ruaidh, & Cloinne Feidhlimidh, & a m-buailte ar na suidhiucchadh i t-timcheall Liattroma go t-tucc maidhm imirgedh orra da n-goirthi an geal-maidhm go rucc creacha, & édala aidble uatha don dul-sin. M1397.7 Feidhlimidh mac Cathail Óicc & Dubhghall mac Domhnaill Gallócclach do dhul i c-cenn Í Dhomhnaill d'iarraidh a chonganta i n-aghaidh a n-esccaratt. Ua Domhnaill go maithibh Thíre Conuill do thocht go Cairpre don chur-sin do chuidiucchadh le cloinn Chathail Óicc. Cairbrigh & Oileallaigh do theicheadh fo dhaingnibh, & fo droibhelaibh an duithche roimhe. O Domhnail do rochtain go h-aonach Thíre h-Oilealla, tighe iomdha & arbhanna do losccadh da mhuintir, & crecha do denamh doibh ar mhac Corbmaic mic Ruaidhri. Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh tighearna Tire h-Oilealla, Ua Dubhda, & Ua h-Eghra do thabhairt chor, & eidiredh d'Ua Domhnaill & do cloinn Chathail Óicc iar sin le gan cur 'na n-aghaidh go brath. Sith do chengal etorra d'Ua Domhnaill ar an c-coingeall-sin, & e fein d'iompúdh go Tír Conaill fo chédoir. Clann Cathail Óicc, Muintir Duirnin, & Mac Domhnaill Ghallócclach cona cloinn do theacht i c-Cairpre annsin. Suidhe doibh i l-Lios an Doill, & a m-beith ag roinn na críche etorra an oidhche-sin, & roptar imresnaigh impe. Ua Domhnaill do thocht uathadh marcsluagh ina c-comhdháil arabhárach do reidhiucchadh etorra. M1397.8 Muircertach Bacach mac Domhnaill mic Muircertaigh Uí Concobhar, & Clann ----- p.754 t-Suibhne do beith h-i f-fassa choilleadh an tan-sin. Ua h-Eghra iartharach, & sliocht Flaithbertaigh Uí Ruairc do bheith imaille riú. Iondsaighidh do thabhairt doibh a mucha na maidne ar cloinn Chathail Óicc & ar Ua n-Domhnail go Bun Brénóicce ar belaibh Lesa an Doill, siorthae marcsluaigh chloinne Cathail Óicc do dhol tharsa go Slicceach. Bun Brenoige do beith do thaobh díobh-somh & an fhairrge do líonadh don taobh araill diobh go sona sodhánach doibh-siumh conár fédadh a t-tacmang na a t-timcealladh samhlaidh. Do-beiritt tachar tinnesnach dia 'roile as a h-aithle. Maidter for Ua n-Domhnaill, & for cloinn Chathail Óicc, & Marbhtar Marcus Mac Domnaill & Dubhgall a mhac, Eóin Mac Síthigh & sochaidhe mhór oile da n-gallócclachaibh. Crecha & airccne do dhenamh ar chloinn Chathail iaramh, & a n-diochur tar Eirne anonn doridhisi go Dubha, & dhoimenmain im Fheil Muire mór do shonnradh. ----- p.756 M1397.9 Diarmait mac Iomhair Ui Bheirn do beith i f-fiabhras, & a breith i c-coite for loch ona thigh fein d'ionnsaighidh tighe Mhurchaidh mic Tomáis, & leim do-breith dó gan fhios do chách amach as an c-coite isin loch go ro baidhedh a c-cedóir. Annal M1398. M1398.0 AOIS CRIOST, 1398.> Aois Criost, mile, tri céd, a h-ocht. M1398.1 Tomás mac Muirghesa Meic Donnchaidh epscop Achaidh Conaire do ég. M1398.2 Cogadh mor do eirghe eitir Ua Néll, Niall Óg, & Ó Domhnaill Toirrdhealbhach, & a thaoisigh & a oirecht do thregeadh Uí Dhomhnaill go m-buí i c-cumhga mhoir occ cloinn Enrí Uí Neill ag cloinn t-Seaain Ui Dhomhnaill, ag Ua n-Dochartaigh, & ag Cloinn t-Suibhne. Do-choidh mac Uí Domhnaill Niall Garb, & clann Domhnaill mic Néll Uí Domhnaill for indsoighidh i Fanait gur ro gabhadh leó Eóin mac Maoil Muire Meic Suibne, & co n-dernsat orgain. Goill & Gaoidhil Coigedh Uladh do dhul i teach Uí Neill, & braighde, & umla do thabhairt dó cénmothá Ó Domhnaill a aenar. M1398.3 Sloicceadh mor la Niall Ócc Ó Neill Ri Chenel Eoghain, & la cloinn Enrí I Neill do shaighidh Uí Domhnaill go rainicc Ess Ruaidh gur airccsiott an mhainistir fo na h-uile ionnmhasaibh, & Tír Aodha go h-uilidhi. Drem do muintir Uí Dhomhnaill do thabhairt tachair doibh. Aodh mac Ferghail Uí Ruairc do ghabháil don turus-sin. Ua Neill d'iompúdh go Tír Eoghain doridhise. ----- p.758 M1398.4 Sloigheadh la Tomás A Búrc tigearna Gall Connacht, la h-Ua c-Concobhair Ruadh, la cloinn Chathail Óicc, & la cloinn Meic Diarmata go rangatar Tír Oilealla gur leir airccsiot í. Concobhar Ócc mac Aodha Meic Diarmatta, & a bhraithre do thilleadh ón slogh iar sin do cuartughadh Moighi Luircc. Ferghal Mac Diarmata tighearna Moighe Luircc do dhol in oidhche-sin go mainistir na Búille, & a b-fuair do biadh, & do cosdus innte do chur ar in m-baile dar ab ainm an Charrag dó. Lorcc na fedhna do theccmail do cloinn Meic Diarmata, & a lenmain dóibh. O ró rathaighsiot-somh an toraighecht forra, gluaisitt trésan tír go rangattar Eachdruim mic n-Aodha i t-Tir Baiúin na Sionna. Clann Meic Diarmata do losccadh tempail Eachdroma orra. Concobhar Mac Diarmada, .i. mac Ferghail do mharbhadh doibh, & sochaidhe da muintir imaille ris, & Maol Ruanaidh mac Diarmata do ghabail, edail do denamh da n-eachaibh, da n-arm, & da n-eidedh. M1398.5 Murchadh Bán mac Seaáin mic Domhnaill Uí Fhergail degh-adbar tighearna na h-Anghaile fécce enigh, & oirdearcais, gaile, & gaisccidh slechta Ferghusa d'fior a aoisi, do écc iar m-buaidh n-aithrighe mí ria notlaic, & a adhnacul i mainistir Leathratha i t-tomba a athar, & a shenathor. M1398.6 Muiris mac Piarais Dalatún do mharbhadh la Muircertach Ócc Mag Eochagáin, & la Brian mac Ui Choncobhair Fhailghe. M1398.7 Gleann Da Locha do losccadh do Gallaibh. ----- p.760 M1398.8 Muircertach Ua Concobhair do dhul i t-Tír Aodha, a ionntúdh go h-Ess Ruaidh gan morán édala d'fagail don cuairt-sin. Aodh Ua Duirnín do-breith orra annsin. Iomruaccadh do tabairt doibh fa Bhel Atha Senaigh, each Aodha do lot, e fein do leaccadh, & a marbhadh iaramh. M1398.9 Gearoitt iarla Desmumhan, fer suairc soibhésach, do dearsccnaigh do Gallaibh Ereann, & do moran da Gaoidealaibh i n-aithne, & i n-eolus Gaoidhelcce, i n-dán, & i senchus amaille re gach foghlaim ele da raibe aicce, & a écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1398.10 Iarla Chille Dara do ghabhail don Chalbhach Ua Concobhair, & do marcsluaigh dhuithche Ó b-Failge, & a chur ar laimh Murchaidh Uí Concobhair. M1398.11 Sir Seon iarla Deasmumhan do báthadh isin Siuir gar becc iar n-gabhail na h-iarlachta dó. (Vide 1399). M1398.12 Cath do tabhairt for Ghallaibh d'Ua Bhrain, & d'Ua Tuathail. Iarla ó Mars do mharbhadh isin c-cath-sin, & ár Gall imaille ris. M1398.13 Fionnghuala ingen Ualghaircc Móir Uí Ruairc ben t-Seaáin Mhóir Uí Eaghra d'ég. M1398.14 Dauith Ua Duibhgionnain ollamh Cloinne Maoil Ruanaidh i senchus, biatach coitchenn comroghnach, & saoí duine ealadhna do écc. ----- p.762 M1398.15 Ua Concobhair Ruadh & Mac Diarmata do dhul sluagh lán- mhór ar Cloinn n-Donnchaidh Tire h-Oilealla go rangattar Magh Tuireadh. Creacha móra do denamh doibh. Clann n-Donnchaidh do-breath orra, & Muircertach mac Domhnaill Uí Concobhair cona leirtionol. Iomairecc do chur ettorra. Maidhm for Ua c-Concobhair & Somhairle Buidhe Mac Domnaill cona muintir do mharbhadh ann. M1398.16 Tomas mac Cathail mic Murchaidh Uí Ferghail tighearna na h-Anghaile ealchuing enigh & oirdercois Cloinne Rosa do marbhadh ina bhaile fein isin c-Coillín c-Crubach la Gallaib na Midhe & la barún Delbhna, iarna thogha i t-tigernus roimhe-sin ar bélaibh a shinsior bhrathar, .i. Seaan Ó Ferghail, & Seaan do oirdneadh iar sin i t-tighearnus na h-Angaile. M1398.17 Maidhm mór-adhbal la Mág Carthaigh c-Cairpreach for Ua Suilleabhain, & da mhac Uí Shuillebhain, Eoghan & Concobhar do marbhadh isin c-caithgliaidh-sin, & sochaidhe imaille riú. M1398.18 O Briain Maol do écc don teidhm isin n-Galldacht. M1398.19 Mac Muiris Buidhe Uí Mhórdha tigherna Slebhe Mairgi, fer cothaighthe dámh, & deoradh Ereann do ecc. M1398.20 Mac Uilliam Búrc do losccadh Slicigh. ----- p.764 M1398.21 Cathal mac Ruaidhri Meg Uidhir do marbhadh la h-Eoghan mac Néill Óicc Uí Néill. M1398.22 Art Cúile mac Pilip Mhég Uidhir do marbadh la Teallach Eachdhach. M1398.23 Clann Enri Uí Neill, & clann t-Seaain Uí Domhnaill, & Fir Manach do thionol sloigh ind aighid Uí Domhnaill. Ua Domhnaill do cruinmuccadh a shochraitte ina n-aghaidh don leith eile, & a m-beith i n-díbh fhoslongportaibh for aghaidh a chele go ro sccarsat fo deoidh gan nach n-gniomh n-oirdeirc. Annal M1399. M1399.0 AOlS CRlOST, 1399. Aois Criost, mile, trí céd, nochat, a naoí. M1399.1 Sluaigeadh la h-Ua Neill (Niall Og) for Gallaibh go ro creachoirgedh, & go ro h-ionnarbadh lais a n-ermhor. M1399.2 Concobar Mag Carmaic espucc Ratha Both d'Uíbh Domnaill Corca Baiscind do écc. M1399.3 Cu Uladh (.i. Cu Uladh Ruadh) mac Neill Móir mic Aodha Uí Neill d'écc don teidhm. M1399.4 Brian Ua Briain (.i. mac Matgamhna) tigerna Tuadhmumhan do écc. M1399.5 Toirrdhealbhach mac Murchaidh (.i. Murchadh na Raithnighe) Uí Briain do écc. M1399.6 Feidhlimidh mac Cataoír Uí Concobhair tanaisi Ua f-Failge d'ecc (.i. don teidhm) i t-tigh Uí Raighilligh. M1399.7 Clann Enri Uí Neill do dol ar ionnsaighidh for Ghallaibh Tragha Baile. Ro tionoilsiot Goill ina n-aghaidh go ro rainsiot forra, & go ro gabhadh Domhnall ----- p.766 mac Enri, & drong mór dia muintir do mharbadh. Domhnall do chor go Saxaibh isin m-bliadhain ar c-cinn iar f-feimdhedh a fhuaslaicthe. M1399.8 Seaan Ua Ferghail tigerna na h-Angaile, fer eargnaidh, inntleachtach, fesach foghlamta go n-oirdercus n-einigh & n-engnamha do écc. M1399.9 Aodh Ua Donnchadha tigearna Eoganachta Locha Len, O Broin, (.i.) Geralt mac Taidhg, & Toirrdhealbhach mac Maol Muire Meic Suibhne Fánatt, & Amhlaoibh mac Pilip mic Amhlaoibh mic Duinn Charraigh Még Uidhir, toisech Muintire Feodachain do écc. M1399.10 Aodh Mag Mathgamhna do écc iar n-dol a súl uadha. M1399.11 Domhnall mac Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do écc. M1399.12 Mag Aonghusa Muircertach Ócc mac Muircertaigh Moir, tigearna Ua n-Echdhach do mharbhadh dia fhine budhdein. M1399.13 An cetramadh Henrii do rioghadh os Saxaibh, 29. September. M1399.14 Baothgalach Mac Aedhagain saoi choitchionn i f-feineachus & i seinm, & fear tighe n-aidheadh n-airdeirc, & Giolla na Naomh mac Concobhair Meic Aedagain ard-ollamh i f-feineachus do écc. M1399.15 Iarla Deasmumhan Sean mac Gearoitt do bádhadh i n-áth Arda Fionain for Siuir. (Vide 1398). Annal M1400c. M1400.0 AOIS CRIOST, 1400. Aois Criost, mile, cethre chéd. M1400.1 Aodh Ua Maol Muaidh ticcerna b-Fer c-Cell, Laighneach mac Ferghail Ruaidh mic Donnchaidh Még Eochagain Donnchadh Sionnach tigerna Muintire Tadhgain, & ----- p.768 taoiseach Tethba, Diarmait & Brian dá mac Catharnaig Mic an t-Sionnaigh do écc. M1400.2 Caislén Dúin Iomdhain do ghabháil do Mhac an Abaidh Uí Concobhair, & Hoiberd mac Emainn mic Hoiberd a Burc do marbhadh inn, & Mac mic Emainn Uí Cheallaigh do bí i l-laimh ann do leccen amach. M1400.3 Grigoir mac Tanaidhe Uí Maoil Conaire, saoi foirbthe ina ealadain duthcois, deagh-adbar ollaim Sil Muiredhaigh esidhe do marbhadh go tegmaiseach d'aon-buille ga do láimh Uilliam Gairbh for tochar dúin iomdhain i n-aimhriocht. Sé ba & sé fichitt do thabhairt ina eraic iar sin. M1400.4 Ruaidhri mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n-Eachdhach Uladh do marbhadh la cloinn Con Ulad Ui Neill, & la Cathbarr Mhág Aonghusa a dearbrathair fen. M1400.5 Sluagh mór la Niall Óg Ua Néill h-i Tír Conaill gur mhill moran do ghortaibh & d'arbannaibh innti. Tangatar Cenél c-Conaill ina aghaidh gur ro ficceadh iomairecc etorra go ro mheabhaidh for Chenél Eoghain, & go ro marbhadh sochaidhe dhíobh, & go ro beanadh ech iomdha dhíobh don chur-sin. ----- p.770 M1400.6 Mac Maghnasa Mhég Uidhir, .i. Giolla Patraicc da n-goirthi An Giolla Buidhe d'écc ina thigh fein fo-bithin cuislinne do legeadh dhó. M1400.7 Seaan mac Pilib mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh tighearna Breifne, aon do b-fearr enech, & uaisli da chineadh d'ég do biodhg ina iomdhaidh i t-Tulaigh Mhongáin. M1400.8 Mac righ Saxan do theacht i n-Erinn. M1400.9 Maghnus mac Con Connacht Uí Raighilligh adbar tighearna Mhuintire Maoil Mordha do ecc. M1400.10 Conchobhar mac Domhnaill mic Néill Ghairbh, mic Aodha, mic Domhnaill Óicc Uí Dhomhnaill do dhol ar creich tar sliabh soir i t-Tír Chonaill, & é fein, & Eoccan Ruadh Mac Suibhne do comhtuitim ré aroile. M1400.11 Clann Flaithbhertaigh Uí Ruairc do ionnarbhadh as an m-Breifne, & a n-dol go Tír Conuill, & araill do Chenél c-Conaill do-breith leo isin m-Breifne co n-dernsat creacha mora for Ua Ruairc & do-radsatt leo i t-Tír Conuill iaid-sidhe. Annal M1401. M1401.0 AOIS CRIOST, 1401. Aóis Criost, míle, ceithre chéd, a h-aon. M1401.1 Maoíleachlainn Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, fear deig-einigh daonachtach, & Tomás mac Sir Émainn (.i. Emann Albanach) a Burc Mic Uilliam tighearna Gall Connacht do écc iar m-buaidh n-aithrighe. Da mac Mac Uilliam do denom tar éis Tomais A Búrc, .i. Mac Uilliam do denamh d'Uilleacc mac Riocaird Óicc, & Mac Uilliam oile do Uater mac Tomais a Burc, & umhla uaidh do Mac Uilliam Cloinne Riocaird ar sinnsireacht. M1401.2 Domnall Ua Maille tighearna Umhaill d'écc iar f-forbadh a aoisi. M1401.3 Cathal Ruadh Mag Ragnaill taoiseach Muintire h-Eolais do marbhadh i n-Druim Chubra la Seafraidh mac Maoileachloinn Még Raghnaill. ----- p.772 M1401.4 Maol Ruanaidh mac Cathail Ruaidh Meg Ragnaill do mharbhadh la cloinn an Maoileachlainn cettna a t-toraighecht a c-creiche. M1401.5 Concobhar Anabaidh Ua Ceallaigh do ghabháil tighernais Uíbh Maine déis a athar. M1401.6 Carrac Locha Cé do gabhail la cloinn Ferghail Meic Diarmata. Daoine iomdha do mharbhadh, & do bathadh 'na timcheal, & lucht a coimheda da tabhairt uatha dar cenn comhadh. M1401.7 Fedlimidh mac Cathail Óig Uí Concobhair do ghabhail la mac Uí Choncobhar Dhuinn. M1401.8 Coinne do dhenamh eidir Ó Néill, .i. Niall Óg & Ó Domhnaill Toirrdhealbhach ag Caol Uisge & síth do dhenomh doibh re aroile don chur-sin. M1401.9 Coccadh d'eirghe eittir Ua n-Domhnaill iaromh & Brian mac Enrí Uí Néill, uair tug Brian slógh lais go Tír Conaill, gur ro ionnsoigh longport Uí Dhomhnaill, & ro marbhadh mac Néill Óig mic Neill Ghairbh mic Aedha mic Domhnaill Óig, & Maoileachloinn mac Flaithbertaigh Uí Ruairc & sochaidhe oile leo. Do deachaidh Ó Domhnaill cona cloinn, & Muintir Duirnín isin ló cedna i l-leanmhain Briain go ruccsat fair, & creac Uí Gairmleadhaigh (.i. Enrí) roimhe iar marbhadh Enrí lais. Ro figheadh iomaireg amhnus eidir Ua n-Domhnaill & Brian Ua Néill, & ro marbhadh Brian lais, & ro sraoineadh for a mhuintir iar b-fágbhail creach Cenél Moain. Ro marbhadh bheos sochaidhe oile imailli fri Brian ar an lathair-sin. Soais Ua Domhnaill slán cona muintir co n-edalaibh aidhblibh iar m-buaidh & cosccor. M1401.10 Corbmac Mac Branain taoísech Corco Achland do marbhadh la a braithribh i fell, .i. Concobhar mac Seaain Meic Brarain, &c. M1401.11 Domhnall mac Enrí Uí Néill d'fuasccladh ó Ghallaibh. Annal M1402. M1402.0 AOlS CRIOST, 1402. Aois Criost, mile, ceithre ched, a dó. M1402.1 Coccadh mor eittir Ua Néill, & clann Enrí Uí Néill, & an tír dho milleadh ar gach taebh etorra. M1402.2 Muirchertach Ua Flannagain airchideochain Oile Finn d' écc. ----- p.774 M1402.3 Coccadh eidir iarla Urmhumhan & iarla Deasmhumhan, & an da Mhac Uilliam do dhul do chongnamh la h-iarla Urmhumhan. M1402.4 Carrac Locha Cé do ghabail la Conchobhar Ócc macc Aedha ar cloinn Ferghail Meic Diarmata. M1402.5 Ferghal Ua Ruairc adbar tighearna Breifne, fer bruth-mor beodha dealbdha deigh-einigh, do mharbhadh ina thigh fén la Cloinn Cába & (a) adhnacul i mainistir Sligigh. M1402.6 Niall Óg mac Néill Moir mic Aedha Uí Néill (Ri Cenel n-Eoghain) d'écc iar m-buaidh einigh & oirrdhercais ongtha & aithrighe. M1402.7 Brian mac Néill Óig d'écc iarttain (.i. don galar bhrec). M1402.8 Muirchertach mac Donnchaidh Uí Dhubhda saoí- coitchinn i n-uaisle, & i n-eineach d'écc, & a adhnacul i n-Ard na Riagh. M1402.9 Matha O Scingín do écc don fhiolún. M1402.10 Pilib mac Briain Mhóir Meg Mathghamhna tigherna Oirgiall d'écc, & Ardgal mac Briain do gabhail tighernais 'na dhéoidh. M1402.11 Cú Connacht mac Magnusa mic Con Connacht Uí Raighilligh tanaisi Brefne do écc. Una inghen Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair a mathair-sidhe. M1402.12 Brian mac Domhnaill Uí Fhlaithbhertaigh adbar tighearna Cairn Geccaigh d'écc. M1402.13 Fedlimidh mac Cathail Óig do legeadh as a braighdenus. M1402.14 Mainistir Chuinche i t-Tuadhmumhain i n-easpuccoideacht Cille Da Lua do toccbail do braithribh .S. Fronses la Sioda c-Cam Mac Con Mara tigerna Cloinne Cuilein fo dhaigh go madh í badh Roimh adhnaicthe dó fein, & dia chenel. M1402.15 Aodh Seanchaidh Ó Domhnaill Saoi shenchadha do écc. M1402.16 Coccadh mór eittir Ua n-Domnaill (Toirrdhealbhach mac Neill) & Ua Cathain (.i. Maghnas) go ro h-indreadh, & go ro creachoirgedh oireacht Uí Chathain la h-Ua n-Domhnaill, & gur ro leirmilleadh an tír uile lais. ----- p.776 M1403.0 AOIS CRlOST, 1403. Aois Criost, mile, ceithre ched, a trí. M1403.1 Domhnall mac Enrí Uí Néill do gabail tighearnais Tíre h-Eóghain. M1403.2 Tadhg mac Cathail Óicc Uí Choncobhair do mharbhadh la cloinn Toirrdhealbhaigh Óig Uí Chonchobhair, & d'Eoghan mac An Abadh Uí Concobair for Machaire na n-Aileach, & a adhnacol h-i t-tomba Domhnaill mic Cathail a shenathar. M1403.3 Conchobhar an abaidh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, nathair neimhe a chinidh & na n-Gaoidheal ar chena do écc iar n-onccadh & iar n-aithrighe, & a adhnacal i mainistir Eoin Baisde h-i t-Tir Maine. M1403.4 Fionnghuala inghen Toirrdhealbhaigh mic Aedha mic Eoghain Uí Conchobhair ben Maoileachlainn Uí Ceallaigh (tighearna Ua Maine) do écc iar n-deigh-beathaidh. M1403.5 Sluaigheadh la h-Ua c-Concochair n-Donn, & la Muircertach Bacach mac Domnaill (tighearna Sligigh) i n-Uachtar Connacht dar ghabhsat neart ar Shiol n-Anmchadha. Tiaghaitt i c-Cloinn Riocaird as a h-aithle do chongnamh le h-Uilleac mac Riocaird i n-aghaidh Mhaineach gur chuirsett a t-trén orra dibhlinibh. ----- p.778 M1403.6 Muirchertach Bacach mac Domhnaill mic Muircheartaigh tighearna Iochtair Connacht do écc (isin f-foghmar) i c-caislén Sliccigh. M1403.7 Coccadh d'eirghe eidir Breifneachaibh & Clann n- Donnchaidh dar marbhadh Tomaltach Ócc mac Tomaltaigh Mhég Dorchaidh deodh-fhlaith Cheneóil Duachain don aicme-sin, & Muirchertach Óg Ó h-Élighe c-brughaidh cedach conáich, &c. M1403.8 Maol Mordha mac Con Condacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raighilligh do ghabhail tighernais Mhuintire Raigilligh. M1403.9 Maghnus mac Con Maighe Uí Catháin tighearna Ciannachta do écc. M1403.10 Felim mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Choncobhair do écc. M1403.11 Cú Uladh mac Giolla Patraicc Meic Cathmaoil do marbhadh (.i. i f-fiull) ina oirechtus dá dhaoínibh fein. M1403.12 Corbmac mac Donnchaidh Meg Cartaigh do écc. M1403.13 O Ceinneittigh Donn do marbhadh la cloinn Philip Uí Cheinneitigh, Annal M1404. M1404.0 AOIS CRIOST, 1404. Aois Criost, mile, cethre ched, a cethair. M1404.1 Tomás Baired epscop Oile Find saoí Ereann i n-eaccna & i n-aird-eolus diadha, do écc, & a adnacal in Airigh Locha Con. M1404.2 Concobar Ócc mac Aedha meic Diarmada tighearna Mhuighe Luirg, beithir ar beodhacht do ecc (.i. isin f-foghmhar), & Tadhg mac Aedha meic Diarmada do gabail tighearnais. ----- p.780 M1404.3 Corbmac Mac Diarmada do marbhadh ar sluaigheadh i Cloinn Riocaird in iomruaccadh lá marcshluagh Cloinne Riocaird agus Tuadhmhumhan. M1404.4 Inghean Uí Choncobhair Fhailghigh ben Giolla Patraicc Uí Mhordha do écc M1404.5 Maidhm Atha Duibh la Giolla Patraicc Ua Mórdha tighearna Laoighisi for Ghallaibh, i t-torcratar daoíne iomdha. Edáil each, arm, & édeadh do denomh orra. M1404.6 Iarla Urmhumhan ceann crodhachta Gall Ereann do écc. M1404.7 Donnchadh Bán Ua Maol Chonaire allamh Síl Muireadhaigh i senchas do écc M1404.8 Giolla Duibin Mac Cruitin ollamh Tuadhmhumhan le senchas, & le seinm d'écc. M1404.9 Cearball Ó Dálaigh ollamh Corco Modruadh, Domhnall mac Donnchadha Uí Dhalaigh da n-goirthi Bolg an Dana, Flann mac Seaain Uí Domhnallain ollamh Sil Muireadhaigh i n-dán, Uilliam Ua Deoradháin ollamh Laighen i m-breithemhnas, Nualadh inghe Domhnaill mic Muircertaigh Uí Choncobhair bean Fearghail mic Corbmaic Meic Donnchaidh, & Donncathaigh mac Muireadhaigh Mhég Senlaoich brughaidh cédach conáigh do Corco Achlainn, & lain-fhear gradha do Ruaidhri Ó Choncobhair do righ Connacht d'ég. M1404.10 Eoghan mac Murchadha mic Cathaoir Uí Choncobhair do mharbhadh la h-iarla Chille Dara. M1404.11 Antriu Baroid do mharbhadh la h-Uibh Murchadha. M1404.12 Cogadh d'eirghe eidir Mag Cárthaigh & Ua Suillebhan Buidhe. Toirrdhealbhach Meith Mac Mathgamhna do beith ina loingseoir ag Mag Carthaigh an tan-sin. Breith dó ar Ua Súilleabhain ar fairrge, & ar cloind Diarmada Mhég Carthaigh badar ag cuidiugadh les i n-aghaidh Mhég Cárthaigh. Ua Suilleabháin, do bathadh don dul-sin dó, & Domhnall mac Diarmada Mhég Carthaigh do ghabhail. M1404.13 Mathgamhain Mac Con Mara do écc sor slighidh na Romha. ----- p.782 M1404.14 Maoileachlainn Mhág Oirechtaigh taoiseach Muintire Rodhuibh do ecc. M1404.15 Donnchadh Mac Cathmaoil taoiseach an da Cenel Fearadhaigh do marbhadh la Mág Uidhir.Fedhlimidh mac Aedha Uí Tuathail tighearna Ua Muiredhaigh do écc. M1404.16 Cathal mac Taidhg Meic Donnchaidh adbar tighearna Ua n-Ailealla do écc. M1404.17 Taichlech mac Donnchaidh Uí Dubhda, & Tuathal mac Maoilechlainn Uí Domhnalláin adbhar ollamhan Shil Muireadhaigh i n-dán, & Tadhg mac Baethgalaigh Meic Aedhagain adhbar ollamhan Iochtair Chonnacht i f-fenechus, Iaid-sidhe ina t-triur do écc. Annal M1405. M1405.0 AOIS CRIOST, 1405. Aoís Criost, mile, ceithre ched, a cúicc. M1405.1 Slóigheadh la Tadhg mac Aodha Meic Diarmada tigearna Maige Luirg d'iarraidh a tigearnais ar sliocht Concobhair mic Taichligh, & for lucht Airtigh archena, amhail ro budh dual d' fior a ionaid do ghrés. Muintir Airtigh do tharraing Uí Concobair Dhuinn, Cloinne Muirchertaigh Muimhnigh, & cloinne Ferghail Meic Diarmada cuca i n-aghaidh Meic Diarmada. Cruinnighid i c-coinne aroile go Loch Labain i c-crich Airtigh. Ferthar deabhaidh etorra. Brisis Mac Diarmada & Donnchadh mac Meg Domnaill (a Consabal) cona muintir diblinibh i tús an laoí for an c-cumusc-sluagh c-cethardha batar ina aghaidh gur ro marbadh morán da f-fo-dhaoinibh don ruathor-sin. Gidhedh tuc fer eigin d' fianlach an mhadhma agaidh ar an ionadh in ar dhócha lais Mac Diarmata do bheith co t-tug urchor do shoighitt n-duaibhsigh n-doeadrána da ionnsoighidh, gur bheanastair go cert coimh-dhíreach ina braghaid dhó go t-torchair (no gur ecc) Mac Diarmata Tadhg di-sidhe a c-cionn t-sechtmuine ina thigh fein. Ruaidhri mac Aodha Meic Diarmada do ghabhail tighearnais Maighe Luirg iar sin. M1405.2 Maghnus mac Aedha Uí Uiginn do écc. M1405.3 Aodh Ua h-Ainlíghi, taoiseach Chenél Dobhtha do écc; & a adhnacal i c-Cluain Coirpthe. ----- p.784 M1405.4 Risderd Buitiler da n-goirthi Cos Cruaidh do mharbhadh la mac Fachtna Uí Mhórdha. M1405.5 Cogadh ag Mac Murchadha re Gallaib, go t-tainic de-sidhe an Chontae Riabhach do creachlosgadh lais im Ceithiorlach, & im Diseart Diarmada. M1405.6 Risdet Mag Raghnaill adhbhar taoisigh na n-Eolasach do écc tre ainmesair óil. M1405.7 Ua Concobhair Ciarraighe Diarmait mac Donnchadha do mharbhadh la Mac Muiris Ciarroighe. M1405.8 Inghen Domhnaill Uí Briain, ben Pilib mic Mathghamhna Duinn Uí Chinneidig do écc. M1405.9 Giolla na Naomh mac Ruaidhri Uí Chianáin ollamh seanchais Fear Manach do ----- p.786 écc go h-obann i t-tigh mic Neidhe Uí Maoil Conaire, i c-Cairpre Gabra, & a adhnacal i mainistir Leth Ratha. M1405.10 Fearghal mac Corbmaic Meic Donnchaidh adhbar taoisigh Ua n-Ailealla do écc. Annal M1406. M1406.0 AOIS CRIOST, 1406. Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a Sé. M1406.1 Comarba Caindigh do écc. M1406.2 Ua Concobair Donn, .i. Toirrdhealbhach Óg mac Aedha mic Toirrdhealbhaigh, et cetera, tuir cothaighthe & cosanta enigh & oirrdearcais Connacht do mharbhadh la Cathal Dubh mac Uí Choncobhair Ruaidh, & la Seaan mac Hoibert mic Emainn mic Hoibert mic Sir Dauith a Burc (dar mathair Bean Mumhan inghean mic Fedhlimidh) i t-tigh Riocaird mic Seaain Buidhe mic Emaind mic Hoiberd isin creaccan la taobh Fidhici i Cloinn Connmhaigh, & Sean mac Hoberd do thuitim lá h-Ua c-Concobhair ar an lathair-sin. M1406.3 Maol Ruanaidh mac Taidhg Meic Donnchaidh tigherna Tire h-Oilealla do écc ina thigh fein, iar m-buaidh n-aithrighe, & a adhnacal i mainistir na Búille. M1406.4 Maidhm dermair la Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua b-Failge (cona mac An Calbach imaille ris, & go c- cloinn Uí Choncobhair Ruaidh, .i. Cathal Dubh, & Tadhg go m-buidhin marcsluaigh immaraon riú iar n-dol ar cuairt dóibh co h-Uibh ----- p.788 Failghi) for Ghallaibh na Midhe, & for Eoghan mac An Abaidh Uí Choncobhair co c-ceithirn chongbala Connacht immaille fris. Co n-deachadar na sluaigh-sin díbhlinibh i n- uachtar Geisille & co n-deachaidh mac an Abaidh cona corugadh ceithirne budhdéin go Cluain Immurrois go baile An Giolla Bhuidhe Mic Maoil Corra go rucc orra annsin An Calbach mac Murchadha Uí Choncobhair & Cathal mac Uí Concobhair Ruaidh sessear marcach, & Eoghan gona muintir ag denomh édála an bhaile. Baoí oighen ón c-Calbach Ua c-Concobhair ar iasacht ag fer an baile-sin ag denomh lenna, & ar b-faicsin An Chalbhaigh chuige dhó aseadh do-ráidh. Ag sin thoighen acc an c-ceithirn a Calbaigh, & fuagraim duit é. Gabhaim lais isin ionad ina b-fuil sé ol an Calbhach. Baoí in t-oighen annsin for muin óglaoích do lucht saraighthe an bhaile, & tug an Calbhach Ó Concobhair urchor aitheasach do cloich tarla ina láimh docum an óglaoigh gur ro ammais an t-oighen, gur ben fuaimm & fothrom an oighin (iar m-béim na cloice dho) bloisg bedhgadh omnaightheach a croidhe gach aoin daos na foghla gur gabsat briseadh cuca fo chétoir. Leantar go lán-athlamh iad go t-tugadh oirleach & athcumma orra. ----- p.790 Marbhtar mac An Abbaidh Uí Chonchobhair for an mónaigh alla thuaidh don baile annsin, & nochar lúgha ina trí ched i n-easbhadha eidir Ghallaib, & Gaoidhealaibh, óthá sin go Cluain Aíne i c-Crich na c-Cédach. As don toisc-sin do benadh aird-mhionn Connacht, .i. An Buacach Patraig do biodh i n-Oile Find do Ghallaibh. M1406.5 Tadhg mac Donnchaidh Ui Birn taoiseach Tire Briuin na Sionna d' écc. M1406.6 Niall O Gairmleadhaigh adhbar taoisigh Cenél Moein do écc. M1406.7 Mairgreg inghen Toirrdhelbhaigh, mic Eoghain Meic Suibhne ben t-Seain mic Domhnaill mic Neill Uí Domhnaill do écc. M1406.8 Aodh mac Donnchaidh mic Muircertaigh Uí Concobhair do mharbhadh la a bhraithribh fein lá Maghnas mac Donnchaidh, & la h-Aodh m-Buidhe Mac Donnchaidh. M1406.9 Mac Con Mara taoiseach Chloinne Cuiléin do écc. Annal M1407. M1407.0 AOIS CRIOST, 1407. Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a Seachtt. M1407.1 Muirchertach (.i. mac mic Maine) Ua Ceallaigh Airdepscop Connacht, saoí i n-eccna, i n-eineach, & i crabaidh d'ég. M1407.2 Seaan mac Taidhg Ui Ruairc adbar tigearna Breifne d'eg i Muigh Luirg, & a adhnacal i n-Druimm Leathain. M1407.3 Mac Taidhg mic Mathgamna Duinn Uí Chinnedigh tighearna Urmhumhan Uachtaraighe do marbhadh la h-Ua c-Cearbhaill. M1407.4 Maidhm la Gallaibh for Gaoidhealaibh na Mumhan dú inar marbhadh Tadhg Ua Cerbhaill tighearna éle, feicheamh coitcenn do cliaraibh Erenn eisidhe. ----- p.792 M1407.5 Maidhm Chille h-Achaidh la h-Ua c-Concobhair Ruadh la cloinn Maoileachlainn Uí Chellaigh & la Mac Diarmata for Mac Uilliam Cloinne Riocaird, & for Cathal mac Ruaidhri Uí Choncobhair (dia ro goireadh ainm righ Connacht deis Uí Chonchobhair Duinn do mharbhadh) gur briseadh forra diblinibh gur gabhadh Cathal Ó Conchobhair, & Uilliam A Búrc, & Remann Mac Hoiberd, & Ó h-Eidhin iar marbhadh moráin da muintir leth for leth. Ro marbhadh ann Raghnall mac Domhnaill Óicc Mec Domhnaill, & Seaan Ballach mac mec Henri. Ro fhaccaibhsiot eich & éitteadh iomdha isin maidhm-sin. M1407.6 Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Conchobhair, & Clann n-Donnchaidh ro ghoirset an ghairm righ-si do Chathal mac Ruaidhri for Carn Fraoích dia t-túdcaidhsett co Machaire Connacht gur ro brissett caislen Tobair Tuillsce. M1407.7 Eoghan mac Cathail mic Aedha Bréifnigh mic Cathail Ruaidh Uí Concobhair do écc, & a adhnacal i mainistir na Búille. M1407.8 Conmac Ua Ferghail do écc. M1407.9 Cathal mac Uí Concobhair Fhailgigh do mharbhadh la Cloinn Fheorais. M1407.10 Aodh Mag Aengusa tighearna Ua n-Echdhach do mharbhadh da braithribh fein, & dá airect. M1407.11 Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdealbhach mac Neill i c-Cairpre go ro creachadh crioch Cairpre lais. M1407.12 Aodh Mág Uidhir do ghabhail la Niall Ua n-Domhnaill, & la Cathal Ua Ruairc, & Maghnus Eoghanach Mhág Uidhir, & a m-breith d'ionnsaighidh Uí Domhnaill, & O Domhnaill do légadh Aodha ar slánaibh Eoghain Uí Neill & Meg Uidhir. ----- p.794 M1407.13 Aodh mac Airt Mheg Aenghusa tighearna Ua n-Eachdhach do iondarbhadh la cloinn Con Uladh Uí Néill, & la a brathair fein, .i. mac Muirchertaigh Óicc Meg Aonghusa as a thír budhdein i crích Mhec an t-Sabaoísigh, & iatt dia lenmain isin tir-sin go ro sraoíneadh lais-siumh forra, & go ro mharbh Mac Giolla Muire. M1407.14 Aodh Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do écc iar c-cian-aois. M1407.15 Eoghan Ó Dochartaigh adhbar taoisigh Arda Miodhair do écc. Annal M1408. M1408.0 AOIS CRIOST, 1408. Aoís Críost, míle, cethre chéd, a h-ocht. M1408.1 Iarla Chille Dara do ghabhail do mac Righ Saxan. M1408.2 Sluaigheadh la Gallaibh Atha Cliath im mac Righ Saxan go Laignibh. h-It-sin Diúid do mharbhadh for an sluaigheadh-sin, & ba móir-easbaidh eisidhe. M1408.3 Tomás mac Hoiberd mic Emainn mic Hoiberd do mharbhadh d'aon- urchor fogha la Giolla na Naomh mac Uilliam Gallda Uí Taidhg. M1408.4 Maghnus Mag Samradháin do marbhadh don Baothán Mac Giolla Ruaidh d'urchar do chuaille. M1408.5 Milis Dalatún do mharbadh lá a bráithribh budhdéin. A mhac do mharbhadh iar sin la Sliocht Chathail Uí Ferghail, & a chaislen do briseadh. M1408.6 Fearghal mac Conconnacht Uí Fherghail do écc. ----- p.796 M1408.7 Conchobhar mac Iomhair Uí Ainlighe do marbhadh la Corcaibh Achlann & la Cenél Dobhtha budhdhéin for monaigh Cluana na c-Cailleach lá na m-bruach n-dubh (& ba cruaidh an la-sin do cloinn Iomhair Uí Áinlighe, & do Chathal Dubh Ua Chonchobhair), & a adhnacal i Ros Commáin. M1408.8 Eóghan Ó Ruairc, & cland Duinn Mhég Samradháin do dul i Tir Conaill do chogadh for Bréifneachaibh. M1408.9 Mac Briain Ó c-Cuanach do marbhadh i meabhail la Gallaib, & lasan m-Breicleighech. M1408.10 Tadhg Ua Gráda taoiseach Chenél Dúnghaile do écc. M1408.11 Sean Cam Ó Sechnasaigh do marbhadh la Mac Uí Lochlainn ar sugradh ar faithche Cluana Ramfhotta. M1408.12 O h-Echeidhein do marbhadh do Uibh Dalaigh i Machaire Maonmaighi. M1408.13 Mac Giolla Muire do marbhadh i meabhail i c-Carraic Ferghusa la cloinn Mec a t-Sabhaoísigh. M1408.14 Coccadh ag Mac Murchadha re Gallaibh, & as é Mac Murchadha ba cosccrach. M1408.15 Coccadh mor acc Ua c-Concobair Failghe re Gallaibh go ro aircc, & go ro mhill ile uaidhibh. M1408.16 Mac an Bhaird Chúile an Urtain ollamh Ua Maine do écc. M1408.17 Caislen Baile an Dúin do denamh la Concobhar mac Taidhg Mec Donnchaidh. M1408.18 Caislen Cuile Maoile do dhenamh la Murchadh mac Corbmaic Mec Donnchaidh. ----- p.798 Annal M1409. M1409.0 AOIS CRIOST, 1409. Aoís Criost, míle, cethre ched, a naoí. M1409.1 Brian mac Seain Ui Eghra epscop Achaidh Conaire do ecc iar m-buaidh ongtha & aithrighe. M1409.2 Mac rígh Saxan do fhágbhail Ereann, & Iarla Cille Dara do leigean dó riana imtecht. M1409.3 Athtaoiseach do dhénomh do Maoileachlainn Mor Mhag Eochagain, & Fearghal Ruadh mac Fearghail Ruaidh mic Donnchaidh do óirdneadh ina ionad. M1409.4 Cos Risdeird A Búrc do briseadh la coin baoí ina rioth do bhuain dó, & a écc treimhid-sidhe. M1409.5 Creach beoil lece la Tighearnan Ua Ruairc ar Ua n-Domhnaill, & for Chathal Ua Ruairc, & for Eoghan Ua Ruairc. Ua Domhnaill & Cenel Conaill do bheith i foslongport alla tall don eass, Cathal, & Eoghan don taobh abhus don eass cettna go t-tucc-somh an creach uatha diblinibh. M1409.6 Foslongport do denamh d'Ua c-Concobhair Ruadh & d'Ua c- Ceallaigh i t-timcell Rossa Comaín dia ro mhillsiot arbhanna an bhaile & na mainistire, & ro cuirseat na braithre as in mainistir d'eccla sccel do-rochtain anonn don caislén. M1409.7 Sluagh mor la Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Concobhair, & la Mac Donnchaidh Thíre h-Oilealla, & la cloinn Tighernáin Uí Ruairc gur ro chuirset costus & lón i c-caislen Rosa Commain d'aimhdheoin fer c-Connacht ó shliabh suas, & iatt in aoin-tionól ara c-cionn do cois & d'each. Agus tangadar tar a n-ais an oidhce-sin isin Airm, & arna marach dia t-tighibh. M1409.8 Muintir Chuirnín do denamh marbhtha for aroile, .i. Seaan & Connla do mharbhadh la Diarmaitt mac Muircheartaigh Uí Chuirnín i t-tigh Uí Duibhgionnain Baile Coillte Foghair. Diarmaitt do dul iar sin go teach Chonchobhair Chruimm ----- p.800 mic Taidhg Uí Ruairc a thigherna & a chomhalta budhdhéin. Conchobhar dá ghabhail fo chettóir i c-cionnaidh a mhighníomha, & a thairbert uaidh do Muintir Ruairc & do Muintir Chuirrnín, & a beith i m-braighdenus asa h-aithle go cenn coícthidhisi & mac Seaain Ui Chuirnín dá marbhadh iaramh. M1409.9 Muircheartach mac Aedhagáin ollamh breitheamhan fear t-Teathba, saoí fhoirccthi erghna ina ealadhain feisin do écc. M1409.10 Mael Seclainn mac Mael Ruanaidh Mec Donnchaidh, & Sean Buidhe a brathair do ionnsaighidh Thaidhg mic Maoil Ruanaidh mhic Gilli Crist Mhec Donnchaidh i Maigh Luirg, & Tadg do gabáil doibh. Tionól an tíre do breith forra, & deabhaidh do chor etorra, & saighet do chur i Maoilechlainn mac Mhec Donnchaidh, & a écc as a los. M1409.11 Coccadh mor eittir Ua m-Briain cona cloinn & clann Bhriain Ui Briain. Do-rala etorra gur ro sraoínedh for Ua m-Briain, & ro gabadh mac Iarla Chille Dara do-rala ina fharradh & Diarmait, & ro h-iondarbadh Ó Briain as in Mumain móir amach la cloinn Uí Briain. M1409.12 Mag Cárthaigh Cluasach, .i. Domhnall mac Fíngin mic Donnchaidh mic Diarmata Remhair do écc. M1409.13 Fínghin mac Mec Con mic Fínghin Uí Eidersceoil do ecc. M1409.14 O h-Eidisscceóil Ócc do écc. M1409.15 Muircheartach mac Giolla Ulltain saoi shenchadha do ecc. M1409.16 Eiccneach Ó Duinnín adbar ollaimh Desmumhan do écc don plaigh. Annal M1410. M1410.0 AOIS CRIOST, 1410. Aoís Criost, míle, ceithre chéd, a dech. M1410.1 Domhnall Ua Néill tighearna Thíre h-Eoghain fear go n-gairin rígh a cheinóil do ghabháil la Brian Mag Mathghamhna mar nar chubaidh, & a thabhairt ar chomhtaibh d'Eoghan Ó Néill, & Eoghan dia chor dia iomchoimhett go Mag Uidhir. M1410.2 Raghnall Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais do ecc iar n-ongadh & ----- p.802 iar n-aithrighe, & Cumhscrach Mhág Raghnaill do chur i t-taoisighecht ina dheoidh, & a écc sidhe h-i c-cionn coictighisi iar sin. M1410.3 Fedhlimidh Cleireach mac Aedha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair do écc. M1410.4 Tadhg Carrach mac Toirrdhealbhaigh Duinn Uí Concobhair do écc. M1410.5 Maoileachlainn mac Eoghain Uí Ruairc do mharbhadh la Conallchaibh. M1410.6 Caislén Dhuin c-Cremtannain do blodhadh d'feraibh Cairpre & do Breifneachaibh. M1410.7 Tomás mac Maol Mhuire Mec Craith ollamh Tuadhmhumhan le dán do écc. M1410.8 Sadhb inghen Conchobhair Uí Briain ben Uater A Búrc do écc. M1410.9 Corbmac Óg Mhág Cárthaigh d'ég i n- geimeal Mhég Cártaigh Mhóir ag á brathair. M1410.10 Tadhg mac Maoileachlainn mic Uilliam mic Donnchaidh Muimhnigh Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine, flaith-fhear dearcach daonnachtach do écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1410.11 Tadhg mac Uilliam mic Concobair Mec Branáin taoiseach Corco Achlann do écc lá Samna ina thigh féin i c-Coillidh Móir Cluana Sencha iar n-ongadh & iar n-aithrighe n-diongmhala, & a adhnacal i mainistir na m- brathar i Ross Commain i n-iomdhaidh a athar & a shenathar. M1410.12 Donnchadh mac Maoileachlainn Uí Cheallaigh do ghabhail tighearnais for Uibh Maine i n-deóidh Taidhg. M1410.13 Cuig céd bó do breith do cloinn Uí Concobhair Duinn o mhuintir Uí Choncobair Ruaidh (i t-timcheal na Samhna) o Ráith Brenainn. M1410.14 Toirrdhealbhach & Tadhg da mhac Uí Mhaoil Mhuaidh, & Domnall mac mic Hoibicín Uí Maoil Mhuaidh do mharbhadh la Cloinn Mhaoil Ughra. M1410.15 Maoileachlainn Mór mac Ferghail mic Ferghail mic Muirchertaigh Móir Mhég Eochagain tighearna Chenél Fiachach do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighe. M1410.16 Domhnall mac Corbmaic Ui Eaghra adbar tighearna Luighne d'écc. M1410.17 O Briain do thecht i t-Tuadmumhain iar n-denamh siodha fria a bhraithribh, .i. le cloinn Briain Ui Briain. M1410.18 Caislen Maighe Brecraighe do ghabhail la Gallaibh Midhe & lasin Iustís ar Ua f-Ferghail. ----- p.804 M1410.19 Domhnall mac Aedha Ui Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do mharbhadh la cloinn Briain Uí Fhlaithbertaigh ina oireachtus fein. M1410.20 Sluaigheadh la h-Ua n-Domhnaill Toirrdhealbhach i m-Breifne Uí Ruairc go ro creachloiscceadh an tir lais. Ruccsat fir Breifne i t- toraigheacht fair. Ro fighedh erghal etorra go ro sraoíneadh for an tóir dú in ro marbhadh Sean mac Eoghain Uí Ruairc go sochaidhibh ele imaille fris, & ruccsat Cenél c-Conaill an c-creich. Annal M1411. M1411.0 AOlS CRIOST, 1411. Aoís Criost, mile, cethre chéd, a dech, a h-aon. M1411.1 Croch naomh Ratha Both do tepirsin fola tar a créchtaibh galra. & tedhmanna iomdha do fhóiridhin lasan b-fuil h-i-shin. M1411.2 Domhnall mac Concobhair Uí Briain tanaisi Tuadmhumhan do mharbhadh lásan m-Barrach Mór. M1411.3 Eoghan mac Murchadha Uí Madadháin tighearna Shíl n-Anmchadha d'écc. M1411.4 Maol Mórdha mac Con Connacht mic Giolla íosa Ruaidh Uí Raghallaigh tighearna Breifne do écc. M1411.5 Cobhthach Ua Madadháin adhbhar tighearna esidhe ar a dhuthaidh fein d'écc. M1411.6 Muirchertach mac Con Uladh Uí Néill riogdamhna Chenel Eoghain d'écc. M1411.7 O Suilleabhán Mor do ghabhail & do dhalladh, & a mhac do mharbhadh la Domhnall (.i. Domhnall Dubh) Ua Suillebháin i fell. M1411.8 Tomás mac Seain iarla Desmhumhan d'indarbadh a h-Erind lá Semus mac Gearóid. M1411.9 Maol Seachlainn mac Briain Mheg Tighernáin tanaisi Teallaigh Dúnchadha d'écc. ----- p.806 M1411.10 Conchobhar Ua Cathasaigh airchindeach fearainn Muintire Cathasaigh i n-Daimhinis, & Iohanes Mac Sgoloige aircindeach a fhearainn fein i Ros Airtir d'écc. M1411.11 Muirceartach Midheach mac Briain Uí Fhearghail tighearna an Chaladh isan Anghaile fear nach ar h-imdeargadh riamh d'écc. M1411.12 Concobhar mac Giolla Mo Chuda Uí Shuillebain do marbhadh da braithribh fein i f-fiull. M1411.13 Mainistir Eanaigh Dúin do losccadh. M1411.14 Domnall Doidhiola O Bechain saoí shenchadha do ecc. M1411.15 Diarmait mac Giolla Iosa Meg Craith ollamh Tuadhmumhan le dán do écc. M1411.16 Domhnall mac Cathail Ui Ruairc do ecc. M1411.17 Taichleach Buidhe Ó h-Eghra do ecc. M1411.18 Sirriam na Midhe do gabail la h-Ua c-Concobair f-Failge, & fuaslaccadh mór do bein as. M1411.19 Mág Cárthaigh Mór do iondarbhadh la h-Uíbh Suilleabhain. M1411.20 Maol Muire Mac Suibhne do ghabhail la h-Ua n-Domhnaill tre ionnlach & edarchosaoítt aroile dia mhuintir. M1411.21 Tadg (.i. Caoch na Moicheirghe) mac Diarmata Meg Carthaigh adbar tighearna Desmumhan do mharbhadh i f-fiull la Feidhlimidh mac Diarmata Még Cárthaigh. M1411.22 Mac Maghnasa Tire Tuathail & a mhac do mharbhadh la cloinn Ruaidhri Mec Maghnasa. ----- p.808 Annal M1412. M1412.0 AOIS CRIOST, 1412. Aoís Criost, mile, cetre ched, a dech, a dó. M1412.1 Dealbh Muire Atha Truim do denamh miorbhal n-iomdha. M1412.2 Domhnall mac Néill Uí Dhomhnaill d'écc. M1412.3 Aodh mac Enrí Uí Neill do éludh a h-Ath Cliath iar m-beith dho dech m-bliadhna i l-laimh & tucc fós móran do braighdibh oile lais ar an elúdh-sin fa mhac Még Uidhir, & fa mhac Uí Néill .i. mac a derbhrathar fein, & ba ar son Uí Neill do-coidh-siumh i m-braighdenas, & iar n-élúdh dó ro measccbuaidhreadh an coicceadh uile ag tobach Uí Néill ar Eoghan Ua Neill, & ar Ua n-Domhnaill, & ar Mag Uidhir, & ar Oirghiallaibh. M1412.4 Tighearnan Ócc mac Tighearnain mhóir-adhbhar tighearna Breifne d'ecc iarsan seiseadh bliadhain triocat a aoisi a mí april do shonradh. M1412.5 Cú Chondacht Mac Tighearnáin taoiseach Teallaigh Dúnchadha do mharbhadh la Feraibh Manach ina thigh fein h-i c-Cruachain Mec Tighernáin ar greis oidhche, & tucatar ár fer, ban, & lenamh, & ro loisccset an baile uile, & tiaghaitt iaramh tar a n-ais. M1412.6 Donnchadh mac Domhnaill Mec Gille Findéin d'écc. M1412.7 Riocard Bairéd do theacht ar crech go Cúil Chernadha, & daoíne uaisle an tíre do breith fair, & a chur gusan Muaidh, & a bathadh fuirre go sochaidhibh dia mhuintir immaille friss do báthadh & do ghabháil. M1412.8 Eda Léis & mac iarla Cille Dara do comhthuitim ré aroile i c-Cill Mo Cheallóg. ----- p.810 M1412.9 Coccadh eitir Ua n-Domhnaill & Ua c-Catháin & clann t-Seaain Uí Dhomhnaill, táinicc trá a Catháin & clann t-Seaain cona shochraide h-i t- Tír Chonaill, & ro marbhadh cethri fir dég do mhuintir Uí Dhomhnaill leó im mac Fedlimidh Uí Dhomhnaill & im Cathal mac Raghnaill Uí Bhuighill. M1412.10 Mór-shluagh lá Brian mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Choncobhair im Lughnasadh i n-Gailengaibh ar tús. Assidhe i Cloinn Cuain, h-i Cera h-i Conmaicne Chúile Tóladh, & ruc leis Clann Muiris na m-Brígh cona c-caoraigheacht isin crich-sin. Ro thionóilset Clann Uilliam Búrc, Uí Flaithbertaigh, Muintir Mháille, Bairédaigh, Gailenga, & Goisdealbhaigh ara cind, agus ní thuccsat sin uile troid ná tachar dhó, & do loiscc Brian a c-criocha da n-aimhdheóin, cia do mhill a n-guirt, & cia do loisc a longporta, .i. Caislén an Barraigh, Lethinsi, Baile Locha Mescca, & fágbhais Cland Muiris cona c-caoraigheacht ina t-tír fein, & fuair síth o na Gallaibh & ó na Gaoidhelaibh sin don chur-sin, & tainic féin slán dia thigh iar sin. M1412.11 Sluaigheadh oile lá h-Eoghan mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Chonchobhair co Machaire Connacht fo toghairm cloinne Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair gur mhillset cuid cloinne mic Fedhlimidh don mhachaire & ruccsat bú, & braighde leó iar sin. M1412.12 Sadhbh inghen Tighearnáin Uí Ruairc ben Emainn mic Tomáis mic Cathail Uí Ferghail d'écc. ----- p.812 M1412.13 Ruaidhri mac Cathail Uí Fergail do mharbhadh i Machairi Chuircne d'urchur soighde. M1412.14 An cuicceadh Henrii do rioghadh os Saxaibh .20. marta. M1412.15 Sluaigheadh la Brian Ua c-Concobhair i t-Tír n-Aedha, go ro loiscc go Murbhach, & go ro marbh Coilín Mac Coilín i m-Bel Átha Senaigh. M1412.16 Mág Bradaigh taoiseach Chúile Brighdín, Maghnus Mág Raghnaill, mac Lochlainn Uí Ruairc, & Cuabha Mág Gormáin do écc. M1413.0 AOIS CRIOST, 1413. Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a tri. M1413.1 Henrí Baired do gabháil la Mac Baitin (.i. Roiberd) h-i t-teampall Airigh Locha Con, & a breith ar eccin iar sáruccadh an bhaile. Ní raibhe Mac Baitín én-oidhche nach t-ticceadh naomh an bhaile (Tighearnan Airigh) i n-aislinge chuicce ag iarraidh na braghadh go b-fuair a h-aiseacc fo dhéoidh, & tuc Mac Baitín cethraimhe fearainn do Thighearnán Airigh go brath i n-éraic a sháraighthe. M1413.2 Conchobhar Ua Dochartaigh taoiseach Arda Miodhair, & tighearna Insi h-Eoghain fer lán d'fhéle & d'eineach coitcenn fri truaghaibh & bochtaibh do écc. ----- p.814 M1413.3 Tuathal Ó Máille do dhul ar congmháil h-i c-cúicceadh Uladh, & a beith bliadhain innte & ag soadh dia thigh lucht secht long im fhél Cholaim Chille, ro éirigh anfadh na mara thiar dhóibh, & ro fuadaigheadh iad lamh dheas ré h-Albain gur ro báidheadh sé longa cona f-fóirnib díbh-sidhe im dhá mhac Tuathail Uí Mháille, im Dhonnchadh mac Eoghain Connachtaigh Mec Suibhne, im Dhomhnall Bhallach mac Mec Suibhne Girr, & dá fichit ar dhá chéd immaille friú, & Tuathal féin do thecht i t-tir ar eigin i n-Albain. M1413.4 Cathal mac Eoghain Uí Madadháin tighearna Sil n-Anmchadha d'ég. M1413.5 Tomás Óg Ua Raghallaigh & clann Chába do dhol ar ionnsoigidh isin Midhe, & loisgthi & airgne do denamh dóibh innte. Goill do breith orra. Mathghamhain Mac Cába, Lochlainn Mac Cába, & drong mhór dia muintir do marbhadh. Ga do bhein h-i c-cois Thomáis Óicc, & a bheith bacach ó sin amach. M1413.6 Corbmac mac Taidhg mic Ruaidhri Uí Choncobhair d'écc an .ui. Kl. maii. M1413.7 Toirrdhealbhach mac Uí Chonchobhair Failghigh do ég do easgar. M1413.8 Bebind inghen Ruaidhri, mic Tomaltaigh, Mec Donnchaidh bean Eoghain, mic Domhnaill Uí Concobhair d'écc. M1413.9 Luimneach uile eitir chloich & crann do losccadh lá h-aon-mhnaoí. M1413.10 Maidhm la Mac Murchadha (.i. Art mac Airt Chaomhanaigh) tighearna Laigen ar Ghallaibh na Contae Riabhca, & sochaidhe mór do mharbhadh, & do ghabhail diobh. M1413.11 Maidm mor la h-Ua m-Brain ar Ghallaibh Atha Cliath mar an c-cédna eittir mharbhadh & gabhail. M1413.12 Colla mac Taidhg Uí Cheallaigh adbar tighearna Ua Maine, Maoileachlainn mac Maghnasa Mec Domhnaill O Meachair taoiseach Oacute; c-Cairín, & Mac Aedhagain Urmumhan saoí i f-feinechus, iatt-sidhe uile do écc. M1413.13 O Floinn taoiseach Shil Maoíle Ruain do mharbhadh la mac Muircertaigh Ui Floinn. ----- p.816 Annal M1414. M1414.0 AOIS CRIOST, 1414. Aoís Criost, mile, ceithri chéd, a dech, a cethair. M1414.1 Domhnall Ua h-Eóghain deganach Locha h-Erne d'eg an .3. non. october. M1414.2 Mainistir Sliccigh do losccadh lé coindill i n-earrach na bliadhna-so. M1414.3 Clann Enrí Uí Néill do ionnsoighidh Eoghain mic Neill Óig Uí Néill, & Eoghan do ghabháil dóibh h-i n-geall ris Ua Néill do bhaoí i l-laimh an tan-sin ag Eoghan, & a léigean amach díbhlínibh i n-aghaidh aroile, & a thighearnus fein do ghabháil d'Ua Néill .i. Domhnall. M1414.4 Maidhm mór lá Murchadh Ua c-Concobhair tighearna Ua f-Failghe & lá Feargal Ruadh Mhag Eochagan tighearna Cenél Fiachach Mic Nell for Ghallaibh Midhe h-i c-Cill Écháin in ro marbhadh barún na Scríne & drong mhór do shaor-chlandaibh & daor-chlannaib immaille fris, & in ro gabhadh mac barúin Sláine as a b-fríth ceithre chéd décc marg, in ro gabhadh dona Dardissech Gan Dlighe & an líon oile as a f-fríth dá céd décc marcc cén mo thá luach lessa & impidhe. M1414.5 Aodh mac Cathail Uí Conchobhair d'écc. M1414.6 Mág Cárthaigh Cairbreach .i. Domhnall mac Domhnaill do écc. M1414.7 Iarla Deasmhumhan do theacht i n-Erinn, & Saxanaigh iomdha do thabhairt lais do milleadh Mumhan. M1414.8 Iarla Urmumhan do tocht i n-Erinn o Rígh Saxan. ----- p.818 M1414.9 Iohn Zanlae .i. fer ionaid righ Saxan do theacht i n-Erinn fear na tucc cadhus nó termann do thuaith, ná d'eacclais, ná d'ealadhain an mhéd gusa ráinicc acht a c-cur fri fuacht, faighdhe, & gorta. Asé ro airg Niall mac Aodha Uí Uigind i n-Uisneach Midhe, & ro h-airgeadh Semus Diúit & muintir an rígh la Hanrí Dalatún, & tucc bó sa m-boin dona h-oirgnibh-sin do Mhuintir Uiginn, & ro iodhlaic i c-Connachtaibh iad iar sin. Ro aorsat iaramh Muintir Uiginn im Niall Iohn Zanlae, & ní raibhe beó iarsan aoír-sin acht cúicc seachtmhaine namá an tan fuair bás do neimh na n-aor, & as é sin an dara fiort filidh do-ronadh for Niall Ua n-Uiginn, .i. Clann Condmaigh do lethadh aidhche creiche Néill h-í Cladaind, & Iohn Zanlae do écc. M1414.10 Concobhar mac Seffraidh Uí Fhlannagáin adhbhar taoisigh Cloinne Cathail d'écc an seiseadh lá ria samhain. M1414.11 Eochaidh Mhág Mathghamhna tanaisi Oirghiall do ghabháil lá Brian Mag Mathgamhna & la Gallaibh. M1414.12 Murchadh Na h-Aongusa tighearna Cloinne Colgan d'écc. M1414.13 Art Caomhánach adhbar ríogh Laighen do écc. ----- p.820 M1414.14 Maol Ruanaidh mac Ferghail Mec Diarmata tighearna Maighe Luirccdo ecc. M1414.15 O h-Eidirscceoil Mór do marbhadh la lucht luinge cendaighe i f-fiull. Annal M1415. M1415.0 AOIS CRIOST, 1415. Aois Críost, míle, cethre chéd, a dech a cúicc. M1415.1 Emann Mag Findbairr prióir Insi Móire Locha Gamhna do ég an 27. April. M1415.2 Lord Furnumail do thecht ina Iustis i n-Erinn. Laoighis Uí Mhordha do mhilleadh lais, & caislén mic Fachtna Uí Mhórdha do ghabhail lais bheos. Airgne móra do bhuaibh d'eachaibh & d'innilib do bhreith dhó a h-Airghiallaibh, & Meic na m-Brethnach do mhilleadh & do orgain, & Gearóid mac Tomáis Chaoích don fhuil Gearaltaich do crochadh leis. Ro airg bheós drong mhór d'aos dána Ereann, .i. Ua Dálaigh Midhe (Diarmait), Aodh Óg Mag Craith, Dubhthach Mac Eochadha Eolaigh, & Muirgheas Ua Dálaigh. Isan samhradh ar c-cind dna ro aircc Ua Dalaigh ----- p.822 Chorca Modruadh .i. Ferghal mac Taidhg mic Aonghusa Ruaidh. Ro aircc Bruicchean Dá Cocca i m-Machaire Chuircne, ní h-edh amháin acht ní thucc termann do naomh iná do neimeadh in fad do baoí in Érinn. M1415.3 Creach mhór do dhenamh d'Ua Mhaille .i. Aedh for Dhiarmaid Ua Mhaille, & Diarmaid do ghabháil oilén Uí Mhaille, & Aodh do dhul i n- iarmhóracht Diarmada, ferthar iomaireg etorra, & ro marbhadh Aodh Ua Máille tighearna Umhaill annsin lá Diarmaid & a mac Concobhar, & mac Tomáis Uí Mhaille. Ro marbhadh ann dna Domhnall mac Diarmada Uí Mhaille. Ro scar oireachas Umhaill ré sliocht Aodha ó sin amach, & gabaidh Diarmaid tighearnas. M1415.4 Tomaltach Ruadh mac Conchobhair mic Muirghesa d'écc. M1415.5 An Clasach Ua Cobhthaigh saoí ré dán, & re daonnacht d'écc. M1415.6 Diarmaid mac Diarmada mic Concobhair mic Tomaltaigh Mec Diarmada do mharbhadh la cloind Uí Chonchobhair Duinn, & a adhnacal i mainistir Atha Da Laarg. M1415.7 Cathaoír mac Donnchadha Uí Fearghail do écc. M1415.8 Aedh mac Donnchadha Uí Cheallaigh d'écc. M1415.9 Tomaltach mac Taidhg Uí Bhirn do mharbhadh i n-greis oidhche la Feargal mac Diarmata Mécc Raghnaill h-i Cluain Síthe i m-Baile Elli h-i tigh Mec an Donnánaigh, & inghen Lochlainn Uí Áinlighi do losccadh ann bheós an .ui. idus ianuari. M1415.10 Conchobhar mac Briain mic Uilliam Mhég Eochagáin do mharbhadh i c-Cill Cuairsighe. ----- p.824 M1415.11 Coccadh eittir Luighneachaibh fein, & tochar doibh fri aroile, & briseadh for an lucht soir & daoine do mharbhadh diobh, & Art mac Uí Eghra do ghabháil go ro crochadh leó h-é aga t-tigh. M1415.12 Clann Diarmata Duibh Uí Fhlaithbertaigh do mharbhadh & do gabháil da m-braithribh fein, & lasin n-Giolla n-Dubh Ua f-Flaithbertaigh. Annal M1416. M1416.0 AOIS CRIOST, 1416. Aoís Criost, mile, ceithre chéd, a dech, a sé. M1416.1 Adam Lexid epscop Ard Achaidh , brathair Gallda esidhe do losccadh i Ráith Espuicc, & Conchobhar mac Feargail mic Con Chonnacht Uí Ferghail do togha lá coraidh Ard Achaidh ina ionadh. M1416.2 Deaccanach Cille h-Aladh (.i. Ó h-Ainmche) do écc. M1416.3 Muirghes Ua Coireóil comarba Droma Cliabh do losccadh 'na tigh fén lá foghladhaibh. M1416.4 Tomás Mac ind Ócclaich aircindeach Cille h-Oiridh, & ard-maighistir Condacht i n-dlighidh do écc iar m-buaidh n-aithrighe. M1416.5 Lucás Ua Treabhair airchindeach Chille Fearcca d'écc iar n-deigh-bethaidh. M1416.6 Mainistir Sliccigh do cumhdach (iarna losccadh feacht riamh) lá Brian brathair mac Diarmada Mec Donnchaidh. M1416.7 Gormlaidh inghen Néill Mhóir Uí Néill ben Seain Uí Dhomhnaill do ég. M1416.8 Ardghal mac Briain Mhóir Meg Mathghamna tighearna Airghiall do écc. M1416.9 Art Caomhánach (Ri Laighen) mac Airt Chaomhánaigh mic Muircheartaigh Caomhanaigh mic Muiris Chaomhánaigh, & ca., aon-rogha Gaoidheal Ereann ind eneach & ind engnomh do écc iar m-buaidh n-athrighe ina longport budhdhéin. ----- p.826 M1416.10 Cú Meadha mac Seain Mec Con Mara adhbhar taoisig Cloinne Cuiléin do écc. M1416.11 Ionnsoighidh lá Mac Siúrtain d'Exetra cona braithribh for cloinn Seaain Uí Eghra, Ua h-Eghra fein, & Toirrdhealbhach Carrach mac Domhnaill mic Muircheartaigh Uí Conchobhair, & marcshluagh Cairpre do theaccmháil ré toisseach na fedhna-sin Mhec Siurtáin, & Ua h-Eghra do mharbhadh, & Maghnas mac Donnchaidh mic Muircheartaigh Uí Concobhair, & mac Aodha Mec Donnchaidh, & Toirrdhelbhach Carrach mac Domhnaill do lot. Mac Siurtáin do dhenamh creach na criche iar sin, & an tír uile do thionól, & do dhul 'na t-toraigheacht. Sraointear leo for Mac Siurtáin, & ro marbhadh é, & Aédh Ua Ruadháin, & Ua Ruadháin feisin, da mac Tomais Mec Maoilir, & Mac Duarcain (.i. tighearna Chúla n-Eiridh) do mharbhadh ann bheós co sochaidhibh oile cen mo thátt. M1416.12 Coccadh eittir Fearaib Manach & Fir Breifne fá chios Cathail mic Aodha Uí Ruairc, & Cathal a l-leith Manchach an tan-sin. Tuccadh sraoineadh for mhuintir Aodha Mhég Uidhir & Cathail Uí Ruairc lá Tadhg & lá Domhnall Ua Ruairc in ro marbhadh Tadhg mac Fearghail Uí Ruairc & naonbhar imaille fris, & ro benadh aoín each décc diobh don chur-sin. M1416.13 Ionnsoighidh oile do thabhairt lá h-Aodh m-Buidhe & lá Tadhg Ua Ruairc & la Mág Caba for Mhuintir Pheodacháin, & Fir Manach o Loch Erne siar do breith forra. Rucc orra din Cathal Ua Ruairc & Eoghan Ua Ruairc, & ro fuilngedor clann Uí Ruairc an t-anbforlann-sin nó go rangattar a c-ceann a n-gallocclach ro fhágaibset a c-ceilcc ina ercomhair. Ro iompaídhset díbhlínibh iaromh fris an tóraigh, & ro marbhadh leó Donnchadh & Sean Ua Ruairc, & dá mhac Maoíleachloinn mic Flaithbeartaigh Uí Ruairc, & ro marbhadh ochtar & da fichit imaille friú do Fearaibh Manach. M1416.14 Domhnall mac Tighearnain Mhóir Uí Ruairc do ecc do ghalar breac, & ba h-esbaidh mhór do Gairb-trian Connacht oidheadh an fhir hi-sin. M1416.15 Gráinne inghen Flaithbertaigh Uí Ruairc d' écc. ----- p.828 M1416.16 Tadhg Ócc mac Taidhg Ruaidh Mec Diarmada Gall tighearna Airtigh do ég i n-diaid fele Michil i t-tig na m-Bratar i Ros Comain, & a adnacal isin mainistir. M1416.17 Tempall Insi Moir Loch Gile do losccadh, & screptra Uí Chuirnin imon Leabhar n-Gearr Muintire Cuirnín go seódaibh iomdha oile ar cheana. M1416.18 Semus mac Risdeird Mec Feorais do ecc. M1416.19 Sean Mac Goisdelb do dhol ar creich for Émann an Mhachaire, creach mór do, & e fein do marbhadh d'aen urchor saighde iar c-cur na creiche for daingen. M1416.20 Sean Ó Cendubhain Pearsún Tíre Fiachrach Muaidhe do ecc. M1416.21 Feidhlimidh mac Aodha Uí Concobhair do mharbhadh la cloinn Uí Concobhair Dhuinn. M1416.22 Creacha mora do denamh la h-Émann a Burc ar Mac Feórais, & Mac Feorais do ghabháil la h-Emann, & a chur go Baile Locha Mescca. M1416.23 Sith do dhénamh d'Ua Domhnaill & do Bhrian Ó Choncobhair fri aroile. M1416.24 Maidhm mor do thabhairt la h-Ua c-Concobair f-Failge for Ghallaibh na Midhe, & édala mora do bhein diobh do braighdibh, d'eachaibh, & d'eidedh. M1416.25 Saxain iomdha do techt i n-Erind. M1416.26 Maidhm do thabhairt do Mhac Murchadha ar Ghallaibh na Condae Riabhca, & secht fichit d'écc do mharbhadh & do ghabhail diobh, & síth do dhenamh fris ar a bharach, & braighde do tabhairt dó. ----- p.830 Annal M1417. M1417.0 AOIS CRIOST, 1417. Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a Seacht. M1417.1 Art mac Airt mic Muirceartaigh mic Muiris tighearna Laighen, fer do chosain a chuicceadh d'aimhdheoin Gall & Gaoídheal ó aoís a sé m-bliadhan décc go cenn a thrí fichit bliadhan. Fer lán d'eineach, d'eolas, & d'eangnamh. Fer lán do rath, & do rioghacht, fer médaighthe ceall & mainistreach la a almsanaibh, & edhbartaibh do écc (iar na beith da bliadhain cethrachat i t-tighearnus Laighen) sechtmain iar nottlaicc at-bath. At-berat araile gur bo do digh nimhe tucc ben h-i Ross Mic Triuin dó-samh & d'Ua Dheórán breithemh Laighen dia ro eccsat ina n-dísi. Donnchadh a mac do ghabhail a ionaidh dia éis. M1417.2 Maigistir Seon Persún Daimhinsi d'écc. M1417.3 Diarmaid Laimhdhearg mac Airt Chaomhanaigh, mac Righ Laighen, d' écc. M1417.4 Ruaidhri(.i. Ó Dubhda) mac Domhnaill mic Briain mic Taichligh Uí Dubhda tobar sonusa & saidbriosa Ua f-Fiachrach d'ég ina bhaile fein iar f-fél Bríghde i cind miosa dh'errach, & Tadhg Riabhach a dearbhrathair do gabail a ionaidh. M1417.5 Ruaidhri mac Murchadha Uí Fhlaithbertaigh, Ruaidhri mac Diarmada Duibh ----- p.832 Uí Flaithbertaigh, & sé fir dhécc d' Uíbh Flaithbhertaigh imaille friú do bháthadh for Chuan Umhaill. M1417.6 Tomas mac Mec Muiris Ciarraighe do mharbhadh lá Sémus mac iarla Deasmhuman. M1417.7 Matha mac Con Connacht Uí Fhergailtighearna Maighe Treagha do écc. M1417.8 Cormac Ballach mac Ferghail mic Con Connacht Uí Fherghail do mharbhadh lá Gallaibh. M1417.9 Coccadh mór eitir Ua Neill & Cenel c-Conaill, & indsoighidh do thabhairt d'Ua Néill ar Neachtain Ua Domhnaill dia fhoslongport isin oidche i Carn Glas eitir Ráth Both & Domhnach Mór & breith forra ina c-codladh, & da fhichit each do bein díobh, & edala móra d'éidedh d'arm, & d'edach d'faghbháil dóibh, ein fher décc eitir mharbhadh & ghabhail do bhuain diobh, & Neachtain budhdhein do thérnudh do thoradh a calmatais a engnamha & a eisiomail. M1417.10 Una inghen Domhnaill Uí Néill bean Néill Óig Uí Néill do écc. M1417.11 Coccadh mór i Laighnibh eitir Ghallaibh & Ghaoidhealaibh. Annal M1418. M1418.0 AOIS CRIOST, 1418. Aoís Criost, míle, cetre chéd, a dech, a h-ochtt. M1418.1 An t-epscob Ua h-Eidirsceóil, & Mac Con Ua h-Eidirsceoil (a dearbhrathair) tighearna Corca Laíghe, & Diarmaid mac Mhég Cárthaigh Cluassaigh tanaisi Ua Cairpri d'écc. ----- p.834 M1418.2 Creacha móra & airgne do dhénamh lá Niall Ua n-Domhnaill ar Ua Néill, & a dhiochur tar Banna sair h-i c-cenn Mhec Uidhilín. M1418.3 Airghne móra do dhenamh lá Lord Furnumail for Aedh mac Airt Mhég Aonghusa tighearna Ua n- Eachdhach Uladh. Mag Aongusa .i. Aedh, & Mac Uí Nell Bhuidhe do dhol i t-toraigheacht Ghall & a c-creach, ro sraoínsead forra iar b-fágbáil na c-creach. Ro marbhadh & ro gabhadh líon dirimh dona Gallaibh don chur-sin lá Mag Aonghusa. M1418.4 Brian Ballach mac Aodha mic Fedhlimidh Uí Chonchobhair fer ná ro ér neach riamh im nach ní nó bhiadh ina chumhang d'écc, & a adnacal i Ros Commáin. M1418.5 Eóghan mac Tighearnáin Mhóir Uí Ruairc tanaisi Breifne do bhathadh iar Notlaicc acc teacht a h-Innsi na t-Torc for Loch Fionnmaigh, & é ag dol for cuairt docom a athar baoí i n-galar a écca an tan-sin. M1418.6 Tighearnán Mór mac Ualgairg Uí Ruairc tighearna Bréifne fear is crodha & as calma tainicc do chath Ua m-Briúin, fear ro bhen a dhúthaidh ar éccin dá esccairdibh tria nert a laimhe d'écc iar c-cian-aois im fhéil Brighde, & a adhnacal h-i mainistir Sligigh. Aodh Buidhe Ua Ruairc do gabhail ionaid a athar. M1418.7 Tadhg .i. Mag Flannchadha, mac Cathail mic Taidhg taoíseach Dartraighe d'écc iar n-dul isna manchaibh dhó coíctidhis riasan tan-sin, & a mhac Cathal do ghabhail a ionaidh. M1418.8 Risderd mac Tomais Uí Raghallaigh tighearna na Breifne Thair do bhathadh for Loch Sílenn, & Eoghan Ua Raghallaigh a mac, Pilib mac Giolla Iosa mhec Gafraidh ----- p.836 deccanach Droma Letain & biocáire Eanaigh Ghairbh, & sochaidhe oile do degh-dhaoinibh do bhathadh immaille friú. Tearna trá Fionnghuala inghean Mheg Raghnaill ben Uí Raighilligh ón m-badhadh-sin do thoradh a snamha. M1418.9 An Caislén Becc do dhenamh la h-Uilliam Ua c-Ceallaigh fri ré chóig lá n-dég h-i Ross Commain ar aghaidh an Chaislein Mhóir d'aimdheóin Gall & Gaoidheal Connacht (do neoch bátar ina aghaidh ag congnamh lé cloinn Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair) i samhradh na bliadhna-so. M1418.10 Mor-shluaigheadh la cloinn Domhnaill mic Muirceartaigh Uí Concobhair, & lá Cloinn n-Donnchaidh do thoghail an Chaisléin Bicc, & ní ro aireseadar gur ro ghabsat longport ina timcheall dá gach leith gidh eadh nir' bó tarbha dóibh itir uair ro cosnadh an caislén co fearrda friú, & o nár fhédsat ní dhó, ro cuirset lón isin Caislén Mhór, & ro loiscset ceall Chúile Sílinne don cur-sin. M1418.11 Lasairfiona ingean Cathail mic Aodha Breifnigh bean Maoileachlainn mic Flaithbhertaigh Uí Ruairc do écc. M1418.12 Síth do denamh la Cloinn Donnchaidh fri aroile an c-cein nó mhairfeadh Mac Donnchaidh, Conchobhar, ina thigherna aca. M1418.13 Domhnall mac Maoileachlainn mic Muirghiusa Mec Donnchaidh do écc ina thigh féin. M1418.14 Coccadh mor eitir Mac Uí Neill Bhuidhe & Albanaigh & Goill Uladh & an Rúta. Annal M1419. M1419.0 AOIS CRIOST, 1419. Aoís Criost, míle, cethre chéd, a dech, a naoí. M1419.1 Eoin Mac Carmaic epscop Ratha Both do écc. M1419.2 Aodh Ua Flannagáin Prióir Lessa Gabhail d'écc. ----- p.838 M1419.3 Coccadh mór do eirghe eitir Ua Neill, Domhnall mac Enrí Aimhreidh, & Eoghan mac Néill Óicc rioghdhamhna Chenél Eoghain. Tainicc Eoghan i m-báidh Uí Domhnaill, Toirrdhealbhaigh, & do- róine a charadradh d'urnaidhm fris. Tionoilit sluagh lán-mór do dhul i t-Tir Eoghain. Tainicc isin sochraide-sin, Brian Mag Mhathghamhna tighearna Oirghiall, & Tomás Mhág Uidhir tighearna Fear Manach, & iarná t-torrachtain go h-aon-mhaighin co Toirrdhealbhach do deachatar uile i t-Tír Eoghain, & ro h-oirgheadh an tír co léir leo, & ro ionnarbsat Ó Néill fo dhimiadh a Tír Eóghain uile gur ros-cuirset i mesg Gall tar Banna anonn, & Mac Uí Neill Buidhe do dhenamh crech fair isna Glindibh. M1419.4 Mór-sluaiccheadh lá Brian Ua Concobhair & lá h-Iochtar Connacht uile co n-Gallaibh iomdhaibh leó tria forcongra & toghairm Uí Neill gor ro mhillset Tír Aodha uile otha Ath na n-Gall co h-Ath Seanaigh eitir fhér, arbhar, & foirccnemh, & ro loisccset Murbhach longport Uí Dhomhnaill an c- céin baoí Ó Domhnaill cona shloghaibh i t-Tír Eoghain. Soais Brian mac Domhnaill mic Muirceartaigh gona sochraide dia t-tighibh iarttain. M1419.5 Aodh Buidhe Ua Ruairc tighearna Breifne fri ré bliadhna co leith do écc, & Tadhg Ua Ruairc do thogha ina ionadh lá Muintir Ruairc> ó Sliabh an Iairn siar & Art mac Taidhg mic Ualgairg do thogha ina aghaidh o Shliabh an Iairn sair la Muintir Raghallaigh, & lá Teallach n-Dunchadha, & la sliocht Maoileachlainn Mhég Raghnaill gur ro buaidhreadh Gairbh-trian Condacht uile etorra. M1419.6 Cathal mac Aodha Mhég Uidhir degh-adhbhar tighearna d' Feraibh Manach, fear a aoisi ro ba mó ainm & oirbeart dha raibhe ina thir ina aimsir d'écc. ----- p.840 M1419.7 Cu Coiccriche mac Néill Uí Maoil Mhuaidh do écc. M1419.8 Feircheirtne mac Uiginn mic Giolla na Naomh Uí Uigind ceann fine Sleachta Giolla na Naemh Uí Uigind d'écc. M1419.9 Dauidh mac Tanaidhe Uí Mhaoil Conaire do ecc do plaigh ina thigh fein i c-Coill Mhoir na m-Brethnach iar n-aithrighe & iar n-ongadh, & a adhnacal i mainistir Eoin Baiste i m-Baile Atha Truim. Mac ollaman Síl Muireadhaigh an Dauidh h-í-sin. M1419.10 Diarmaid Ruadh mac Toirrdhealbhaigh Óicc Uí Concobhair d'écc. M1419.11 Murchadh mac Briain Uí Fhlaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht d'ég. M1419.12 O Neill do dhol do thigh Eoghain Uí Neill, & síth charthanach cairdemhail do denamh doibh re 'roile & a thigernas fein do thabhairt d'Ua Neill. M1419.13 Tadhg mac Domhnaill Uí Ceallaigh tigherna Cloinne Mic n-Eoghain do écc. M1419.14 O h-Eidirscceoil Mór, & An Ridire Fionn cona mhac do écc. M1419.15 An Calbhach O Concobair Failge do ghabháil i f-fiull la mac Sir Libiner Prene, & a reic re Lord Furnaual re fer ionaid righ Saxan i n-Érinn, & an oidhche iarna ghabhail an fer do baí ina chomglas d