Fragmentary Annals of Ireland Author: [unknown] p.2 FA 1 573 K. i Cath Feimhin in quo uictus est Colman Beag mc. Diarmada, et ipse euasit. Annal FA 2. FA 2 572 K. ui. Brenainn Bioror quieuit in Christo .clxxx. anno aetatis suae. KKKKKKK. Leigim na seacht Kla. sin seacham. Annal FA 3. FA 3 582 K. u. Cath Manann in quo Aodhán mc. Gabrain uictor erat. Annal FA 4. FA 4 583 K. ui. Marbhadh Fearadhaigh Fimi mc. Duach, rí Osairghe. As é so imorro an treas rí re ré Coluim Cille do chuaidh dochum nimhe, & as é so an fáth, amail ro innis Colum Cille d'Aodh mc. Ainmireach: Treblaid mór da gabhail an Fearadhaig. Clann Connla do toigheacht do ghabhail taighe fair; uair do Chorca Laoighdhe d'Fearadac mc. Duach, uair seacht rígh do gabhsad Osairghe do Corco Laoighdhe, & seacht rígh do Osairghe ro ghaph righe Chorca Laoighdhe. Coccadh iaramh do-somh re Cloind Connla; & as ann ro baoi-sium 'na thulg & a shéoid uile aige ann; amail bá bés dona righaibh tuilg umpa d'iobhar, .i. sdiall ar chapur, a c-cránn & a c-crannoca airgid, & a c-copain & a n-easgrada, do tabhart d'fhognamh 'san oidhche, a m-branduibh & a f-fithcealla & a c-camáin credumha ra fognum an láoi. Rob iomdha imorro séoid ag Fearadhach, & rapa mór a n-grad lais; & dano as olc fríth íad, óir ní chuala-somh a bheag nó a mhór óir no airgid og trén no ag trúagh a n-Osairghe, na h-irgabtha aigi-siomh do tarraíng an innmus sin úadh do chumhdach na séd sain. Tangattar trá a mic d'ionnsoiccidh Fearadhaigh conige an tolcc do bhreith na séd léo. ‘Créd as áil dhuibh, a maca?’ ar Fearadhach. ‘Na séoid do breith linn,’ ar na mic. ‘Ní bearthaoi,’ ar Fearadhach, ‘úair olc frith íad; & sochaide ra craidhius-sa 'gá t-tinól, & ceadaigim-si mo crádh féin dom naimhdiph umpu.’ Ro imchighsiot a mhic uadh, & ro gaph-somh ag aithirghe dhícra. Tancuttar iaramh Clann Connla & ro mharbhsad Fearadach, & ruccsad na séoda; & do cúaidh Fearadhach dochum nimhe. 32 Kl. seachom. p.4 Annal FA 5. FA 5 595 K. uii. Agus as i so an ceathramhad Kl. .xx. don 32 Kl. testa ag an deest. Quies Coloim Cille .lxxui. anno aetatis suae. Unde Fedhelm cecinit: 1. Uch, iar fír, an th-e gabtha isin lín, h-e brecc baoi i m-Boinn, Boand bruinnius in mur míl, 2. Mur míl timcealla Iasconn, Iasconn do h-eimed a eithre; uch ar n-eccoibh mic an righ; uch iar n-díth meic Eithne. Annal FA 6. FA 6 {MS page 2} 603 K. iii. Anno Domini. dcx. Fiontan moccu Echdach, ab Cluana Eidhneach, ceann monach na h-Eorpa, quieuit in quinta feria; unde Colman m. Feargusa cecinit: 1. Dia dardaoin ruccadh Fiontan is ro gined ar talmain; as dia dardaoin ro beba ar mo sliastoibh coimhgela. Annal FA 7. FA 7 605 K. ui Initium regni Aodha Uairiodhnaigh. Annal FA 8. FA 8 605 K. ui. Aodh Allain no Uairiodhnach incipit regnare .uiii. annis, .i. Aodh Allain mc. Domhnaill mhic Murcheartaigh mhic Muireadhaigh mhic Eoghain. Annal FA 9. FA 9 Feacht n-aon da t-tainic sé 'na righdhamhna dar lár Othna Múrra, ra indail a lámha asan abhoinn atá dar lár an bhaile. Othna ainm na p.6 h-abhann; as úaithe ainmníghthir an baile, .i. Othna. Ra ghaph mám don uisce da chur 'má aighidh. Ra gaph fear da muintir fris: ‘A rí,’ ar se, ‘na cuir an uisge sin fot aghaidh.’ ‘Ceadhón?’ ar an rí. ‘As nár leam a rádh’, ar sé. ‘Cá náire atá dhuit ar an fhirinde do rádh?’ ar an rí. ‘As eadh so,’ ar sé, ‘as fair an uisge sin atá fialteach na clereach.’ ‘An ann,’ ar an rí, ‘teid an clereach féin ar imthelgudh?’ ‘As ann go deimhin,’ ar an t-ócclach. ‘Ní namá,’ ar an rí, ‘cuirfead fom aighidh, acht cuirfead um bél, & ibhad’ (ag ól trí m-bolgoma de), ‘úair as sacarbaicc leam an t-uiscce i t-téid a imthelgun.’ Rá h-innisiodh sain do Mhúra, & ro altaigh búidhe do Dhía ar iris mar sain do bheith ag Aodh Allain, & ro gairmeadh cuicce iar dain Aodh Allain (& Aodh Úairiodhnach ainm oile dhó) & as ead ro ráidh Múra ris: ‘A mhic ionnmain,’ ar sé, ‘lógh na h-airmiden sin tugais-si don eaglais, geallaim-si dhuit i f-fidhnaisi Dé ríghe n-Eireann do gabáil go gairid, & go m-béra búaidh & cosgar dod naimhdibh, nid béra bás anabaidh, & caithfe Corp an Choimdheadh as mo láimh-si, & guidhfead-sa an Coimdhidh lat, go m-ba críne bérus tú don bhioth.’ Níor búdh cían trá iar dain co ro gaph Aodh Alláin ríghe n-Eireann, & do rad fearanna suthacha do Mura Othna. Rucc iaramh Aodh Allain, cosgair iomdha do Laighnibh, & da naimhdibh ar cheana. Ro bhuí trá ocht mbliadna i righe n-Éireann, & ra ghaph gallar báis and sin Aodh Allain, & ra chúas úadh ar ceann Mura. Tainig Múra, & ro ráidh an rí ris, ‘A chleirigh,’ ar sé, ‘rar meallais, uair do radsum faill ar ar n-aithirghe, uair do sháoileamar tréad bhreithir-si beith go m-ba crín me im bheathaidh; & andar linn atá bás i f-faccus damh.’ ‘As fír,’ ar an cleireach, ‘atá bás i f-fogus dait, & ra {MS page 3} timdhibheadh do shaogál & tuccais feircc an Choimdheadh, & innis gach ní do righnis in ra chráidis an Coimdidh.’ ‘Indisfead,’ ar an rí, ‘an ní búdh dóigh leam do crádh an Coimdeadh. Ra fhuabhras,’ ar sé, ‘fir Éireand do thinól dochum an t-sléibhe si thair, .i. Carrláogh, dá chomarduccadh thúas, & teach dimór do dheanamh ann, & as eadh rob áil, go faicstea tene an tighi sin gach tráth nóna i m-Breathnaibh & i n-Airiur Gaoidhiol, & ra fheadar roba diomas mór sain.’ ‘Rab olc sin,’ ar an cleireach, ‘& ni h-eadh sin ro thimdhibh do shaoghal.’ p.8 ‘Ra fhuaibhrius dono,’ ar an rí, ‘droichead do dhéanamh i c-Clúain Iraírd, & a dhéanamh go miorbalta rium co ro mairead m'ainm-si fair go bráth.’ Ra innis neithi imdha amlaidh sin. ‘Ní ní dibh sin,’ ar an cleireach, ‘timdhibhius do shaoghal.’ ‘Atá dono águm ní oile,’ ar an rí, ‘.i. an mhisgais fuil agom do Láighnibh; uair as eadh rob áil damh: a f-fir uile do timargain dochum catha, & a marbad uile ann; a mná & a moghaidh do thabhairt fri fhoghnamh do Uibh Néill. Sinni tuaisceirt n-Eireann do taphart for Mídhe, & fir Midhe for Laighnibh.’ ‘Uch, uch, tra,’ ar an cleireach, ‘as eadh sin ro timdhibh do shaoghal-sa, úair an cineadh sin as mioscais lat-sa, .i. Laighin, ataat naoimh og earnaigthe léo i f-fiadhnaisi an Choimdheadh, & as moo atá Brighid, as trese da n-irnaighthe andás dom irnaighthi-si. Acht cheana as trócar caonuarrach an Coimdhiu, & déana h-iodhpairt féin do dar cheann na h-ainngidheachta sin ro bhaoí id chruíthe do Laighnibh, go rabhais a f-flaithius as búaine inás an flaithius aimsiordha.’ Rá h-ongadh an sain an rí, & ro chaith Corp an Choimdeadh, & fúair bás fo céduair, do chuaidh dochum neimhe. Seacht Kl. seachom. Annal FA 10. FA 10 612 K. uii. Initium regni Maoilchobha. Annal FA 11. FA 11 612 K. uii. Maol Cobha mc. Aodha mc. Ainmireach regnauit tribus annis. Annal FA 12. FA 12 614 Stella uisa hora tertia diei. K. iii. Annal FA 13. FA 13 615 K. iiii. Guin Maoilcobha mc. Aodha la Suibhne Meann mc. Fiachrach. Annal FA 14. FA 14 615 K. iiii. Quies Diarmada, tertii abbatis Cluana Iraird. Annal FA 15. FA 15 615 K. iiii. Initium regni Suibhne Minn. Annal FA 16. FA 16 615 K. iiii. Suibhne Meann ro ghaph ríghe n-Éireann i n-deaghaidh Maoilchobha .xiii. bliadna go t-torchair la Congal Caech mc. Scanlain. p.10 Annal FA 17. FA 17 Laa n-aen d'Fiacraich, d'athair an t-Suibne sin, ag dul d'fius a arathair—uair níor bo ri-siomh itir—do rad da mheanmain amhail ro ghabh cách a ndeaghaidh a chéle ríghe na h-Eireann. Tainicc miadh meanman & indoccbala móra fae, & saint righe na h-Eireann do gabail do, & tainig reimhe da thaigh, & rá innis da mhnáoi, {MS page 4} & as eadh ro ráidh a bhean ris: ‘Uair nach ra fhuabhruis gusandiu sin,’ ar si, ‘ní fhaicim a chuibhdhe re fear th'áosa & do sheantattadh i f-feact sa cosnamh ríghe. Úair ní [...] ’ ‘Bí i tost,’ ar seisiomh; ‘na tairmisg imum, acht tuctar lind & bíadh istigh,’ ar sé, ‘& tinoltar maithe immach cuccainn, & tabair a lór dóibh.’ Agus gairmidh a mnaoi chuicce and sain, & comraicid fría, & gac imradadh ra bui reimhe 'na mheanmain ra chuir ra coimpert úadh, & as ac an mnáoi ra bhaoí an t-imradhudh ra bhaoí aici-sium íar sin, & as and sin ra coimpredh an Suibhne Meand sa a m-broinn a mhathar. In tan tra ra eirig-simh ó mhnáoi, ad beart an bhean, ‘An dtinolfaidhear cách isteach?’ ar sí. ‘Acc,’ ar Fiachra; ‘ní dingnim ar f-focuidbeadh féin, .i. righe feasda do chosnamh.’ Tuigtear as sin iaram conid da aigniudh mor remhtheachtach na d-tuistighthidh do berad na clanna aigeanta móra. Lá dno don t-Suibhne si 'na gilla og 'na thaicch & a bhean, ra raidh ría mhnáoi, ‘As iongnadh liom,’ ar sé, ‘a laighead ro ghaph ó Ceníul Eoghain tighearnas for chách inossa.’As eadh ra ráidh an bhean, tre cenél fochuidbidh: ‘Cidh duid-si,’ ar sí, ‘gan crúas do deanamh, & dul rompu do coccadh fria chách, & cosgar do bhreith go minic.’ ‘As amlaidh sin bhias,’ ar eisiomh. Tainig-sim iar sin amach, & sé armtha 'sa maidin arnabharach, & do rala occláoch dhó lucht in tíri & eisidhe armtha, & do roine comhrac fris go ro gíall an t-óglach do rind gae dhó; & ro ghíall sluagh mór dó amlaid sin, & ro gabh righe n-Eireann. Annal FA 18. FA 18 628 K. ui. Mors Suibhne Minn. p.12 Aliud fragmentum ex eodem codice extractum per eundem: incipiens ab anno circiter 661 Annal FA 19. FA 19 662 K. uii. Cuimin Foda quieuit .lxxii. anno aetatis suae. Unde Colman úa Clúasaigh, aide Chuimin, cecinit: 1. Marbh friom andeas, marbh antuaidh, nibttar ionmuini athshluaigh; do foir, a Rí nimhe glais, a n-dochairte tatharlais. 2. Marbhain inna bliadna sa— ní bo caointe ni occa— Maol Dúin, Becc mac Fergusa, Conainn, Cuimine Foda. 3. Ma ró dligthe fer dar muir seisedh i s-sruithe n-Griogoir, madh a h-Eirinn ni baoi ní dó inge Cuimine Fodo. 4. Sech ba h-epscop-som, ba rí, ba mac tigirna mo Chuimini; tendál Eirenn ar shóas; ba h-álainn, mar ro choas. 5. Maith a cheinél, maith a chruth, bá lethan a comslonnadh; ua Coirpre & ua Cuirc, ba saoí, ba h-án, ba h-oirderc. Annal FA 20. FA 20 662 K. uii. Cath Ogamain du i t-torchair Conaing mc. Congaile, & Ultán mc. Ernine, ri Ciannachta. Blathmac mc. Aoda Sláne uictus est a sociis Diarmada. p.14 FA 21 662 K. uii. Maonach mc. Fingin, rí Mumhan, .m. Annal FA 22. FA 22 663 K. i. Seigine, .i. mc. .H. Cuind, ab Beannchair, quieuit. Annal FA 23. FA 23 663 K. i. Mors Guaire Aidhne, rí Connacht. Unde: 1. Carn Conaill: mor sluag file 'na comairr; bid marb uile ciata-bi, dursan do Guaire Aidhni. Annal FA 24. FA 24 663 K. i. Guin da mac Domnaill, .i. Conall & Colga. Annal FA 25. FA 25 663 K. i. Tuathal mc. Morgainn .m. Annal FA 26. FA 26 663 K. i. TuEanoc mc. Fiontain, ab Fearna Moire, quieuit. Annal FA 27. FA 27 664 K. ii. Baodan, ab Cluana m. Nois. Annal FA 28. FA 28 665 K. iiii. Mortluidh mc. Aoda Slane, .i. Blathmhac [gap: extent: space for one word left blank], .i. i c-Calatruim. Ba marbh Diarmaid dno isin ionad cédna, & se sinte re crois 'na sheasam ag faigsin sluaigh Laigean chuige da marbhadh. Ra chuaidh a ainim as. In quibusdam libris inuenitur quod hi duo reges, .i. Blatmhac & Diarmaid, .xii. annis. In quibusdam autem ...1 annis, quos nos sequimur. Marbh tra don mortluid sin, .i. don Bhuidhe Conaill, na da rígh si Eireann, .i. Blathmac & Diarmaid. Annal FA 29. FA 29 665 K. iiii. Fechin Fobhair. Annal FA 30. FA 30 665 K. iiii. Ailearan an Eagna. Annal FA 31. FA 31 665 K. iiii. Colman Cas & Aongus Uladh. Annal FA 32. FA 32 666 K. u. Ceithre abaid Beanncair, .i. Bearach, Cuimine, Coluim, & Aodhán. p.16 Annal FA 33. FA 33 {MS page 18} 665 K. iiii. Cú-gan-mathair, rí Mumhan, & cum ceteris tam plurimis. Annal FA 34. FA 34 666 K. u. Eochaidh Iarlaithe, rí Dáil Araidhe, do marbhadh do chomhaltoibh Maoil Fotharlaigh mc. Ronáin. Úair ingean d'Eochaidh Iarlaithe ro bhaoí ag Ronán, ag rí Laighean. Óg an ingean, & sean an Ronan, go t-tug sí grádh do mc. Ronáin, .i. do Mhaol Fothartaig, & go raibh si 'ga ghuidhe go fada, & ní fhuair uaidh a faomhadh, & ór ná fuair, as eadh do righne: cumhdach a cinn do mhionughadh, & a h-aighidh do sgríobadh, & fuilreadh 'ma h-aighidh, & toidheacht d'ionnsoighidh Ronáin amlaidh sin. ‘Cread sin, a ingean?’ ar Ronán. ‘Do mhac súgach-sa,’ ar sí, ‘Maol Fathartaig, dom sharughad, & mo bhrisiodh dhó, & comhrac frium.’ Marbtar lá Ronán iar sin. Tiaghaid dno comaltadha Maoil Fothartaig iar sin gonuig báil i raibhe Eochuidhe Iarlaithe, & gairmid léo amach é ó chách, & marbhaid i g-cionta na n-dearna a ingean. Unde Flaittir cecinit: 1. Indíu dellioghair lige Eochaidh mac Fiachach Lurgan n-úir cille Coindeire; ro gabh roithes a ghulban. 2. Ra gabh Eochaidh aoncaimse iona linn leaboirthe; brónan file for Dhún nÁis ata for Dhún Sobhairche. Annal FA 35. FA 35 665 K. iiii. Initium regni Seachnasaigh mc. Blathmaic .u. annis. Annal FA 36. FA 36 666 K. u. Mors Oilella mc. Domhnaill mc. Aodha mc. Ainmhirioch. Kl. Annal FA 37. FA 37 666 K. u. Maol Caich mc. Scandal, rí Cruithne, .m. Annal FA 38. FA 38 666 K. u. Baoithin, ab Beannchuir. Annal FA 39. FA 39 669 K. ii. Criotán, ab Beandchuir, quieuit. p.18 Annal FA 40. FA 40 669 K. ii. Cuimin Fionn, ab Iae, quieuit. FA 41 668 K. uii. Iomramh Columbani cum reliquis multorum sanctorum go h-Inis Bó Finne, ubi fundauit ecclesiam. Annal FA 42. FA 42 668 K. uii. Cath Feirtsi eidir Ultuibh & Cruithne, in quo cecidit Cathusach mc. Luirgne. Annal FA 43. FA 43 669 K. ii. Mors Maoil Fotharlaigh mc. Suibhne, rí .H. t-Tuirtre. Annal FA 44. FA 44 Cath Damhdeirg i t-torchair Díocuill mc. Eachach & Congal mc. Lochine. Annal FA 45. FA 45 671 K. iiii. Guin Bhrain Finn mc. Maoilochtraigh, rí na n-Dési. Annal FA 46. FA 46 670 K. iii Mors Blathmaic mhic Maoilchobha, rí Uladh. Annal FA 47. FA 47 670 K. iii. Mors Dunchada .H. Ronain. Annal FA 48. FA 48 666 K. u. Faolán mc. Colmain, rí Laighean, .m. Annal FA 49. FA 49 671 K. iiii. Guin Seacnasaigh mc. Blathmaic. Dubhduin do Chairbribh ro mharbh i f-fil Seachnasach. De quo dicitur: 1. Ba srianach, ba h-echlasgach, an tech i m-biodh Sechnasach; ba h-iomdha fuidheall for slaitt i t-tigh i m-biodh mac Blathmaic. Annal FA 50. FA 50 671 K. iiii. Ossu, rí Saxan, .m. Annal FA 51. FA 51 ?668 K. uii. Constantinus Augustus .m. Annal FA 52. FA 52 672 K. u. Losgadh Beannchar la {MS page 19} Breathnaibh. p.20 Annal FA 53. FA 53 672 K. u. Losgadh Ardmacha. Annal FA 54. FA 54 672 K. u. Mors Cumasgaigh mc. Ronáin. Annal FA 55. FA 55 671 K. iiii. Cath Droma Choepis. Annal FA 56. FA 56 672 K. u. Cath Tolcha Ard, du i t-torchair Dungaile mc. Maoile Tuile, rí Boghaine. Loingsioch uictor fuit. Annal FA 57. FA 57 673 K. uii. Cormac mc. Maoil Fothartaigh .m. Annal FA 58. FA 58 672 K. u. Initium regni Cindfaolad mc. Cruinmhail mhic Blaithmaic. .iii. annis. Annal FA 59. FA 59 673 K. uii Constantinus filius Constantini imperat. .xuii. annis. Annal FA 60. FA 60 674 K. i. Guin Congaile Ceannfoda mc. Dunchadha, rí Uladh. Becc Boirche rod n-gon. FA 61 674 K. i. Doer mc. Maoiltuile, rí Ciannachta, do mharbhadh. Annal FA 62. FA 62 675 K. ii. Cath i n-Airchealtra, i t-torchair Ceannfaoladh mc. Cruinmhail, rí Eireann. Fionnachta mc. Dunchadha uictor fuit. Unde dicitur: 1. Ra iadhsad um Fhionnachta fiana iarthar thíre; ro maoladh—mór a choire— um Cennfaoladh a ríghe. Annal FA 63. FA 63 676 K. iii. Colman Insi Bo Finne quieuit. Annal FA 64. FA 64 675 K. ii. Initium regni Fionnachta mheic Dunchadha, .xx. bliadain. Annal FA 65. FA 65 676 K. iii. Cosgradh Ailigh la Fionnachta. p.22 Annal FA 66. FA 66 677 K. u. Cath eidir Fionnacta & Laignibh ag Loch Gabhar fe ille fe anond, set tamen Fionnachta uictor fuit. Annal FA 67. FA 67 Ni do sgéluibh Fionnachta so síos. I An Fionnacht sa trá bá daidhbhir dochonaigh é ar tús. Ro bhaoí teach & bean aige: ní raibhe imorro do sheilbh aige acht áondamh & aonbhó. Feacht n-áon do rala rí f-Fear Ros fo sheachrán & mearughadh i g-comhfochraibh boithe Finnachta. Ní raibhe rempe riamh adhaigh bú measa inás an adhaigh sin do ghaillim & do sneachta & do dorchadadh, & an teach darbo ail don righ dul & da mhnaoi & da mhuinntir, níor ro cumgattar dola rá méid na doininne & na dorchadaidh, & bá íad a n-iomráite tairisiomh fo bhonaibh na c-crann. Ad chúala imorro Fionnachta íad forsna h-iomraitibh sin, úair nirbo chían o boith-siom ro bhattar an tan sin, & tainic ara c-cionn ar an t-slighidh, & as eadh ra raidh ríu: bá córa dhoibh toidheacht da bhoith-siom, cib innis ra bhaoi si, ina imtheacht 'na h-aidhche doirche doininne. As eadh adubhairt an rí & a mhuinntir: ‘Is fíor, as córa,’ ar síad, ‘& as maith linn edir a radha rinn.’ Tangattar iar sin da thaigh, & ro bá móo méid an taigh iona a shaidhbhre. Do rad imorro Fionnachta buille a c-cionn a daimh, & buille oile a g-ceann {MS page 20} na bó. Ro iorlamhaighsit muinntir an rígh féin go tric & go tinneasnach do bhior & do choire, & ro chaithsiod gur bá saithigh. Ra chodlattar go maith iar t-tain go t-tainig an mhaiden. Ro ráidh rí f-Fear Ros rá mhnaoí fén isin maidin, ‘Nach fetar, a bhean, gerbo daidhbhir anallana an teach sa, conidh daidhbhre anossa, ar marbhadh a aonbhó & a áondaimh dhuinne?’ ‘As fíor, tra, sin,’ ar an bhean. ‘As eadh as cóir anos, a saidhbriugadh úainne. Cibé méid laighead do béra-sae don fhior, do bher-sa a cutruma da mhnaoí.’ ‘As maith na n-abrae,’ ar an rí. Do rad tra an rí airge lánmhór bó & muca iomdha & caoirigh cona m-buachaillibh d'Fionnachta. Do rad dno bean an rígh do mhnaoi Fionnachta an cutruma cédna. Do radsad dono edaighe saineamhla & eich mhaithe dhóibh & gach ní ranagattar a leas don t-saoghal. II Níorbo cían iar t-tain tra go t-tainic Fionnachta marcshluag mór do thoigh sheathar dhó, arna chuireadh don t-síair, & friothaigid aice fair. Ag taidheacht doibh na n-imrim, as ann do rala do Adhamhnan 'na sgolaighe óg beith ag imtheacht na slighead cédna & ballán lán do lomom ara mhuin, & og teicheadh dhó résan marcsluagh don t-slighidh do rala a chos p.24 fria cloich, & torchair féin & dono an ballán go ndearnadh briosgbruar dhe; & gerbo luath dona h-eachaibh, níorbó neamhluaithe do Adhamhnán gona bhallan briste fora mhuin, & sé dubhach dobrónach. O ro condaic Fionnachta é, ro maidh a faitbiudh gaire fair, & ro bhaoí 'ga radh re h-Adhamhnán, ‘Do géna sin subhach dhiot, uair asum comhraichneach-sa fría gach n-imneadh do cumang. Fogebh-sa, a fhoghlaintidh,’ ar Fionnachta, ‘coimhdiodhnadh uaim-si, & ná bí go dubhach.’ As eadh ra ráidh Adhamhnan: ‘A dheaghdhuine,’ ar sé, ‘atá adhbhar dubh agam, uair tri meic leighinn maithe atáid i n-aointigh, & ataim-ne tri giolla aca, & as eadh bhíos giolla ar timchioll úainn ag iarraidh beathamhnais don choigior, & dhamh-sa ráinig iarraidh neithe daibh aniu; rá chúaidh dno an t-iordhalta ra baoi agam-sa doibh for lár, & anni as doilge ann, .i. an ballán iasachta do bhrisiodh, & gan á ic agom.’ ‘Icfad-sa an ballán,’ ar Finachta, ‘& tug-sa lat an cuigear fuil ar do sgáth-sa anocht gan bíadh gonuige an teach da t-tiagaim-ne; & fogebhaid biadh & lionn againne.’ Do righnead amlaidh sin; tugsat an ceathrar clerech eile, & ro cóirgheadh an teach leanna, leath an toighe do chlercibh & an leath aile do laochaibh. Aite Adhamhnáin ro lionadh é ó rath an Spiorad Nóibh, & spirit fhaistine, & as eadh ra ráidh: ‘Budh Aird Rí Eireann,’ ar sé, ‘an fear da t-tugadh an fleagh sa; & budh ceand crábhaidh & eagna {MS page 21} Ereann Adhamhnán, & budh e anmchara Fionnachta, & bíaidh Finnachta i feachtnaighe mhóir coro oilbhemnigh do Adhamhnan.’ III Níorbo cían d'aimsir iar sin co t-tainic Fionnachta & ri f-Fear Ros a chara féin leis d'ionnsaighidh bhrathar a athar, .i. Cionnfaoladh, do iarraidh fearainn fair. Do rad Ceandfaoladh ardmoeraigheacht na Mídhi uile ó Shionuinn go fairge dhó, .i. ar cheithri tuathaibh ficheat. Ro bhaoi Finachta fri ré n-aimsire amlaidh sin. Tainic da comairle fria charuid fén, .i. rí Fear Ross, cía do ghéanadh, uair nírbho lór lais mar ro bhoí. Do rad-saidhe dna comhairle crúaidh chródha dhó & as eadh ro raidh ris: ‘Nach roinneadd Slighe Asail Midhe for dhó? Deana-sa an dara leith don Mhidhe corop tairisi dutrachtach dhuit, & mar bhús tairisi dhuit an leath sin, deana comdal frisin leath eile, & marbh a n-deaghdhaoíne, a suinn catha-saidhe; & ní namá bías lainrighe na Midhe agat, acht biaidh cidh ríghe Teamhrach béos madh ail leat.’ Do righne iaramh Fionnachta an comhairle sin, & ra fhuagair cath iar sin for brathair a athar, .i. for Ceandfaoladh. Ó do cuala bean Cindfhaoladh p.26 sin, ro bhoí ag béim for a fear 'man maoraigheacht do rad d'Finnachta. As ann ro chan an bhean: ‘Rá iadhsad,’ ut supra2. Do radadh cath go cruaidh cródha eatorra iar sin, .i. eidir Cionnfaoladh & Fionnachta, i n-Airchealltra, & ro marbhadh Cindfaoladh ann & sochaidhe maile fris. Ro gabh Fionnachta iar sin righe n-Eireann ra fichid bliadhain. IV As é an Fionnachta sin ro mhaith an m-Boroma do Moling, arna tobhach lá ceathracaid rígh remhi sin anall, .i. o Thuathal Teachtmhar go Fionnachta. Tainig iaramh Moling o Laignibh uile d'iarraidhe maithmhe na Boromha for Fionnachta. Ra iarr tra Moling ar Finachta maithimh na Boromha fría lá & aidhche. Ra mhaith iaramh Finachta an Boromha fria lá & aidhche. Rob ionann ag Moling sin agas a maithimh tré bhithe: úair ní f-fuil 'san aimsir acht ló & aidhche. Bá dóigh imorro la Finachta as aonló & aonaidhche namá. Tainig Moling reimhe amach, & as eadh ro ráidh: ‘Tugais cairde impe tré bhithe.’ Agus ané ro geall Moling neamh d'Fionnachta. Ro thuig dono Finnachta gur mheall Moling é, & ad-rubairt fria a muinntir, ‘Eirghidh,’ ar sé, ‘i n-deaghaidh {MS page 22} an duine náoimh do chúaidh úaim, & abraidh ris nach t-tugus-sa acht cáirde aonlaoi & aonoidhche dhó; úair andar leam ro mheall an duine naomh me, úair ní f-fuil acht lá & adhaigh isin m-bioth uile.’ O ro fhidir Moling imorro go t-tiocfaidhe 'na dheaghaidh, ra rioth go tric tinneasnach go rainig a theach, & ní rugsad idir muintir an rígh fair. Ad bearaid aroile go rug Moling dúan lais d'Fionnachta, .i. Fionnachta for Uibh Neill &c. (Atá sin 'sin Boroma 'sin liobur sa scriobhtha.) Ro maitheadh trá an Boroma do Moling ó sin go bráth, & ciar ba h-aithreach la Fionnachta, níor fhead a tobhach, uair as do chionn nimhe ro maith. Et hoc est uerius. In .xu. anno ab hoc anno ro mhaith Fionnachta an Borumha. Tainig Adhamhnán fo cédóir d'ionnsaighid Finnachta tar éis Moling, & ro chuir clereach da muintir ar cionn Fionachta go t-tíosadh da agalladh. As ann ro bhoí Finnacta ag imirt fithcille. ‘Tair d'agallad Adhamhnáin,’ ar an clereach. ‘Ní rachad go t-tair an cluiche si,’ ar Fionnachta. p.28 FA 67 Tainig an clereach d'ionsoighidh Adhamhnain, & ro innis freagra Fionnachta dhó. ‘Eirghidh-si da ionsoighidh-siomh, & abair ris: gebhat-sa caogad salm an airead sin, & atá salm 'san caogaid sin & guidhfead-sa an Coimdheadh 'sin t-salm sain co nach gebha mac na úa dhuit-si, no fear do comhanma go bráth, ríghe n-Eireann.’ Ra chúaidh dno an clereach, & ro ráidh re Fionnachta sin, & ní tharad Fionachta da fhóoídh, acht ro imbir a fhithcill go t-tárnaigh an cluiche. ‘Tair d'agallad Adhamhnain, a Fionnachta,’ ar an clereach. ‘Ní ragh,’ ar Fionnachta, ‘go t-tair an cluichi si.’ Ro innis an clereach sain do Adhamhnán. ‘Abair-si fris-siom,’ ar Adhamnán, ‘gebhad-sa caogad salm in airead sin, & atá salm 'san chaoigaid sin, & iarrfad-sa isin salm sin & cuingfead-sa ar an c-Coimdhidh gairde saoghail do-samh.’ Ra innis an clereach sin d'Finnachta, & ní tharad Fionnachta da fhóoidhe, acht ra imir a fhithchill go t-tarnaigh an cluiche. ‘Tair d'agalladh Adhamnáin,’ ar an clereach. ‘Ní rag,’ ar Fionnachta, ‘go t-tair an cluichi si.’ Tainic an clereach & ra innis do Adamhnán fregra Fionnachta. ‘Ergh-si da ionnsoigidh,’ ar Adamhnan, ‘& abair fris, gebhad-sa an tears caogad, & ata salm san chaogaid sin, & guidhfead-sa an Coimdheadh 'san tsalm sain na fuighi-siomh flaithius nimhe.’ Tainig an clereach reimhe go Fionnachta, & ra innis sin. Mar ro chúala Finnachta sain, ro chuir an fhithchill go h-oban úadh, & tainic d'ionnsoighid Adamhnain. ‘Cid dod-tug annosa chugam,’ ar Adamnán, ‘& na t-tangais risna teachtaireachtaibh eile?’ ‘As eadh fo deara damh,’ ar Fionnachta: ‘an tomhaoidheamh do róinis remhe so orm, .i. gan mac na ua uaim do gabháil uaim, & gan fear mo chomhanma i righe {MS page 23} n-Eireann, nó gairde saoghail damh, edrom forom sain. An tan imorro ro gheallais-si neamh do ghaid form, as uime tanag go h-obann dot agalladh-si; úair ní f-fuil a fulang-saidhe agam-sa.’ ‘An fíor,’ ar Adhamhnan, ‘an Boromha do maitheamh dhuit lá & aidhche do Moling?’ ‘As fíor,’ ar Fionnachta. ‘Ro mealladh thú,’ ar Adhamhnan; ‘as ionann sin & a maitheamh tré bhithe.’ Agus as amhlaidh ro bhoí 'ga athchossan, & ro raidh an láoidh: p.30 1. Aniu ge chenglaid cuacha an rí crínlath gan déda, an búar do mhaith do Moling —dethbir don cing—nis féda. 2. Damadh misi Fionnachta, is gomadh mé flaith Temhra, go bráth nocha attibherainn; ni dingenainn a n-derna. 3. Gach rí nach maithenn a chíus as fada bhíd a sgéla; mairg do rad an dáil do rad: antí as lag as dó as mela. 4. Do arnachtar do gháosa as ar baosa go m-binne; Mairg ríg ro mhaith a chíusa, a Íosa nemhdha nimhe. 5. Sochla gach nech ó threabhus; as mairg lenas do liatha; a's fada an dál sa 'ma caite: ba faite go m-ba fiacha. 6. Dámhsa rí-si rúadhus crú, ro thairnfin mo bhiodhbhadha; ro thoigebhainn mo diongna; robsa iomdha mh'iorghala. 7. Robdís iomdha m'iorgala; mo bhriathra níbdís guacha; robdís fíora mo dhála; robdís lána mo thuatha. 8. Robdís iomfoigsi m'airde; mo dhála robdís daingne; an dál sa cia m-ba tecmaing ní lecfainn re Laigne. 9. Guidhim-sa itge for Dhia nachum tair bás nó baoghal; gur ro therna aniu MoLing ni dhech do rinn no d'fháobhar. p.32 10. Mac Faillen, fer dar muire, ni claifidher dara múra; ro fhidir rúna Meic Dé; ro fhidir Mac Dé a rúna. 11. Tri chaogaid salm gach día as edh gebhius ar Dhía; tri chaoigaid bocht—séol soirthe— as edh bíathus gach n-oidhche. 12. An bile búadha bisigh, an fisidh gusna fessaibh, long lerda fo fúair fáilte tonn Berbha, bairce Breasail. 13. An long óir, as an inne, an clár óir ósna clannaibh, eigne Dubhghlaisi duinne, fuaim toinne, tonn fria h-alla. Aniu. Ro thairinn tra íar sin Fionnachta a cheann a n-ucht Adhamhnain, & do righne aithrighe 'na fhiadhnaisi; & ro logh Adhamhnan dó maitheamh na Boroma. Annal FA 68. FA 68 678 K. ui. Mors Colgan mc. Failbhe Flainn, rí Muman. Annal FA 69. FA 69 678 K. ui. Cath edir .H. Cinnsilaigh & Osraighibh, in quo Tuaim Snamha, .i. Cicaire, rí Osraighe, occisus est. Faolan Seancustul, rí .H. c-Cinnsiolaig, uictor fuit. Unde: {MS page 24} 1. An cath la Tuaim Shnamha, nis eidir, diambert—feachtus nad etail— Faolan cairde ar eigin. 2. Dó dos rad fo chosmaile; ba brath a bronnadh; go t-tug gialla Osraighe o Átha Buana go Cumar. p.34 Annal FA 70. FA 70 678 K. ui. Cath Dhúin Locha. Annal FA 71. FA 71 678 K. ui. Cath Liag Maoláin. Annal FA 72. FA 72 678 K. ui. Cath i Calatros, in quo uictus est Domhnall Breac. Annal FA 73. FA 73 666 K. u. Faolan (.i. dalta Caoimghin) mc. Colmain, rí Laighean, .m. Annal FA 74. FA 74 679 K. uii. Quies Failbhe, ab Iae. Annal FA 75. FA 75 679 K. uii. Cath etir Fhionnachta fria Becc m-Boirche. Annal FA 76. FA 76 679 K. uii. Incipit Fianamail regnare for Laighnibh. Annal FA 77. FA 77 680 Kl. i. Colman, ab Beannchair, quieuit. Annal FA 78. FA 78 681 K. iii. Losgadh na riogh i n-Dún Ceithirn, .i. Dungal mc. Sganail, ri Cruithne, & Ceannfaoladh mc. Suibhne, rí Ciannachta Glinne Gaimhin; la Maol Dúin mc. Maol Fitrigh ro losgadh. Annal FA 79. FA 79 681 K. iii. Cath Maol Duin mc. Maoilfitrigh. Annal FA 80. FA 80 681 K. iii. Ciar ingean Duibhrea. FA 81 682 K. iiii. Guin Cindfaolad mc. Colgan, rí Connacht. Annal FA 82. FA 82 682 K. iiii. Cath Ratha Moire Maighe Line fri Breathnu, du i t-torchair Cathusach mc. Maol Duin, ri Cruithne, & Ultan mc. Diocholla. Annal FA 83. FA 83 682 K. iiii. Mors Suibhne mc. Maelumha, principis Corcaighe, .i. pontificis Corcagiensis. Annal FA 84. FA 84 683 K. u. Dúnchadh Muirisge mc. Maoildhuib iugulatus est. Annal FA 85. FA 85 Adhamhnan do gabail abdaine Iae. p.36 Annal FA 86. FA 86 683 K. u. Cath Corainn, i t-torchair Colga mc. Blathmaic & Feargas mc. Maol Dúin, rí Cenéil Cairpre. Annal FA 87. FA 87 683 K. u. Initium mortalitatis puerorum in mense Octobri quae fuit tribus annis in Hibernia. Annal FA 88. FA 88 683 K. u. Quies Airmeadhaigh na Craibhe. Annal FA 89. FA 89 684 K. ui. Mortalitas filiorum in qua omnes principes, & fere omnes nobiles iuuenum Scotorum perierunt. Annal FA 90. FA 90 685 K. i. Saxones Campum Breagh deuastant & plurimas ecclesias. Annal FA 91. FA 91 686 K. ii. Domnall Breac mc. Eachach Bhuídhe mortuus est. Annal FA 92. FA 92 686 K. ii. Quies Banbain, sgriba Cille Dara. Annal FA 93. FA 93 687 K. iii. Quies Dochuma Chonoc, ab Glinne da Locha. Annal FA 94. FA 94 687 K. iii. Quies Roisene, ab Corcaighe. Annal FA 95. FA 95 687 K. ii. Isin bliadain si ro fuaslaig Adhamhnán an braid rugsad Saxain a h-Erinn. Annal FA 96. FA 96 686 K. ii. Cath Dúin Neachtain i t-torchair mac Ossu. Bruite mc. Bile uictor fuit. Annal FA 97. FA 97 {MS page 25} Sancta Etheldrida, Christi regina, filia Annae regis Anglorum, & primo & alteri uiro permagnifico, & postea Edelfrido regi, coniux data est, quae postquam .xii. annos thorum incorrupta seruauit marilitatem post reginam sumpto uelamine sacro uirgo sanctimonialis efficitur, quae post .xui. annos sepulturae cum ueste qua inuoluta est incorrupta reperitur. Annal FA 98. FA 98 688 K. iiii. Cath Imbleacha Phích i t-torchair Dubh da Inbear, rí Arda Ciannachta, & Uarcraithe .H. Oissin. Unde Gabhorceann cecinit: p.38 FA 98 1. Bronach Conaille aníu dethbir dóibh iar n-Uarcraidhiu; ní ba eallma bias gen i n-Ard iar n-Dubh-da-inbher. In hoc bello alienam patiens dominationem Ciannachtea gens priuata est regno. Annal FA 99. FA 99 688 K. iiii. Segine epscop, ab Ard Macha. Annal FA 100. FA 100 688 K. iiii. Cuthbertus epscop quieuit. FA 101 688 K. iiii. Cana mc. Gartnain .m. Annal FA 102. FA 102 685 K. i. Constantinus Imperator .m. Annal FA 103. FA 103 689 K. ui. Guin Diarmada Midhe mc. Airmeadhoigh Chaoich, de quo bancháinte i n-Áonach Tailltean cecinit: 1. Sia Diarmaid—doss for féin— fíon gabhla ro lenaidh laoich; ba h-edh uball abhla óir, rí an mara moir, mac an cháoich. Annal FA 104. FA 104 690 K. uii. Quies Beccain, ab Cluana Iraird. Annal FA 105. FA 105 690 K. uii. Gnatnat, abbatissa Cille dara. Annal FA 106. FA 106 690 K. uii. Guin Congaile mc. Maoile Dúin mc. Aodha Beannain, rí Mumhan. Annal FA 107. FA 107 690 K. uii. Iustinianus minor imperat annis .x. Annal FA 108. FA 108 691 K. i. Cronan mc. .H. Cualna, ab Beannchair, quieuit. Annal FA 109. FA 109 691 K. i. Fithchiollach mc. Flainn, rí .H. Maine, .m. p.40 Annal FA 110. FA 110 690 K. uii. Ailill mc. Dungaile, ri Cruithne, .m. Annal FA 111. FA 111 692 K. ii Adamnanus, .xiiii. anno post obitum Failbhe, ab Iae, ad Hiberniam uenit. Annal FA 112. FA 112 692 K. ii. Feargas mc. Aodhain, rí an Chuigidh, .m. Annal FA 113. FA 113 693 K. iiii. Guin Faolchair, rí Osraighe. Annal FA 114. FA 114 693 K. iiii. Guin Cinnfaoladh mc. Maol Breasail la Laighnibh. Annal FA 115. FA 115 693 K. iiii Bruide mc. Bile, rí Foirtrean, .m. Annal FA 116. FA 116 693 K. iiii. Maithimh na Boroma la Fionnachta do Moling, arna breith la .xl. righ; unde dicitur: 1. Cethracha ríg do rala lasa rugadh an Boramha, ó aimsir Thuathail Tlachtga go h-aimsir fior Fionachta. Cetera prescripsimus. Annal FA 117. FA 117 {MS page 26} 680 K. i. Mors Fianamhla mc. Maoile Tuile, rí Laighean. Foichseachan da mhuintir fén rod marbh. Unde Moling: 1. An tan con-gair Fianamhail, ‘Chughta, a chaomha uile!’ afomenad Foichsechan bad beó mac Maoile-tuile. Annal FA 118. FA 118 680 K. i. Bran mc. Conaill incipit regnare for Laighnibh. Annal FA 119. FA 119 694 K. u. Cronán abhacc, ab Cluana m. Nois. Annal FA 120. FA 120 694 K. u. Cronán Ballna quieuit. p.42 FA 121 694 K. u. Huidrine Maighe Bile quieuit. Annal FA 122. FA 122 694 K. u. Guin Cearbhaill mc. Maoile Odhra, ri .H. Neill. Annal FA 123. FA 123 693 K. iiii. Cath edir Osraighe & Laigniu in quo cecidit Faolchair .H. Maoile Odhra. Annal FA 124. FA 124 695 K. ui. Marbhadh Fionnachta mc. Dúnchadha, rígh Ereann, da braithribh fén, & Breasal a mhac maille fris. As amhlaidh so ro marbhadh: .i. an tan ro fháoidh Fionnachta & a mac Breasal isin phuball i n-Greallaigh Dollaidh, tangattar na bráithre robttar adbartnaightheacha do, .i. Aodh mc. Dluthaigh & Congalach m. Conaing, gan airrigadh doibh isin phuball, & ra marbhsat Fionnachta & a mhac, & ra beansad a c-cionna dhiobh. Unde dicitur: 1. Ba dursan d-Fionnachta aniu laighe i c-croilighe; ron bé lá fearaibh nimhe diolghadh ionna Bóraimhe. Annal FA 125. FA 125 695 K. ui. Orgain Taidhg mc. Failbhe i n-Glionn Gaimhin. Annal FA 126. FA 126 695 K. ui. Quies Mindbairean, ab Achaidh Bó. Annal FA 127. FA 127 695 K. ui. Gaimid Lúghmaigh .m. Annal FA 128. FA 128 695 K. ui. Mors Brain mc. Conaill Big. Annal FA 129. FA 129 696 K. ui. Loingsioch mc. Aongasa ro gabh ríghe n-Ereann i n-deaghaidh Finnachta, re h-ocht mbliadhanaibh. Annal FA 130. FA 130 696 K. uii. Fionguine mc. Con-gan-mhathair .m. Annal FA 131. FA 131 696 K. uii. Feargal Aidhne & Fianamhail mc. Maonaigh .m. p.44 Annal FA 132. FA 132 696 K. uii. Congalach mc. Conaing mc. Congaile mc. Aodha .m. Annal FA 133. FA 133 696 K. uii. Loichine Meand sapiens, ab Cille Dara, iugulatus est. Annal FA 134. FA 134 696 K. uii. Dochuma Mughdorna quieuit. Annal FA 135. FA 135 697 K. ii. Adomnanus uenit in Hiberniam, & indicit legem innocentium populis Hiberniae, .i. gan maca gan mna do mharbhadh. Annal FA 136. FA 136 697 K. ii. Casan, scriba o Lusca, quieuit. Annal FA 137. FA 137 697 K. ii. Moling Luachra plenus dierum quieuit. Annal FA 138. FA 138 {MS page 27} 697 K. ii. Maol Fatharlaigh, rí na n-Airghiall, .m. Annal FA 139. FA 139 697 K. ii. Iomaireag Crandcha i t-torchair Fearadhach mac Maoile Doith. Annal FA 140. FA 140 697 K. ii. Breatnai & Ulaidh do fhásuccadh Maighe Muirthemhne. FA 141 698 K. iii. Mors Forandáin, ab Cille Dara. Annal FA 142. FA 142 698 K. u. Cath Fearnmaighe i t-torchair Aodh Airead, rí Dáil Araidhe, & Conchobhar Machae mac Maol Dúin, qui cecinit: 1. As me Concupar creachach for Loch Eachach iomadhbal; mercle ria gail imrethiur, is for techiut donadbut. p.46 Annal FA 143. FA 143 700 K. u. Tres parmae in coelo quasi bellantes uisacorr sice sunt ab oriente in occidentem in modo undarum fluctuantes in tranquilissima nocte Ascentionis Domini. Primi niuea, secunda ignea, tertia sanguinea, quae ut arbitratur tria mala sequentia praefigurabant: nam in eodem anno armenta bouilia in tota Hibernia fere deleta sunt, non solum in Hibernia, sed etiam per totam Europam. In altero anno pestilentia humana tribus continuis annis. Postea maxima fames, in qua homines ad infames escas redacti sunt. Annal FA 144. FA 144 699 K. iiii. Cath Fiannamhla mc. Osene. Annal FA 145. FA 145 698 K. iii. Mors Muirghiusa mc. Maoildúin, ri Ceneil Cairpri. Annal FA 146. FA 146 ?695 K. ui. Iustinianus Augustus pellitur. Annal FA 147. FA 147 698 K. iii. Leo imperat annis .iii. Annal FA 148. FA 148 700 K. u. Quies Aodha, epscop Slebhte. Annal FA 149. FA 149 700 K. u. Fiannamail .H. Dunchadha, rí Dail Ríada, .m. Annal FA 150. FA 150 700 K. u. Isin bliadain si do rala eidir Iorghalach mc. Conaing & Adhamhnan, ar sárugadh Adamhnáin do Iorgalach im marbadh Neill a bhrathar dhó ar comairge Adamhnáin. As eadh do ghníodh Adamhnán: trosgadh gach n-oidhche & gan codladh, & bheith i n-uisgibh uairibh, do thimdhibhe saoghail Iorgalaigh. As eadh imorro do gniodh an chóraid sain, .i. Iorgalach: a fhiarfaighid do Adamanán, ‘Créd do géna-sa anocht, a chleirigh?’ Ní ba h-áil do Adamanán brég do radha fris. Ro inniseadh dhó go m-bíadh a t-trosgadh gan chodladh i n-uisge úar go maidin. Do gniodh an t-Iorgalach an cédna, .i. da sháoradh ar easguine Adamhnáin. Acht cheana, ra mheall Adamnán esiomh: .i. rá bhoí Adamnán 'gá rádh ra clereach dá mhuintir, ‘Bí-si sunna anocht um riocht-sa & mh'édachsa iomad, & da t-tí Iorgalach da iarfaighid dhiot créd ra ghéna anocht, abair-si budh fleadhugadh & codladh do ghéana, ar dháigh go n-dearna-somh na cédna.’ Uair assu ra Adamnán bréag da fhior muintire quam do fén. Tainig iaramh Iorgalach {MS page 28} d'ionsoigidh an clerigh sin, & andar leis ba é Adamhnan baoi ann. Ro iarfaigh Iorgalach dhe, ‘Créd do geana-sa anocht, a cleirigh?’ ‘Fleadhughadh & codlad,’ ar an clereach. Do roine dno Iorgalach fleadhughadh & codlad an aidhchi sin. Do rigne imorro Adamhnán áoine & friothaire & bheith 'san Bhóinn go maidin. An tan dno ro bhaoi Iorgalach na chodladh, aseadh ad-connairc, p.48 Adamnán do bheith gonuige a bhraghaid isin uisge, & ro bidhg go mór trid sin asa chodladh, & ra innis da mhnaoí. An bhean imorro ba h-umhal inísil í don Choimdheadh & do Adamhnán, úair bá torrach í, & bá b-eagail lé a clann do lot tré easguine Adamhnáin. Agas ra ghuidheadh go meinic Adamnán gan a clann do lot no d'esgaine. Rá érigh iaramh Iorgalach mochtráth arnabhárach, & do rala Adamnán 'na aighidh. As eadh ra raidh Adamnán ris: ‘A mic mhallaighthe,’ ar se, ‘& a dhuine as cródha & as meassa do righne Día, bíoth a fhioss agat gurob gairid gur rod sgerthar rit flaithius, & ragha dochum n-ifrinn.’ Ó do chúala bean Iorgalaigh sin, tainig ar amus Adamnáin, & ro luigh fo chossaibh Adamnáin; ra attaigh Día riss gan a clann d'easguine, & gan an ghein ro bhaoí 'na broinn do lot. As eadh ro ráidh Adamnán: ‘Búdh rí go demhin,’ ar sé, ‘an ghen fail id bhroinn, & as briste a leathshuil anossa tré easguine a athar.’ Agas as amhlaid sin do rala. Rugadh fo cédóir iar sain an mac, & as amhluidh ro bhaoí & sé leathcháoch. Annal FA 151. FA 151 701 K. uii. Feidhlimid mc. Maoile Cathaigh. Annal FA 152. FA 152 701 K. uii. Ailill mc. Con-gan-máthair, ri Muman. Annal FA 153. FA 153 701 K. uii. Orgain Neill mc. Cearnaigh ut Adamnanus prophetauit. 1. Orgain, omand dreises fraigh, dia lass daigh do mullach righ, dia ffesair go forbar cuain dia luain i n-Imlioch Fích. Irgalach mc. Conaing occidit illum. Annal FA 154. FA 154 702 K. i. Faoldobhar Chlochair obiit. Annal FA 155. FA 155 702 K. i. Tiberius imperat annis .uii. Annal FA 156. FA 156 702 K. i. Isin bliadain si ro marbadh Iorgalach mc. Conaing, .i. i seachtmadh bliadain flatha Loingsigh, tre easguine Adhamhnáin, & ro connairc fén i n-aislinge an adhoigh réna mharbhadh amhail ro marbadh. Tainig iaramh Iorgalach an lá iar f-faigsin a aislinge ar carraig amach, & ad-chuala an guth árd, .i. ‘Fana fearannaibh comhfhoigsi duibh,’ ar sé, ‘& doóidh & loisgidh & airgidh íad.’ Agus ra chonnaic asa h-aithle sin na p.50 sluaigh & na sochuidhe {MS page 29} og innreadh an fhearainn; & tainig-siom remhe go h-aird ra Inis mac Neasáin. Agus isin uair sin do rala cobhlach Breathnach do chor i port ann, & anfudh lánmhór dóibh. Ro chonnaic milidh dibh-sidhe aislinge an adhaigh reimhe, .i. tréd do thorcuibh do criothughudh uime, & an torc bá móo ann do marbhadh dhó d'aonbhuille saighde; agas as eadh ón ra fíoradh, uair bá h-é Iorgalach an torc mór sain, & bá h-é a slúagh peacach mallachtnach-som an tréd úd. Ón milidh sin tra ad-connairc an aislinge ro marbadh Iorgalach. Annal FA 157. FA 157 703K. ii. Colman mc. Fionnbhairr, ab Lis Mór, .m. Annal FA 158. FA 158 703 K. ii. Mórshluagh la Loingsioch mc. Aongusa i g-Connachtaibh d'argain agas d'innreadh Connacht. Ro bhattar filidh Loingsigh ag aoradh rígh Connacht, .i. Ceallach mc. Raghallaigh, & do bhidís 'ga rádha nárbo cubhuidh do sheanrigh criothanach mar Ceallach comhthogbhail nó combuartus re righ n-Eireann, & ge do neath, roba fair búdh maidhm. Acht cheana ní h-amhlaidh sin do rala, acht a chodarsna. Uair o do connairc an Ceallach, rí Connacht, a thír & a thalamh 'ga lott & da h-innreadh, ro ghairm chuige na dá Dúnchadh, .i. Dúnchadh Muirisge & an Dunchadh eile, & ra cind aige reimhe go madh iad ra gebhadh righe Connacht 'na dheaghaidh féin. Ro bhaoí fén imorro ar na fothruccadh, & ar c-cur ola & luibhe iomdha ríoghda faoí. Do rad fear don dís reamhraite (.i. dona dá Dhunchadh) da leith deis, & fear da leith clí, & ra choraigh Connachta uime dochum an chatha. Ra ling fén, .i. Ceallach, asa charbad amach go tric & go fada ón charpad, & ad-cúaladh brisgleach chnámha an t-seanorach og léim as an charbad. Agus ro ráidh íar sin o ghuth mór, og leim dochum an chatha comhaithigh: ‘A Chonnachta’, ar se,‘ didnidh & coimhedoigh fein bur sáoire, úair ní sáire & ní beodha an cineadh fail in bur n-aighidh iondáthísi, & ni mó do rónsad do mhaith gusaniu’. Agus amlaidh ra bhaoí 'ga rádh sin, & a ghuth for crioth & a shuile for lasadh. Do radhsad iaram Connachta da n-uidh sin; & ra ghabh an rí criothanach sin reampa a g-ceann chatha rígh Eireann, & ra mhaidh reimhe for rígh Eireann, & ro marbhadh Loingsioch, rí Ereann, ann, & deargár a mhuinntire, & a thri mac, & da mc. Colgan, & Dubdibhearg mc. Dungaile, {MS page 30} & Eochu Leamhna, & Feargus Forcraidh, & Conall Ghabhra. I quart Id. Iuil ro cuiread an cath sa, .i. Cath Corainn. As triasna rannaibh si imorro ra cuiread an cath. Conall Mend cecinit: p.52 FA 158 1. Bá-sa adhaigh i c-Corann, bá-sa uacht, bá-sa omhunn, manaba dagocu lasmba i Corann mac n-Dunchadha. 2. Da t-ti Loingsioch do Bannai cona tri céduibh céd ime, giallfaidh, cidh leabhor a liach, Ceallach liath Locha Cime. 3. Teacsaigh Ceallach ceirtli chruinne; cro trí rinne; Bodb moslinge; la righ laimdhercc Locha Cime. 4. Ba h-uilg thuilg maiden ra baoi ag Glaiss Chuilg; beo-sa Loingsioch ann do chailg, airdrigh Eirenn ime chuird. Ra chuaidh iar t-tain Ceallach mc. Ragallaigh d'eacclais, & ro fagaibh an da Dunchadh 'na righe. Agus ba marbh an Ceallach i g-cionn dá bliadain iar t-tain. Annal FA 159. FA 159 703 K. ii. Cath Maighe Cuilinn eidir Ultuibh & Breathnuibh i n-Ard .H. n-Eachdhach, i t-torchair mac Radgund aduersarius Ecclesiarum Dei. Ulaidh uictores erant. Annal FA 160. FA 160 695 K. ui. Bran mc. Conaill, rí Laigean, .m. FA 161 Initium regni Fogartaigh. Annal FA 162. FA 162 Kl. Ceallach mc. Geirthide i righe Laigean. Annal FA 163. FA 163 724 K. uii. Fogartach arís do gabail righe aoinbliadna, go t-torchair i c-Cath Cinndelgtin la Cinaoth mc. Iorgalaig. Annal FA 164. FA 164 {MS page 54} 704 K. iii. Sluag la Fogartach i Laignibh, go t-tugsad Laigin cath dhó, .i. Cath Claonta, & ro mhaidh re Laignibh an cath, & ro marbhadh deargár muintire Fogartaigh im Bodbcar mc. Diarmada Ruanaid. Unde Orthanach: 1. Uinche Claonta, cosgar cruaidh, fáon foclaontais catha gráin, co t-torchair lasan sluagh Bodbchar bile buidhen báin. Annal FA 165. FA 165 704 K. iii. Mors Flainn Fiona mc. Ossa, rí Saxan, an t-eagnaid amhra, dalta Adamnáin, de quo Riaguil Beanncuir cecinit: 1. Iniu feras Bruide cath im forba a senathar, manad algas lá mac Dé conid é ad genathar. 2. Iniu ro bíth mac Ossa a c-cath fria claidhmhe glasa; cia do rada aithirge, is h-í i nd-h-Í iar n-assa. 3. Iniu ro bíth mac Osa, Iasa m-bidis dubha deoga; ro cúala Críst ar n-guidhe roisaorbut Bruide bregha. Annal FA 166. FA 166 {MS page 31} 703 K. ii. Celeabhradh na Casg so. Isin bliadhain si ro fhaomhsad fir Eireann aonsmacht & aoinriagail do gabhail ó Adhamhnan um celeabhrad na Casg ar Dhomhnach, an ceathramhadh dec esga April, & im coronughadh Peadair do bheith for cleirchibh Eireann uile. Uair bá mór an buaidhreadh ra bhaoí i n-Eirinn gonige sin, .i. buidhean do chleircibh Eireann ag celeabradh na Cascc ar p.56 Dhomhnach an ceathramhadh deag esga April, & coronughadh Peadair Apstoil ar sliocht Phatricc. Buidhean eile dno ag secheamh Colom Cille, .i. Caiscc do celeabhrad ar ceathramad déc esga April gibe laithe seachtmuine ar a m-beith an ceathramhadh décc, & coronughudh Simoin Druadh forra. An treas buidhean niorb ionann uile iad re seichthidibh Patraicc, nó re seichthidibh Coluim Cille. Go m-bidís seanadha iomdha og cleirchibh Eireann. Agus as amlaidh tigdis na cleirigh sin sinna seanadhaibh, & a t-tuatha leo, go m-bídís comhraicthe catha & marbhtha iomdha eattorra; go t-tangattar uilc iomdha i n-Eirinn tríd sin, .i. an bóár mór, & an gorta romhór, & teadhmanna iomdha, & eachturchineadhoigh do lot na h-Eireann. Battur amhlaid sin go fada, .i. go h-aimsir Adhamhnain. Eisidhe an nomadh abb ro ghabh Ia tar éis Coluim Cille. Brad mór do breith do Saxanaibh a h-Eirinn. Adhamhnan do dhul do h-athchuingidh na braide. Agus amhail innisis Béid 'san Stair Bhéid, ra tionoilsit earmor epscop Eorpa uile do dhamnadh Adhamhnain ar an Caisg do cheleabradh ar sliocht Coluim Cille, & ar choronughudh Simóin Druadh do beith fair, .i. ab aure ad aurem. Ad-beir Béid gér ba h-iomdha eagnaidhe 'san t-seanadh sain, & ro fhoruaisligh Adamnán íad uile a h-eagna & a h-earlabhra. Agus as eadh ro ráidh Adamnán, niar aithiris Simoin Druadh ro bhaoí an coronughudh úd fair, acht ar aithiris Iohannis Bruinne, dalta an t-Slainiciodha, & as e súd coronughudh ro baoí fair-sidhe; & cíar bo annsa re Peadar a Slainicidh, rob annsa risin Slainicidh Iohan; & dno as ar ceathramadh décc esga April, gibe lá seachtmaine ara m-beith, ro celeabrattur na h-abstail an Chaisg. As ann sin ra eirigh seanoir ann, & ro ráidh: ‘Cia é Colom Cille féin ro beith ar aird sunna, ní gebmaois-ne uadh go m-beith fó aoinriaghuil rinne. Sibh-si imorro ní gebhtar uaibh go m-beithi fo aoinriaghail frinn.’ Tug Adamhnán freagra fair, & as eadh ra ráidh; ‘Bíad-sa,’ ar sé, ‘fo aoinriaghuil fribh.’ ‘Coirníghthear thú desidhe,’ ar na {MS page 32} h-epscoip. ‘As lór,’ ar Adhamnán, ‘acom mainistir fén.’ ‘Acc,’ ar iad-somh, ‘acht a cédóir.’ Do nithear trá coirniughadh Adamnáin ann sin, & ni tugadh do dhuine onóir as moo ina a nt-tugadh do Adamnán ann sin, agus adnagur an bhrad mór sain dhó, & tig reimhe gonuige a mhainistir fén, go h-Ia. Ro bá machtnughadh mór ra coimthionól a fhaigsin fón coronughadh sain. Ra baoi-siomh 'ga ioráil ar an coimthionól an coronughadh do ghabhail, & níor fhéd uatha. Sed Deus permisit conuentui peccare, .i. ipsum Adamnanum expellere qui misertus est Hiberniae. Sic Beda dixit. (Úair ra bhoi Beid maille re h-Adhamhnán cein ro boí i s-Saxain. Tainig tra p.58 Adamnan i n-Eirinn iar t-tain, & ro iordharcaigh sain for Eirinn, & ní ro gabhadh uadh an t-aonsmacht sain na Cascc & an coronaighthe gonuige an m-bliadain si. Annal FA 167. FA 167 704 K. iii. Ba marbh dno Adhamhnan 'sin bliaghain si, .lxxxiii°. anno aetatis suae. Annal FA 168. FA 168 716 K. iiii. Fogartach .H. Cearnaigh doridhisi 'na righe; unde dicitur: 1. Sessaid Fogarthach an flaith aní esda, os bith bís; an tan as m-beir ní bí ní, iar sin as rí ria cinn mís. Annal FA 169. FA 169 717 K. ui. Cumuscc Aonaigh Tailltean lá Fogartach i torchair mac Maoilrubha & mac Duindsleibe. Annal FA 170. FA 170 ?715 Kl. Anastasius Augustus pellitur. Annal FA 171. FA 171 718 K. uii. Fros meala pluit super fossam Laginorum. Pluit etiam fros craithneachta i n-Othain m-Bicc. Tunc natus est Niall Condail mc. Feargail; unde Niall Frosach uocatus est. Annal FA 172. FA 172 718 K. uii. Coronucchadh Peadair Apstol do gabhail do mhuinntir Íae forro; úair coronucchadh Simóin Druadh ro bhaoí forro connicce sin, amail as eadh ro bhaoi for Cholom Cille fein. Annal FA 173. FA 173 ?716 720K. ii. Kl. Teodosius imperat anno uno. Annal FA 174. FA 174 721 K. iiii. Leo imperat annis .ix. Annal FA 175. FA 175 721 K. iiii. Indreadh Maighe Breagh la Cathal mc. Fionnghuine, ri Mumhan, & Murchadh mc. m-Brain, rí Laigean. p.60 Annal FA 176. FA 176 721 K. iiii. Inreadh Laighean la Feargal mc. Maoildúin. I n-arailibh leaphraibh airisean foghabham comadh isin treas bliadhain reamhaind, .i. an deachmhadh bliadain flaithiusa Feargail, do gnithea an t-innradh sa Laigean, & gommadh 'na dhigail do berad Murchadh mac Finguine go fearaibh Muman d'indradh Maighe Breagh. Gibe bliadain dibh sin trá, do rigne Feargal indrada móra i Laignib, .i. a losgadh & a n-dódh & a marbadh, & ra gheall nach anfadh de sin no go t-tugtha dhó an Boromha ro mhaith Finnachda do Moling, & go d-tugtha braighde dhó re tighearnas, & résin chius. Do radsat Laigin braighde dhó, & ra geallsat an cís. Annal FA 177. FA 177 721 K. iiii. Isind aimsir sin do rigne Feargal faistini dá macaib, .i. d'Áodh Allain & do Niall Cundail, & as as so ro ás do-somh on, .i. lá tancuttar chuicce co h-Aileach Frigreann; .i. Áodh, an mac ba móo, cédoclach glic amhnus béodha adacomnaic-sidhe, as amlaidh táinig, go m-buidhnibh móra dagarmtha ime dochum Aligh. As amlaidh imorro tainig an mac bá sóo, go ciúin & go measardha, go sídamhail, & co n-uaitibh, & ass eadh ro ráidh ar a narighe féin & ar onóir da athair: ‘As córa dhamh-sa,’ ar sé, ‘dol ar aoidheacht amach iná airisimh da aigidh agad-sa anocht.’ ‘Cid dia t-tá dhuid-si, a mic,’ ar an t-athair, ‘sin do rádh? & an mac as siniu taoi, agas ata-saidhe tri coimhlíon frit-sa, gan danacht agad im thairisim i n-Aileach inocht amhail ata-som ag tarisim cona muinntir?’ ‘Rapadh maith leam-sa,’ ar Níall, ‘co n-dearnadh-som inaile chedna frit-sa.’ ‘Ni ragha idir anocht, a mic,’ ar Feargal, ‘& biadh i f-farradh t'athar & do máthar.’ Ruccadh iar sin an mac budh sine, .i. Aodh, 'sin rigtheach mor cona muinntir. Ruccadh dno an mac og, .i. Niall, i t-teach n-aoibhinn n-derrid. Rá frithaighid iad iar t-tain; & rab áil don athair a n-dearbadh maille, & tainicc a n-deireadh oidhche dochum an taighe i raibhe an mac bá sine, & ra bhaoí acc cloisteacht frisin teach sin: as dígáir tra salach ra bhás 'san taigh sin. Rá bhattur fuirseoiri & cainteadha & eachlacha & oblóiri & bachlaigh ag beceadhoig & acc buireadhaigh ann. Dream ag ól, & dream 'na c-codladh, & dream og sgeathraigh, dream occ cusleannaigh, dream oc featcuisigh. Timpanaigh & cruithiri og seanmaimh; dream og imarbhaghadh & oc reasbagaibh. Ad-chuala Feargal amlaidh sin íad. Agas tainig iar sin d'innsoiccidh an taighe dherrid i rabha an mac as sóo, & rá bhaoi ag cloisteacht risan teach sin, & ní chuala nach ní ann {MS page 6} acht atluccadh buidhe do Dhia gach ní fuarattar, & cruitireacht ciúin bínd, & duana molta an Coimdheadh 'ga n-gabail. Agus ra airigh an rí co mór p.62 úamhon & grádh an Coimdheadh isin taigh sin. Tainig an rí asa h-aithle sin dá leabaidh féin, & tucc go mór dá úidh suidhiuccadh an dá theach sin. Táinic madain mochtrath 'san teach mór i rabha an mac bá sine & as inbeachtain ra fhéd tadhall an taighe ra imad sgeathraighe & salchair, & breantatadh, & imad con oc ithe sgeathraigh. Cách imorro uile 'na sreandfadhoigh istaigh amhail bheittis mairbh, genmotha mac an rígh féin; as amlaidh imorro ro baoi-sidhe ina chodladh: amail ra beith ag irnaidhe catha, & sé 'na ríghleabaidh, & sgiath mhór dha leith clí, & da leathgha lánmhóra dha leith dhes, claidheabh mor intlaisi órdhuirn fora shlíasaid, analfadach mór imach & isteach da chur dhó amhail nach ada duini da chur ar threisi & ar tricce. Níor fhéd dno fuireach fair istaigh rá méd rob elneighthe an t-áer istigh sin, & tainig isteach i raibhe an mac ba sóo, & gidh foill tainicc, ra airigh an mac óg e, uair nírbho codladh dhó, acht acc guidhe an Coimdheadh ra bhaoí. Ra eirigh fo chédóir i n-aighidh a athar don dérgudh rioghdha i raibhe, uair as amhlaidh ra bhaoí, & inar sróill ime go c-ciumhsaibh óir & airgid, & ro oslaig an teach réna athair, & ó thainig an t-athair isteach, do rad da laimh fo bhraghaid a mic, & do rad póg do, & táncuttar maille gur ro suidheadar for an dergudh ríoghdha, & ra saigh an mac comradh ar tús ar an athair. Agus as eadh ra ráidh: ‘A athair,’ ar sé, ‘andar línn as imsnimach neamhcodoltach rugais an adaig 'réir as; as eadh as leat anosa, codladh 'sin leabaidh sin go tráth eirghe do ló.’ Do righne an t-athair amlaid, & mar tainig trath eirghe do ló, ra ergheador imaille; & ra ráidh an mac fria a athair: ‘A athair ionmain,’ ar sé, ‘as eadh as cóir dhuit, fledhuccadh male dhuinn fria ré súnn, uair maraidh ogainn leath na d-tuccadh do bhíadh & do lionn uaidh-si arér dhúin.’ Agas ní tarrnaig dhó sain in uair tugsad timthirdhi amach leasdar mór lán do mhiodh, & bhiadh lainiomdha, & ra fleaghaidhsiot go taoí feitheamhail imaille and sin. O ro éirigh cách, tainig an rí amach 'na theach féin, & ro innis i f-fiaghnaisi cáich amail no biadh toichthe na da mac úd. Agus adupairt go n-gebhadh an mac pa sine ríghe, & go madh treabair cródha béodha creasach sartholach a righe. An mac ba lúgha imorro, co n-gebhadh righe go craibhdheach condail, & go madh clúach riogdha a chlann, & go n-gebhdaoís righe an dara seal. Is dono sin ro comalladh conuigi sin. {MS page 7} Ingean dno Congail mc. Feargusa Fánad mathair an meic ba sine, & fo chlith rug si an mac sin, .i. Aodh Allain. Agus rob é so adhbhar beithe fo clith na h-ingine og Feargal, a h-athair, .i. Congal, da h-idhbhairt don Coimdidh, & a beith a caillcheacht. Agus do rad a h-athair iomad óir & airgid & cruidh di ar choimhéd a geanusa. Gidh eadh tra ra mheall námha choitcheann an chiniudha dáonda, .i. Diabhal, í; do rad gradh p.64 d'Fheargal mhac Maoildúin, & do rad Feargal gradh dhi-si. Ro comraigsead dono maille Feargal & ingean Congail Cindmhagair. Rigdhomhna Eireann an tan sin Feargal. Rí Eireann imorro Congal. Ra inis an fear ra bhaoi eaturra sin do Congal. Ba doiligh imorro co mór lá Congal an sgél sin, .i. a ingean do mealladh, & adubhairt nó mairfeadh fear an sgéoil muna f-faghbadh féin deimhin an sgéoil sin. Ro bhaoí iaramh fear an sgéoil og irnaidhe go m-beittis a n-aoin ionadh Feargal & ingean Congail, & mar ra battar i n-aoin ionadh Feargal & ingean Congail, tainig fear an sgéoil d'ionsoighid Congail, & ra innis do a m-beith i n-aoin ionadh. Tainig Congal remhe d'ionnsoiccidh an tighe i raphattar, & mar ra airigh ingean Congail eision cona muintir dochum an tighe—uair ro ba glic amnus aingidh isi, amail rob eadh a h-athair—ra fhoiligh fon édach Feargal, & ra shuidh féin for an édoch iar t-tain. Tainig cat mór baoí istaigh d'ionnsoiccidh Feargail co n-duaidh a chosa Feargail, & go ro shluig an cat ploiti móra do chosaibh Feargail. Do rad Feargal an lamh seacha, & ra gabh 'ma shlucait an cat, & ros marbh. Ro fegh tra Congal an teach ime, & ní faca Feargal ann. Tainig roimhe d'innsoighidh fhir an sgéoil, & ro baidh é i n-abhainn. Tainic iar t-tain d'ionsoighidh a ingine féin, & ra bhaoí ag iarraidh loghtha fuirre, amhail bídh ógh isi, & na bettis cionta fair-siomh fria. 'San comrac clithi sin tra ro coimpreadh Aodh Allain. Arna breith imorro Aodh Alláin, ra earb a mathair e do dibh mnaibh raba tairisi lé da bhadhadh, na fionnadh a h-athair fuirre, & na feargaidheadh an t-áthair fria. Bean do Cenel Conaill bean dibhsidhén dono, & bean do Cenel Eogain. An bean Eoghanach tra, mar ra gaiph 'na laimh an naoídhin m-big n-álainn, ra líonadh ó gradh & o sheirc na naoídhin í; is eadh ra raidh ra mnaoí comhtha: ‘A shiúr ionnmain,’ ar sí, ‘nocha malairt na naoidhin si as cóir, acht as a choimhéd go maith.’ As eadh ra raidh-sidhi: ‘Annsa lat-sa é iná rena mathair féin, & is i-sidhe rá iráil fhoirne a bhádhudh, ar iomomhan feirgi a h-athar’. Ra gaph fearg hi-sidhe, & ra chuir an leanam for lár, & ro deabhthaighsiot maille, .i. an dara dé 'ga anacal, & an dí oile 'ga bhadhudh. Gidh eadh ro foruaisligh an bhean Eoganach an mnaoí oile, & ra ghabh a h-ubhall slugatan, go rá fhaomh cách ní ma raphattar, .i. an leanamh do leasuccadh. Rá leasaigheadh leó mar áon iar sin an leanamh. Tarla tra feacht n-áon mathair an leanaimh isteach i rabha an leanamh a c-cinn ceithre m-bliadan, & gan a fhius di a bheith a m-beathaidh. As ann ro bhaoi an macaomh 'ga chluichi. {MS page 8} Do rala meanma a mathar fair, & ro fiarfuidh, ‘Cía áos an macaoimh úd?’ ar si. As eadh ra ráidh cách gurbo mac ceithre m-bliadan. Ro gairm-si na mná tairisi úd ara h-amus, & as eadh ra ráidh riu: ‘As mór an col do rignius-sa,’ ar sí, ‘ar imgabail feirge mh'athar, .i. mac na h-aoisi úd do malairt.’ p.66 As ead ra ráidhsiot na mná fria-si: ‘Na déna toirsi itir,’ ar síad; ‘as é sud an mac sin, & sine ra comhéd é.’ Do rad sí aisgeadha iomdha dona mnáibh iar t-tain, & ruccadh uaithe an mac go dicelta d'innsoiccidh a athar féin, .i. Feargal. Ingean imorro rígh Cianachta mathair in Neill Cundail, & hi-sidhe bean as cáoini & as sochraidhe baoí a n-Eirinn 'na h-aimsir. Acht cheana bá h-aimbritt í go foda, go t-tainig gusan c-cailligh naoimh, go Luathrinn, d'iarraidh fuirri-sidhe ernaighthe do denamh fuirre fris an Coimdidh da furtacht; & do rinne Luaithrinn sin, & ro coimpredh Niall iar t-tain i m-broinn ingine righ Cianachta, & rugadh iar t-tain, & as í ba ríoghan Eireann an tan so ag Feargal. Cidh fil ann tra acht o ro labhair dona macaibh amail ad-ruphramar, ra aslaigh & ra furáil fhorra & ar chách uile léirthinol do dheanamh 'san bliadain budh neasa d'innsoigidh Laighean do thobhach na Borama forra, uair nír comhaillsit Laighin amhail ro geallsat. Annal FA 178. FA 178 722 K. u. Ab initio mundi .u.m.dccccxxiiii. Ab Incarnatione Domini .dccxxii. Cath Almhaine idir Laigniu & .H. Néill. In tert-íd Decimbris ra cuireadh an cath sa. Cáuis an chatha sa .i. an Boromha ro mhaith Finnachta do Moling, a tobhach d'Feargal, & iss ead ón na ra fuilngeador Laigin. Nis tuccsat Laighin do Loingseach mc. Aongusa, & ní tucsat do Congal Cinnmhaghair, cía ro fuilngeattur mór d'imnidh ó Congal, & ní moo dono rob ail doibh a thabhairt d'Feargal, uair ro tairisnighsiot i m-briathraibh Moling, ra geall na bertha uatha tré bítha an Boromha o Laignib. Bá trom tra la Feargal sin, .i. Laigin do neamhchomhall a n-geallta fris, go ro fuacradh sluaigeadh direacra dimór úadh for Leath Cuinn, .i. for Connachta & for Conall & for Airgiallaibh & Mídhe, an ceathramadh bliadain déc a flaithiusa féin, no i treass bliadain déc, ut quibusdam placet, do thobhach na Boromha. Ba fada tra ro bhás og an tinól sain; uair ass eadh ad-beiredh gach fear do Leith Cuinn gusa roicheadh an fuaccra: .i. ‘Dá t-tí Donnbó ar an sluagadh, raghad-sa.’ Donnbó imorro mac baintreabthaighe eisidhe d'Fearoibh Ross, agas ní deachaidh lá na aidhche a taigh a mathar imach ríamh, & ní raibhe i n-Eirinn uile {MS page 9} budh cáoimhe, no budh fearr cruth no dealbh no deanamh inás. Ni rabha i n-Eirinn uile budh griubhdha, no budh segaine inás, & as uadh budh fearr rann espa & righsgéla for domhon; as é budh fearr do ghlés each & do indsma sleagh & d'fighe folt, & budh fear righaichni 'na einech, de quo dicitur: p.68 FA 178 1. Aille macaibh Donnbo baidh, binne a laidh luaidhib beoil, aine ogaibh Innsi Fáil, ra thogaibh tain trillsi a threóir. Niar licc dono a mathair Donnbo la Feargal go t-tuccadh Máol mc. Failbhe mc. Erannain mc. Criomhthainn, comarba Coluim Cille, fria aisic béo, & go t-tucc-saidhe Colum Cille dono dia chionn go riseadh Donnbo slán da taigh fein a crích Laigean. Tocomla dono Feargal for séd. Ra battar dna lucht éolais reimhe; nirbó maith an t-éolas do radsad dó, .i. i c-cumhgaibh gacha conaire, & i n-aimhredhibh gacha conaire, go rancuttar Cluain Dobhail i n-Almaine. As ann buí Aodhan, clamh Cluana Dobhail, ara chinn. Do ronsad dono na slúaigh michostadh, .i. a aonbhó do marbadh & a fuine ar bhearaibh 'na fhiaghnaisi, & a theach do bhreith da chinn & a losccadh; co n-earbeart an clamh comba digal go bráth for Uibh Neill an digal do beradh an Coimdidh far sin. Agus tainicc an clamh remhe go puball Feargail, & battar rioghradh Leithe Cuinn uile ara chinn 'sin phuball in tan sin. Ro baoí an clamh ag acaoine a imnidh 'na f-fiaghnaisi; ní tainig cridhe neich dibh fair, acht cridhe Con Breatan mc. Congusa, rí f-Fear Ross, & as eadh on na ba h-aithreach do Coin Breatan, uair ni tearna rí do neach ro bhaoí isin phuball acht Cu Breatan mc. Oengusa a áonar asin chath. Conidh ann ad-bert Cu Breatan: 1. Ad ágar cath fordearg flaind, a fhir Fhergaile ad glionn; badh bronaigh muintir Maic Maire ar m-breith an taighe dar cionn. 2. Bo an chlaimh ro gaod a n-deaghaid a daim; mairg laimh ra toll a m-brad, ar ní thimcomart mac Brain &c. As and sin aspert Feargal fria Donnbó: ‘Déna airfideadh dúin, a Doinnbó, fo bith as tú as deach airfidhidh fail i n-Eirinn, .i. i cúisigh agas p.70 i cuisleandoibh & i cruitibh & randaibh & raidseachoibh & righshgealaibh Eireann, & isin madin si imbarach do beram-ne cath do Laignib.’ ‘Ac,’ ar Donnbó, ‘ní cumhgaim-si arfidheadh dhuit-si anocht, & nimthá aongniomh dibh sin uile do taidbhsin anocht; & cipsi áirm i rabhai-si amarach & i m-béo-sa do dhén-sa airfidheadh duit-si. Dénadh imorro an rioghdruth .H. Maighléine airfideadh dhuit anocht.’ Tugad .H. Maighleni {MS page 10} chuca iar t-tain. Ro gabh-saidhe og indisin cath & comramha Leithe Cuinn & Laigean, o thoghail Tuama Teanbath, .i. Deanda Rígh, in ra marbhadh Cobhthach Caol Bhreagh, conigi an aimsir sin; & ní bá mór codalta do rinneadh leó in aidhche sin rá méd eagla leo Laigean, & la méid na doininne, .i. uair aidhche Fhéle Finniain gaimhridh sin. Imthús Laigean do lottar-saidhe i Cruachán Claonta, dáigh ní mhaidh for Laigniu da n-dearnat a comairle ann, & gurob as-saidhe tíusad dochum an chatha. Lottur iar sain go Dinn Canainn, as-saidhe dochum an chatha. Conrancuttur tra isin maidin arnamarach na catha ceachtardha, naoí míle do Laighnibh, mile ar fichit imorro do Leith Cuinn. As crúaidh & as feochair ra cuireadh an cath sa leith for leath, & ra ghabh cach 'na chomraicibh ann. Ra ba dimór rá innisi comrama na laoch Laigean & laoch Leithe Cuinn. As breth go f-facas Brighid ós cionn Laigean; ad-cheas dono Colum Cille ós cionn .H. Neill. Ra mheamhuidh iaramh an cath ría Murchadh mhac m-Brain, & re n-Aodh mend mc. Colgan, rí Laigean Deasgabair. Ra marbhadh Feargal ann. Aodh Mend & Dunchadh mc. Murchada ro marbhsat Feargal fadesin, & Bile mc. Bain, rí Alban; as uaidh ainmnighthear Corr Bile i n-Almaine. As é dno Aodh Mend ra marb Donnbó. Ní torchair imorro Feargal go t-torchair Donnbó. Ra marbadh dono seasca ar céd amhus in dú sin. A coimhlín féin ro marbhaid Laighin 'san chath sin do Leith Cuinn, .i. naoí mile, & naoí n-gelti dibh do thol for geltacht, & cét righ do righaibh. Atá Cnoc Feargail ann sin. Ra chuirsiot Laighin ilaigh commaidmi and dono, unde dixit: 1. Deodh laithe Almaine, ar cosnamh búair Breaghmaige, ro la badbh beldearg biorach iolach im cenn f-Fergaile. p.72 2. Scarais Murchadh ra midlaigh; brogais a triuna i t-talmuin; do soí faobhar fria Fergal go f-fein dearmair des Almuin. 3. Ad-bath ann céd ruirech rathach, cruadhach, costadach, carnach, im naoí n-gelta gan míne, um naoi mile fear n-armach. 4. Ceithri céd cabhsaidh a Cruaich lasan amsaigh, gaod 'san n-glíaidh, la trí cedoibh Conaill cruaidh a sé [...] Ra gabhadh ann sain an druth .H. Maighleine, & do radadh fair geim druith do dhénamh, & do rigne; bá már & bá binn an gheim sin, go mair geim .H. Magleine ó sin ale oc druthaibh Eireann. Ra gadadh a ceann iar t-tain d'Feargal, & ra gadadh a ceann don drúth. Ra baoi mac alla gheimi an druith 'sin aeior go ceann tri la & tri n-oidhche. As de as m-bearar ‘geim .H. Maigleine og tafan na fear 'san monaidh.’ Do luidh dono Aodh Laighean mc. Fithcheallaigh, rí .H. Maine Connacht, i ráon madhma & teichidh, go n-epert fria {MS page 11} macoibh: ‘Nacham faccbaidh, a maca, budh fearrde bur mathair fribh mo breith-si libh.’ ‘Nit berad,’ or Laighin. Conadh ann sin ro marbadh Aodh Laigean, rí .H. Maine. Ra siachtattar imorro a mc. Aodha Laighean im Aodh Alláin mc. Feargaile go Lilcach, airm a m-buí Modichu mc. Amargin, & an Gall craibhdheach. Conidh ann sin claidhisit .H. Néill & Connachta cladh na cille, & iad i riocht na g-cléireach, & as amhlaidh sin ra saoraid tri miorbuile na naomh, go f-fuil cotach .H. Néill & Chonnacht ó shin ale sin chill 'sin; unde Aodh Allain cecinit: 1. Ni f-fuaramar ar talmain Almain badid redithir; ni rangamar iarsin cath Lilchach badid nemethar. p.74 FA 178 Ba buadhach tra an lá sin do Laighnibh. Ra h-anact imorro Cu-breatan mc. Congusa, rí f-Fear Ross, arna runna do righne an aidhigh reimhe. I Condail na Riogh battur Laighin an aidhchi sin ag ól fína & meadha ar c-cur an chatha go subhach soimheanmnach, & cách diobh ag innisin a chomramha, is íad meadraig meadarcaoin. As and sin ra ráidh Murchadh mc. Brain: ‘Do bearainn carpat cethre cumala, & mo each, & m'earradh don láoch no raghadh isin n-ármach, & do béradh comhartha chugainn as.’ ‘Ragad-sa,’ ar Baothghalach, laoch di Mumain. Gebhidh a chathearradh catha & comhladh uime, go rainig go h-airm i m-boí corp Feargaile, go c-cuala ní in easgairgaire isin áeor osa cinn, co n-d-epert ar clois uile, ‘Timarnadh duibh ó Righ seacht nimhe. Denaidh airfideadh da bar t-tigearna anocht, .i. d'Feargal mc. Maol Duin, cia do rocrapair sunn uile in bhar n-áois dána, eidir cuisleandchu & cornaire & cruitire, na tairmeasccadh erfhúath no h-éccomhnart sibh d'airfideadh anocht d'Feargal.’ Go c-cuala iaramh an t-oglach an cuisigh & an céol sireachtach, go c-cúala dano 'san tum luachra bá neasa dhó an tórd fiansa bá binne céolaibh. Luidh an t-oglach 'na tochum. ‘Na tair ar m'amus,’ ar an ceann fris. ‘Ceasc, cia thú?’ ar an t-oglach. ‘Ni h-annsa, mise ceand Duinnbó,’ ar an ceann, ‘& naidm ro naidmeadh form aréir airfidheadh an rígh anocht, & na erchoididh dhamh.’ ‘Caidhe corp Feargail sunn?’ ar an t-oglach. ‘As e do aithtne frit anall.’ ‘Ceisc, andad bér leam?’ ar an t-oglach. ‘As tú as deach lim nom béra,’ ar an ceann, ‘acht ráth Críst dod chinn da nom ruga, go d-tuga me ar amus mo colla doridhisi.’ ‘Do bér égin,’ ar an t-óglaoch. Agus impoi an t-oglaoch & an ceann lais conige Condail, & fuair Laigniu ag ól ar a cheann 'sin aidhchi cédna. ‘An t-tugais comurtha lat?’ ar Murchadh. ‘Tugas,’ ar an t-oglach, ‘ceann Dhuinnbó.’ ‘Furim ar an fhuaithne úd thall,’ ar Murchadh. Tugsat an slúagh uile aithne fair gurb é ceann Duinnbó, & as eadh ra raidhsid uile: ‘Dirsan dhuit, a Duinnbó; bá cáomh do dhealbh; déna airfideadh dhuinn anocht febh do rignis dot tigearna imbuarach.’ Impoighthear a aighidh dono, & attracht a dord fiansa attruagh {MS page 12} ar aird, go m-battur uile ag caoí & ag tuirsi. Idhnaicidh an láoch cédna an ceann dochum a cholla amail ro geall, & coirghidh é ar a mheidhe. Cit tracht rainic Donnbó go teach a mathar. Uair as síad tri ionganta an chatha sa, .i. Donnbó do rochtain 'na bheathaidh gonige a theach dar cheann breithre Coluim Cille, & géim an druith p.76 .H. Maigleine trí la & tri h-aidhche 'san áeor, & na naoí mile do forusaislig an mile ar fhichit. Unde dicitur: 1. Cath Almaine, ard an gein, mór an gniomh Decembeir; ro m-bris Murchadh morda crech, mac Brain, la laochraidh Laighnech. 2. Memhaidh ar Fergal Fail, ar mac Maoili Dúin dermair, go meltis muille fo leircc ar lintibh fola fordercc. 3. Ocht righ ochtmoghad, iar f-fior, naoí míle, gan imarriomh, do Leith Cuinn, comal n-gnaoi, do rochair ann ar aenchaoi. 4. Naoi n-geilte for gealtacht de; lottar diobh for Fidh n-Gaibhle; ra claocloidhsit dath iar t-tain, ara glethea Cath Almain. C. Haec sunt nomina regum qui interfecti sunt in hoc bello. Hi sunt quidem do Shíol g-Cuinn: 1. Feargal mc. Maoili Duin cum .lx. militibus suis. 2. Forbasach, rí Bogaine. 3. Feargal .H. Aitheachdha. 4. Feargal mac Eachach Leamhna, rí Tamhnaigh. 5. Congalach mc. Conaincc. 6. Eicneach mc. Conaing. 7. Coibdeanach m. Fiachaidh. 8. Conall Cráu. p.78 9. Feargas Glut. 10. Murgheas m. Conaill. 11. Leathaitheach m. Con Charat. 12. Anmchaidh m. Con Carat. 13. Aedgein .H. Maithe. 14. Nuada Uirc, ri Guill & Irguill. 15. x. nepotes Maoili f-Fitrigh. It e sin righ .H. Neill an tuaiscirt. Hi autem qui sequuntur .H. Neill an desgirt. 1. Oilill mc. Fearadhaigh. 2. Suibhne m. Congalaig. 3. Aod Laigean .H. Cearnaigh. 4. Nia m. Cormaic. 5. Clothna m. Colgan. 6. Tadhg m. Aigthide. 7. Dubh da Crioch m. Duibh dha Baireann. 8. Meancossach m. Gammaigh. 9. Elodhach m. Flainn ó Sgigi. 10. Dunchadh .H. Fiachrach. 11. Mc. Con Loingsi. 12. Mc. Maoile Móna. 13. Doiriadh m. Conla. 14. Flann m. Aodha Odhbha. 15. Mc. Con Coingelt. 16. Mc. Tuathail m. Fáolchon. 17. Indrachtach m. Taidg. 18. Mc. Garbhain. 19. Dá ua Maoilcháich. 20. Da mc. Aileni. 21. Fócarta .H. Domhnaill. 22. Ailill m. Conaill Graint. 23. Fidhgal mc. Fithcheallaigh. 24. Duibdil .H. Daimine et fratres ejus. 25. Da mc. Mureadhaigh m. Indreachtaigh. 26. Nuadha m. Duibh Dunchuire. 27. Reachthapra .H. Cumusccaigh. 28. Ua Maine Cear Cear Ceara3. 29. Feargas .H. Eogain nó Leogain. p.80 30. Flaitheamhail m. Dluthaigh. 31. Donghalach .H. Aongasa. 32. Conall Meann, rí Ceneil Cairbre. 33. Mc. Earca mc. Maoili Dúin. 34. Tri h-ui Nuadhat. 35. Flann m. Irgalaig. 36. Aod Laighean m. Fithcheallaigh. 37. Niall m. Muirgeassa. Dolore autem et frigore mortui sunt .clxxx. tar eis Cath Almaine i t-torchuir Feargal mc. Maoili Dúin, .c. Annal FA 179. FA 179 {MS page 13} Initium regni Chionadha mc. Iorgalaigh, secundum quosdam. Annal FA 180. FA 180 Kl. Ro ghabh dno Fogartach mc. Néill ainmniughadh righe Éireann fo cédóir i n-deaghaidh Feargail. As fair ro meamhaidh an cath i t-Tailltin ra Laighnibh. Aoinbliadain nó a dó, iuxta quosdam, go ro marbhadh la Cionaodh Leithcháoch mc. Iorgalaig. FA 181 Cionoadh imorro iar t-tain ceithri bhliadna i righe n-Eireann. As do sain do geall Adhamhnan, & sé a m-broinn a mathar, go n-gebhadh ríghe n-Eireann. Bá maith dno righe an Cionaodha. Indradh Laigean lais an céd bliadain & maidhm for Dunchadh mc. Murchada, is sochaide do sháorclandaib ro marbadh tresan chogadh so. Annal FA 182. FA 182 723 K. ui. Indreachtach mc. Muireadhaigh, rí Connacht, moritur. Annal FA 183. FA 183 ?724">?724 K. uii. Cath eidir Dúnchadh mc. Murchada & Laidgnéin, rí .H. c-Cionnsiolaigh, & maidhid an cath for Laidgnen. Annal FA 183. FA 183 ?724 Cath eidir Dúnchadh mc. Murchada & Laidgnéin, rí .H. c-Cionnsiolaigh, & maidhid an cath for Laidgnen. Annal FA 184. FA 184 724 K. uii. Cath Cinndelgthean i t-torchar Fogartach .H. Cearnaigh. Cionaodh mc. Iorgalaig uictor erat. Unde Ruman cecinit: 1. Meamhuidh Cath Cinn Delgthen do rig londbuirr; luidh ergall dar ergail:. cath ceis drechdeirg Domhnaill. Gombadh iar marbhadh Fogartaigh nó gabhadh Cionaodh righe, íar f-fairind. p.82 Annal FA 185. FA 185 724 K. uii. Cuindleas, ab Cluana m. Nois. Annal FA 186. FA 186 724 K. uii. Faolchu, ab Iae. Annal FA 187. FA 187 725K. ii. Colman Uamach, sáoi Airdmacha, .m. Annal FA 188. FA 188 725 K. uii. Colman Banbain, sáoi Cille Dara, .m. Annal FA 189. FA 189 Mc. Ailearain Cille Ruaidh .m. Annal FA 190. FA 190 726 K. iii. Cillene Fota, ab Iae. Annal FA 191. FA 191 726 K. iii. Dochonna craibhdheach, epscop Condere, quieuit. Annal FA 192. FA 192 726 K. iii. Guin Criomhthainn mc. Ceallaigh mc. Gertidhe, righ Laighean, i c-cath Bealaigh Licce. Annal FA 193. FA 193 726 K. iii. Guin Ailella mc. Bodbchadha Midhe. Annal FA 194. FA 194 Cath eidir Eadarsgel, righ Breagh, & Faolán, rí Laighean, & meamhaidh ann for Eatarsgel, rí Breagh. Annal FA 195. FA 195 728 K. u. Isin bliadain seo ro marbadh Cionaodh Cáoch mc. Iorgalaigh, & níor gabh neach dá shíol righe n-Eireann. Flaithbeartach mc. Loingsigh ros marbh. Annal FA 196. FA 196 728 K. u. Initium regni Flaithbheartaigh. Annal FA 197. FA 197 ?729 K. uii. 'San bliadain si ro bhris Aongas, rí Foirtreann, tri catha for Drust, righ Alban. Annal FA 198. FA 198 727 K. iiii. Cath Droma Fornochta edir Cenel Conaill & Eogain i t-torchair Flann mc. Iorthuile & Snedgus Dearg .H. Brachaidhe. Annal FA 199. FA 199 {MS page 14} 727 K. iiii. Adamnani riliquiae in Hiberniam transferuntur, & lex eius renouatur. FA 200 727 K. iiii. Bás Murchada mc. Brain, righ Laigean. Annal FA 201. FA 201 727 K. iiii. Cath Maistin idir Laignibh féin; meamaidh imorro re p.84 n-Uibh Dunlaing for Uibh c-Cionnsiolaigh, i t-torchair Laidceann & mc. Con Mella, rí .H. c-Cinnsiolaigh, & Aongas mc. Faolchon mc. Faolain, & Ceatharnach mc. Naoi .H. Ceallaigh. Dunchadh uictor erat. Annal FA 202. FA 202 727 K. iiii. Cath Boirne nó Insi Breoghain edir fearaibh Life, & fearaibh Cualann & Congal mc. Brain. Faolan uictor fuit. Annal FA 203. FA 203 727 K. iiii. Dormitatio Cele Críosd. Annal FA 204. FA 204 728 K. u. Flann, ab Beannchair, quieuit. Annal FA 205. FA 205 Leo Augustus .m. Annal FA 206. FA 206 728 K. u. Cath Droma Corcain eidir Fhlaithbeartach mc. Loingsigh & mc. Iorgalaigh, i t-torchair Cionaoth & Eodus mc. Ailella & Maol Dúin mc. Fearadhaigh & Dunchadh mc. Cormaic. Annal FA 207. FA 207 728 K. u. Cath Ailline edir dhá mc. Murchada mc. Brain, .i. Faolán agus Dunchad. Faolan iunior uictor fuit et regnauit. Cathal mc. Fionguine & Ceallach mc. Faolchair, rí Osraighe, euaserunt. Dunchad mc. Murchadha, rí Laigean, interfectus est, acht cheana téarna Dunchad as an chath, & baoí seactmain 'na bheathaidh. Gabhaidh Faolán righe Laigean, & atnaigh mnaoi an Dunchada, .i. Tualaith, inghean Cathail m. Finguine, ri Mumhan. Annal FA 208. FA 208 728 K. u. Domnall, rí Connacht, .m. Annal FA 209. FA 209 ?724" K. ii. In hoc anno composuit Beda suum magnum librum, hoc est in nono anno Leonis. Annal FA 210. FA 210 729 Kl. Ecbertus sanctus Christi miles, in h-Í Coluim Cille quieuit. Annal FA 211. FA 211 729 K. uii. Beda in Cronicis cessat. Annal FA 212. FA 212 730 K. i. Mac Onchon, scriba Cille Dara. Annal FA 213. FA 213 730 K. i. Suibhne, ab Ard Macha, quieuit. Annal FA 214. FA 214 730 K. i. Gall o Lilcaigh, .i. Prudens, quieuit. p.86 Annal FA 215. FA 215 730 K. i. Mac Con Cumbri, sui Cluana m. Nois. Annal FA 216. FA 216 730 K. i. Aongus mc. Bécce Bairche .m. Annal FA 217. FA 217 730 K. i. Cochall Odhar sui Beannchair, .m. Annal FA 218. FA 218 730 K. i. Cath Fearnmaighe i t-torchair Cetamun. Annal FA 219. FA 219 731 K. ii. Colman .H. Littáin, religionis doctor. FA 220 731 K. ii. Eochaidh mac Colgan, ab Ard Macha. Annal FA 221. FA 221 ?733 Cath do briseadh do Aodh Allain mc. Feargail for Flaithbeartach mc. Loingsigh, rí Eireann, go t-tug Flaithbeartach loingius a Fortreanoibh chuige a n-aigidh Ceneil Eogain. Acht cheana ra baidheadh earmhor an chobhlaigh sin. Mors Flaithbeartaigh féin 'sin bliadain sin, & sgartain righe n-Ereann re Cenel Conaill go fada iar t-tain. Annal FA 222. FA 222 733 K. u. Isin bliadain si {MS page 15} ad-cheas an bhó, & se cosa fúithe, & da chorp aice, & áoin cheann, & ro bligheadh fo thrí, .i. in Delginis Cualann. Annal FA 223. FA 223 734 K. ui. Aodh Allain mc. Feargail do gabail righe n-Eireann. Annal FA 224. FA 224 732 K. iii. Flann Sionna .H. Colla, ab Cluana m. Nois. Annal FA 225. FA 225 732 K. iii. Princeps nó pontifex Maighe Eó na Saxon, Garolt, obit. Annal FA 226. FA 226 732 K. iii. Sebdann, inghean Chuirc, abatissa Cille Dara. Annal FA 227. FA 227 732 K. iii. Cath Connacht i t-torchair Muireadach mc. Indrachtaigh. p.88 Annal FA 228. FA 228 735 K. uii. Cath do bhrisiodh d'Aodh Allain for Ultoibh, i t-torchair Aodh Róin, rí Uladh, i Conchad, rí Cruithne, a f-Fochaird Muirthemhne; i t-teampall Fochard ata ord Aodha Róin. Annal FA 229. FA 229 733 K. u. Cath dorídhisi edir Aodh Allán & Cenel Conuill, i t-torchair Conaing mc. Congaile m. Feargasa Fánad. Annal FA 230. FA 230 733 K. u. Cath Cathail do Dhomhnall i t-Tailltin. Annal FA 231. FA 231 735 K. uii. Oegheadhchar, epscop n-Aondroma, quieuit. Annal FA 232. FA 232 735 K. uii. Beda sapiens .lxxxuiii. anno aetatis suae quieuit. Tertium fragmentum ex eodem codice, per eundem Ferbisium extractum. Incipiens ab an. 5. regni Maol Seachloinn MC. Maol Ruanaigh; seu (ut habent A. Dung.) 849. Annal FA 233. FA 233 851 K. u. Forchoimhedaighe imorro na Lochlannach mar ro bhattar go frithgnamhach ag feaghadh an mara uatha, ad-chonnchattar an murchobhlach mór muridhe dá n-ionnsoighidh. Ro gabh uamhan mór & eagla íad: acht dream díbh as eadh ad-berdís conidh Lochlannaig da f-furtacht-sam, & da f-foirighin. Dream oile—& as fearr ra tuigsiot-saidhe—conidh Aunites, .i. Danair, ra battur ann da n-airgain-siomh & da n-indreadh; & as eadh ón bá fíre ann. Ra chuirsiot na Lochlonnaigh long lánluath 'na n-aighidh da f-fius. Tainig dna long lánluath an giolla óig reimraidhte a énar résna longoibh oile, go t-tarlattar na da loing d'aighid it aighid, go n-ebeart stiurusman na loinge Lochlannaighe: ‘Sibh-si, a fhiura,’ ar sé, ‘ga tír asa t-tangabhair ar an muir si? An ra sidh tangabhair, nó an rá cogadh?’ As é fregra tugattar na Danair fair-sin: fross romhór do shaighdibh fotha. Cuirid a c-cédóir ceann i c-ceann lucht na da long sin; ro fhorúaisligh long na n-Danar long na Lochlannach, marbaid na Danair lucht loinge na Lochlannach. p.90 Leangait a n-aoinfheacht uile na Danair i c-ceann na Lochlannach gur ro batar 'sin traig. Cuirid cath go crúaidh, & marbhaid na Danair a t-trí coimhlíon fén díobh, & ra dhícheannsad gach áon ro marbsat. Tugsat na Danair longa na Lochlannach leó go port. Ra gabsat tra na Danair ar sain mna, & ór, & uile mhaithius na Lochlannach; go rug an Coimdhe uatha amhlaidh sin gach maith rugsat a ceallaibh & nemeadaibh & sgrínib naomh Eireann. Annal FA 234. FA 234 851 K. u. Isin aimsir sin dono ra chuir Maoil Seachloinn teachta ar ceann Cionaoth meic Conaing, rí Cianachta —& as eisidhe ro loisg cealla & dirthighe na naomh (amhail rá innisiomar reamhainn)—amhail bidh do chomhairle ris cionnas do ghéndaois im caingin na n-Danar, úair rá bhaoi amhail bídh sídh eidir Maoil Seachlainn & Cionaoth, & cia ra bhaoí Cionaoth i n-galar súla, as eadh do righne, tuidheacht d'ionnsoighidh Maoil Seachlainn, & slúagh uime mar badh da chóimhéad. Ra comhraighsiot iaramh Maoil Seachlainn & Cionaodh a n-aoin ionadh, & Tigearnach, rí Breagh. As eadh rab áil do Maoil Seachlainn, é fén & rí Breagh do marbhadh rígh Ciannachta. Ni dhearna dno Maoil Seachlainn a c-cedóir sin, uair ba sochaidhe do Chionaodh, & rab eagail leis comhmarbhadh do dhénamh ann. As eadh do róine, a fhuireach go maidean arnabharach. Ro dheilbh dno Maoil Seachlainn cuisi bréagach go t-tiosdaoís gonige an ionadh cédna arnabharach, & ra fhuagair dona sluaghaibh imtheacht. O rá imthigh a shlúagh ón Chionaodh, tainig Maoil Seachlainn go {MS page 34} slúagh mór lais d'ionnsoighidh an Chionaodh, & níor bó la go maith ann & as eadh ra ráidh Maoil Seachlainn o ghuth mór cródha naimhdighe fría Chionaodh: ‘Cid,’ ar sé, ‘mara loisgis dirthíge na naomh, & cid mara mhillis a nemhadha & sgreaptra na naomh, & Lochlannaig lat?’ Ra fhidir imorro an Cionaodh na tarmnaighfeadh ní dhó earlaphra cáoin do dhénamh; as eadh do righne, bheith 'na thocht. Rá tairgneadh iar sin an mac saorchlannach soichinelach sonairt sin imach, & ro baidhead é tre comhairle Maoil Seachlainn i sruthán shalach; & fuair bás amhlaidh sin. Annal FA 235. FA 235 852 K. ui. Isin bliadain si, .i. an coigeadh bliaghain flatha Maoil Seachlainn, rá thionolsat dhá thoiseach loingsi na Lochlonnach, .i. Zain & Iargna, slóigh mora as gach aird a n-aighidh na n-Danar. Tionolaid iaramh go rabadar .x. longa & tri fichid, & teaghaid go Snámh Aighneach, & is annsaidhe bhattar na Danair an tan sin. Comraicit ann sin leith for leath, & cuirit cath crúaidh duaibhsioch leath for leath: úair ní cualamar reimhi p.92 sin a n-ionnadh oile riamh ár mar an ár rá chuirsiot eaturra ann so, .i. eidir Danara & Lochlannaig. Acht ceana as forsna Danaroibh ro mhaidh. Ra thionoilsiot na Danair íar sin, ar m-briseadh madhma forra, & an gorta 'ga marbhadh, & as eadh ra ráidh a t-tiagarna, .i. Horm, fríu, & conige so bá fear crúaidh cosgrach eisidhe: ‘Rugsabhair-si conige so’ ar se ‘cosgair imdha, cia ra foruaisligheadh sibh sonn tré iomarcaidh slúaigh. Estidh risna briathraibh ad-ber-sa ribh: gach búaidh & gach cosgar, & gach blad fúarabhair tríd sin, ra malarteadh ra bloigh m-big aonláoi sin. Féghuidh libh iaramh an cathughadh doridhisi do gheantaoí risna Lochlannachaib, uair atád bur mná, bhar n-uile maithius aca, & bur longa; & as subhach iad-sum do breith buadha & cosgair úaibh-si. As eadh as cóir duibh anosa, dul go h-aonmeanmnach 'na g-ceann, amhail na saoileadh sibh far m-beathadha, acht na beith sibh og iornaidhe báis; & far n-dioghail fén forra; & gen go raibh cosgar sainmheach duibh-si desin, & bíaidh do berad ar n-dee & ar d-toicthe dúin; muna raibhe maith dhúin ann, biaidh commarbhadh coitcheann leith for leath ann.’ ‘Ag so comhairle oile leam dhuibh: an Pádraicc naomh sa as airdepscop & as ceann naomh na h-Eireann, risa n-dearnsad na naimhuid faileat ogainne uilc imdha, guidhmidh-ne go diocra, & tabhram almsana onorach dó ar bhúaidh & cosgar do breith dona naimhdibh sin.’ Ra freagruttar uile é, & as eadh ra raidhsid: ‘Ar comaircce,’ ar síad, ‘antí naomh Phadraicc, & an Choimdhe as tigearna dhó sin fén, & ar c-cosgar dhá eaglais & ar n-iondmhus.’ Teaghaid iar sin go h-aonmeanmnach, feardha & fearamhail, i n-aoineacht i g-cionn na Lochlannach, & cuirit cath. Isin uair sin tainig Zain, leithrí {MS page 35} na Lochlannach, & Matodan, rí Uladh, d'ingrim na n-Danar do mhuir & tír; gion go rabha a fhios sin remhe ag Zain Lochlannach, tainig, & an t-uaitheadh ra bhaoi 'na fharradh, d'ionnsoighid na n-Danar don dara leith, agas Iargna, leithrí oile na Lochlannach, don leith eile dona Danaroibh. As cruaidh trá ra cuireadh an cath sa. Ra chlos ar leith sgeamhgal na sleagh, & gloinnbhemneach na c-cloideamh, & tuairgneach na sgiath 'ga mbualadh, & beiceadach na milead ag imirt eccomhloinn orra. Acht trá cidh fada ra bhás imi sin, as forsna Lochlannachaib ro maidh, & is íad na Danair rug búaidh & cosgar tria rath Padraicc, ge ro badar na Lochlannaig tri chuttruma risna Danaroibh, nó ceithre cudruma. Tiaghaid na Danair iar sin for longport na Lochlannach, & marbhaid dream ann, gabhaid dream eile, & cuirid dream oile i t-teitheadh, & gabhaid gach maithius óir & airgit, & gach maithius ar cheana, & a mná, & a longa. Acht cheana ní raibh Zain fén ag cur an chatha, uair ní thainig maille ra mhuinntir ar ammus an longpoirt, uair rá bhaoí aige comhairle a n-ionadh p.94 oile. An uair tainig dochum an longpoirt, as síad na námhuid ad-chonnairc ann, & ní h-íad a mhuintir féin. A n-égmais anneoch ro marbhadh dona Danaraibh fén, as eadh ra marbhadh dona Lochlannachaib .u. .m. fear soichinelach. Sochuidhe imorro do mhileadhaibh ar cheana, & do dhaoínibh i n-gach áird ra marbadh a n-égmais na numhire sin. As in tand sin ra chuir Maoil Seachlainn, rí Teamhra, teachta uadh d'ionnsoighidh na n-Danar. As amlaidh ro bhattar na Danair, ag luchtaireacht ara g-cionn, & as iad ba gabhla do c-coireadhaibh, cairn do corpaibh na Lochlannach, & cidh na beara ara m-biodh an fheóil, as for corpaibh Lochlannach no bhídis a leithcinn, & an tine ag losgadh na c-corp, go m-biodh an fheóil & an meathradh ra chaithsiot an adaigh remhe ag maidhm asa n-gailibh amach. Ra battar dna teachta Maoil Seachlainn 'ga f-féghadh amhlaid sin, & ra battar 'ga thathaoír um na Danaraibh sin. As eadh ra raidhsiot na Danair: ‘As amhlaidh sin budh maith leo-sum ar m-beith-ne.’ Clas mór lán aca do ór & da airgead da thabhairt do Pádraicc. Uair as amhlaidh ra bhattar na Danair, & cinele crabhaidh aca, .i. gabhaid sealad fri fheóil & fri mhnáibh ar chrabhudh. Tug tra an cath so meanma maith do Gaoidhealaibh uile ar an sgrios so do thabhairt ar na Lochlannachaib. Annal FA 236. FA 236 852 K. ui. 'Sin bliadain seo dna ro bhris Maoil Seachlainn cath forsna paganaibh, & dna ro brisisit Ciannachta cath fá dhó forsna gentib. Annal FA 237. FA 237 849 K. iii. Forbaisi Maoil Seachlainn i c-Crufaid. Unde Maoil Seachloinn cecinit: 1. Mithid dul tar Boinn m-báin i n-dáil moige Midhe mín; as andsa beith fria gaoith n-gluair isind uair i c-Crufaid crín. Annal FA 238. FA 238 {MS page 36} 849 K. iii. Indreachthach, ab Ia, do thiachtain i n-Eirinn go mhionnaibh Coluim Cille lais. Annal FA 239. FA 239 Isin m-bliadain si bhéos, .i. in sexto anno regni Maoil Seachlainn, tainig Amhlaoibh Conung, .i. mac rígh Lochlann, i n-Eirinn, & tug leis p.96 erfhuagra cíosa & canadh n-imdha ó a athair, & a fagbhail-sidhe go h-obann. Tainig dno Iomhar an bhrathair ba sóo 'na deaghaidh-sidhe do thobhach na c-cios ceadna. FA 240 850 K. iiii. Loch Laoigh i crich Umhaill do elodh. Annal FA 241. FA 241 851 K. u. Rioghdhál f-fear n-Eireann i Árd Macha edir Maoil Seachlainn & Madadan, rí Uladh, & Diarmaid & Fethghna go samhadh Padraicc, & Suairleach Indeidhnén go c-cléirchibh Midhe. Annal FA 242. FA 242 854 K. ii. Indreachtach ua Finnachta, comarba Coluim Cille, (& Diarmada sapientissimi) do marbhadh do shladaighibh Saxanacha og dol do Roimh, & mairidh a fhuil eannag sain béos isin ionadh in ro marbadh, i g-comhurtha a dhioghalta do Dhia for an lucht ros marbh. Annal FA 243. FA 243 Isin bliadain si ra tocuireadh righ Lochlann dochum Maoil Seachlainn d'ól, & ro bhoí fleadh lánmhór ara chionn. Agas gach ní ra gheall rí Lochlann do comhall cona luighe. Acht cheana ni ra chomhail a bheag ar n-dul a tigh Maoil Seachlainn amach, acht ra ghabh a g-cédóir ag ionradh fearainn Maoil Seachlainn. Acht ceana ní feachtnach rainig leis an cogadh sin. Annal FA 244. FA 244 852 K. ui. Isin bliadain si dno ro treigsiot sochaide a m-baitis Críostaidhachtsa & tangattar malle risna Lochlannachaib, gur airgsiot Ard Macha, & go rugsat a maithius as. Sed quidam ex ipsis poenitentiam egere, et uenerunt ad satisfactionem. Annal FA 245. FA 245 852 K. ui. Da abb Ard Macha, Forannan, epscop & sgriba & anchoire, & Diarmaid, sapientissimus Scotorum, quieuerunt. Annal FA 246. FA 246 854 K. ii. Cearbhall mc. Dunlaing, rí Osraighe (cliamhuin Maoil Seachlainn, .i. dearbhshiur Chearbhaill og Maoil Seachloinn, .i. Land, ingean Dunlaing; & dna ingean Maoil Seachlainn og Cearbhall), do chur do Maoil Seachlainn i Mumhain do cuinnghidh giall ar n-ég a rígh, .i. Ailgeanan. Annal FA 247. FA 247 856 K. iiii. Cath do thabhairt d'Aodh, do rígh Ailigh, .i. don righ as fearr p.98 eangnamh 'na aimsir, do loingius na n-Gall n-Gaoidheal, .i. Scuit íad, & daltai do Normainnoibh íad, & tan ann ad-bearar cidh {MS page 37} Normainnigh fríu. Maidhidh forra ré nd-Aodh, & cuirthear a n-deargár na n-Gallghaoidheal, & cinn imdha do bhreith do Aodh4 leis; & ra dhlighsiot na h-Eireannaigh an marbhadh soin, uair amhail do nidis na Lochlannaig, do nidis-siomh. Annal FA 248. FA 248 855 K. iii. Sloigheadh la h-Aodh mc. Neill do innradh Uladh, acht cheana ní réidh rainig dó, uair tugsat Ulaidh maidhm for Cinél n-Eogain, & ro marbhadh Flaithbeartach mc. Néill & Conacan mhac Colmain ann cum multis aliis. Annal FA 249. FA 249 Isin aimsir si acht bheag tainig Rodolbh cona shlogaibh d'innradh Osraighe. Ra thionoil dno Cearbhall mc. Dunlaing slogh 'na n-aghaidh, & tug cath dhóibh, & ro mhaidh forsna Lochlannachaib. Ra chuadar imorro buidhean mhór do lucht na madhma fora n-eachoibh i t-tiolaigh n-áird, & ra bhattar ag feghadh an mharbhtha immpu, & ad-chonncuttar a muinntear féin 'ga marbhadh amhail na marbhdais cáoirigh. Ra ghabh airéd mór iad, & as eadh do ronsat, a c-claidhibh do nochtadh, & a n-airm do ghabhail, & tuidheacht chum na n-Ossraigheach gur ro marbhsat dream dhíobh; gidh eadh ar aba ra cuireadh iad-saidhe ar c-cúla 'na maidhm; .i. ag Ath Muiceadha tugadh an maidhm si. Do rala imorro glifit sonn do Chearball fén, .i. a n-úair tabhartha an madhma, & sgaoilidh da mhuinntir úadh, dream dona Lochlannachaib do thoidheacht chuige & a erghabhail doibh. Acht tré fhurtacht an Coimdheadh fúair a fhoirithin: ra bhris fén a edach, & na ceangail ra bhattar fair, & ra chuaidh slán úaidhibh. As mór trá an t-ar tugadh ann so forsna Lochlannachaib. Annal FA 250. FA 250 ?851" K. u. Cath do bhrisedh do Saxanoibh forsna Normainnibh. Annal FA 251. FA 251 Isin aimsir si tanagattar Danair, .i. Horm cona muinntir, d'ionnsoighidh Cearbaill mc. Dunlaing, go ro congnaidh Cearbhall leo i c-cean na Lochlannach, uair bá h-eagail leo a f-foruaisliughadh tre chealgoibh na Lochlannach. Ra ghabh dono Cearbhall go h-onorach chuige iad, & ro bhattar maille ris go minic og breith chosgair do Ghallaibh & do Ghaoidealaibh. Annal FA 252. FA 252 ?852 K. ui. Ar mór lá Ciarraighibh og Bealach Conglais for Lochlannachaib, ubi plurimi trucidati sunt permissione Dei. Annal FA 253. FA 253 ?852 K. ui. Ár dno la h-Aradha Cliach forsna gentibh cedna. p.100 Annal FA 254. FA 254 Isin bliadain cédna ra chuirsiot fir Mumhan teachta d'ionnsoighidh Cearbhaill mc. Dunlaing go t-tiosadh na Danair leis, & tionol Osraighe da f-furtacht & do f-foirithin a n-aighidh na Normainneach ra badar 'ga n-ionnradh, {MS page 38} & 'ga n-argain an tan soin. Ra fhreagair dno Cearbhall sin, & ra fhuagair dona Danaraibh & d'Osraighibh toidheacht go léir d'furtacht fear Mumhan, & as eadh on do ronadh fair. Tainig iaramh Cearbhall reimhe d'ionnsoighidh na Lochlannach go slógh mór Danar & Gaoidheal. O d' choncuttar na Lochlannaig Cearbhall cona shlúagh nó muinntir, ro ghabh adhuath & uamhan mór íad. Ra chúaidh Cearbhall i n-ionad árd, ra bhaoí ag agalladh a mhuinntire féin ar tús. As eadh ro ráidh, & se og feghadh na f-fearann f-fasaigthe imme: ‘Nach f-faicthi libh,’ ar sé, ‘mar ra fasaighsiot na Lochlannaig na fearann sa ar m-breith a chruidh, & ar marbadh a dhaoine? Madh treisi dhaibh iniu iná dhuinne, do ghenad na cédna 'nar t-tír-ne. Uair imorro ataim-ne socraidhe mór aniu, cathigheam go crúaidh 'na n-aighidh. Fáth oile ar nod cóir dhúin cathughad crúaidh do dhénomh: nar fhionnat na Danair failet maille frinn meatacht no miodhlaechus foirn. Uair ra téighemhadh, gídh maille sinn atád aniu, go m-bedís 'nar n-aghaidh doridhisi. Fath oile, gur ro tugad fir Mumhan i t-tangamar foirithin ar cruas forainn, uair is minic as namáidh íad.’ Ra agaill iar t-tain na Danair, & as eadh ra ráidh riu-saidhe: ‘Denidh-si calma aniu, uair as namhuid bhunaidh dhuibh na Lochlannaig, & ra chuirsit catha eatturibh & áir móra anallana. As maith dhuibh sinne maille ribh aniu 'na n-agaidh; & dna ní eile ann, ní fíu dhuibh treithe no laige do thuigsin dhuinne fhoraibh.’ Ra freagrattar uile edir Dhanaru & Ghaoidhealu na fionnfaithe treithe nó meatacht forra. Ro eirgeadur iar t-tain eirghe n-áoinfhir isin uair sin d'ionnsoigidh na Lochlannach. Na Lochlannaig imorro o do chonncuttar sin, ní cath ra iomruidhsiod do thabhairt, acht as teitheadh fona cailltibh, ar f-fagbail a maithiusa do ronsat. Ra gabhaid na caillte da gach leith forra, & ra marbadh a n-deargár na Lochlannach. Acht cheana conigi so ní ra fhuilngiottar na Lochlannaig don coimhlion so a n-Eirinn uile. A c-Cruachán i n-Eoganacht tugadh an maidhm si. Tainig Cearbhall go m-búaidh & cosgur amlaidh sin da thigh. Ro h-iodhnaiceadh Horm iar t-tain cona mhuinntir o Chearbhall go rí Teamhrach. Rá fhear rí Teamhrach fáilte ris, & tug onóir mhór dhó. Ra chuaidh as sin dochum mara. Ra marbadh iar t-tain an t-Horm la Rodri, rí Breatan. Annal FA 255. FA 255 860 K. ii. Hoc anno quieuit Mac Giallain ar mbeith .XXX. bliadain i n-aíne. p.102 Annal FA 256. FA 256 {MS page 39} 853 K. i. Áindli sapiens Tíre da Glas .m. Annal FA 257. FA 257 853 K. i. Carthach ab Tíre da Glas quieuit. Annal FA 258. FA 258 853 K. i. Ailgeanan mc. Donngaile rí Caisil .m. Annal FA 259. FA 259 853 K. i. Amlaibh mc. rígh Lochlann do toidheacht i n-Eirinn, & rá giallsat Gaill Eireann dó. FA 260 858 K. uii. Isin bliadain si, an dara bliadain deg flatha Maoil Seachlainn, do ronadh mórsluagh la Maoil Seachlainn i n-Osraighib & i m-Mumhain, arna rádh d'fearaibh Mumhon ná tibhridís braighde dhó; gonadh airi sin ra fhugair Maoil Seachlainn cath forra; & fáth mor oile ag Maoil Seachlainn, .i. Cearbhall mc. Dunnlaing, rí Osraighe, duine on garbo dingbála Eire uile de bheith ar fheabhus a dhealbha & a enigh & a eangnamha, císa móra bliadnaidhe do bhreith dhó, .i. óna tuathoibh do Laighnibh rá bhattar aige. In lucht imorro rá chúaidh do thobhach an chíosa sin, .i. máoir Chearbhaill mc. Dunlaing, imcosnam mór do dhénamh dhóibh ag tobhach an chíosa, & tarcossal mór do thabhairt dhoibh for Laighnibh. Laighin do dhola ar soin go gearánach d'ionnsoighid Maoil Seachlainn, & a indsin do Maoil Seachlainn. Fearg mhór do ghabhail Maoil Seachlainn, & an tionól mór sa do breith d'ionnsoighidh Cearbaill & fear Mumhan bhattur ag congnamh la Cearbhall. Tangattar iar soin Maoil Seachlainn cona shlóigh go Gabrán, & as ra bruinne Gabrain ra bhattur na slóigh oile. Gér bo líonmhaire imorro do Maoil Seachlainn, ní h-eadh ra chúaidh 'na c-ceann; acht as conair oile na ra saoileadh a n-dola rá chuattar, go rangattur Cárn Lughadha, & ro bhaoi Maoil Seachlainn armtha eidighthe ann sain ar cheann cháich. O d' choncudar fir Mumhan sin, rá fagsat a longphort & rá rainnsit a slúagh ar dhó, & tainig ri Mumhan, .i. Maol Guala, co marcsluaghaibh móraibh ime a n-aighidh Maoil Seachlainn. Cearbhall imorro & a Dhanair —do neoch ra thairis do mhuinntir Horm ra thairis i f-farradh Cearbhaill—as eadh ba longphort dhoibh, caill drisioch dluth aimhréidh, & rá bhaoí tionól mór ann sin um Chearball. As eadh ra innisit na h-eolaigh, go rabha búaidhreadh mór ann sin for Chearbhall, ar n-imirt draigheachta do Thaircealtach mc. na Cearta fair, go m-badh lughaide nó dhigsid dochum an chatha, go n-erbeart Cearbhall as codladh do ghénadh ann sin, & ní dochum an chatha do raghadh. In cath tra i rabha ri Mumhan tugsat maidhm ar tús ar muinntir Maoil Seachlainn. Tangadar dna a choisigheadha da fhoiriththin-sidhe, .i. Maoil Seachlainn cona mhuinntir, go t-tugadh maidhm for fearaibh Muman, & ra cuireadh a n-deargár. Ro marbhaid sochaide do sháorchlannoibh ann sin. Indisit eolaigh conadh h-í numhir an t-slóigh ar a t-tugadh {MS page 40} an maidhm .xx. milium. p.104 FA 260 As i comhairle do rinne Cearbhall mar ra chúala sin, braighde do thabhairt do Maoil Seachlainn, & gan a thír do lot; & ro ghabh Maoil Seachlainn braighde úadh. Uair Land ingean Dunlaing, derbhsiúr Chearbaill, bean Maoil Seachlainn. Ra chúaidh Maoil Seachlainn don Mumhain, go rabha re ré mís og ionnradh Mumhan a nn-Eimli, go t-tug braighde Muman ó Comur tri n-Uisge go h-Innsi Tarbna ar n-Eirinn. Cath Cairn Lughdhach sain. Isin chath soin ro marbadh Maol Croin mhac Muireadhaig, leithrígh na n-Déisi. Gen go t-tíosadh Maol Seachlainn an turus so do ghabháil ríghe Mumhan do fén, ro bo thuidheachta do mharbadh an ro marbadh do Ghall-ghaoidhealaibh ann, úair daoíne ar t-tregadh a m-baiste iad-saidhe, & ad-bertais Normannaigh fríu, uair bés Normannach aca, & a n-altrum forra, & ger bó olc na Normannaigh bunaidh dona h-eaglaisibh, bá measa go mór iad-saidhe, .i. an lucht sa, gach conair fo Eirinn a m-bidís. Annal FA 261. FA 261 858 K. uii. Foghmur gortach isin bhliadhain si. Annal FA 262. FA 262 858 K. uii. Inriudh Laighean uile la Cearbhall mc. Dunlaing, & níor f-fearde braighde úadh a laimh Maoil Seachlainn, gur ghabh Cearbhall mc. Dunlaing braighde Laighean um Chorpri mc. Dunlaing, & im Shuitheamhan mc. Artúir. Annal FA 263. FA 263 858 K. uii. Maidhm re Cearbhall mc. Dunlaing & re n-Iomhar for Ghall-ghaoidhelaib i n-Aradhaibh Tíre. Annal FA 264. FA 264 859 K. i. Anno Domini .dccclu. Maol Guala, rí Caisil, do ghabhail do Normannoibh, & a écc a l-laimh acca. Annal FA 265. FA 265 859 K. i. Slúagh mór la Cearbhall mc. Dunlaing & slúagh Lochlannach lais i m-Midhe, & ni ra deigh [gap: extent: space for one word left blank] a braighde battar ag Maoil Seachlainn, go rabha ra trí míosaibh ag innradh fearainn Maoil Seachlainn, & ní ro an gur ro fhalmaigh an tír uile 'ma maithius. Is sochaidhe tra d'fearaibh dána Eireann do ronsat dúana mholta do Cearbhall, & taithmead gach cosguir rug inntibh; &as mó do ríne Aongas, an t-airdeagnaidh, comarba Molua. Annal FA 266. FA 266 Uch thra an ní ad-bearam go minic: as truagh dona h-Eireannchaibh p.106 an mibhés doibh tachar eaturra féin, & nach a n-aoineacht uile eirgit a c-ceann na Lochlannach. Annal FA 267. FA 267 861 K. iiii. Ra eirghe dna Aodh mc. Néill, arna aslach do rígh Ciannachta fair, eirge i ceann Maoil Seachlainn. Uair Maoil Seachlainn ra baidh dearbrathair rígh Ciannachta, .i. Cionaodh, ut praescripsimus. Annal FA 268. FA 268 859 K. i. Ríghdhál maithe Eireann og Rath Áodha, um Maoil Seachlainn, rí Eireann, & um Fhethgna, comarba Padraicc, & um Shuairlioch, comarba Finniain, do deanamh síodha {MS page 41} & cáonchomhraic na h-Eireann uile. Gonadh isin dáil sin tug Cearbhall mac Dunlaing a oighréir do Maoil Seachlainn do réir comarba Phadraicc, ar m-beith do Cearbhall reimhi sin a n-Irarus, & mac rígh Lochlann maille fris, ra ceathrachait aidhche og milleadh fhearainn Maoil Seachlainn. Annal FA 269. FA 269 862 K. u. Aodh Finnliath mc. Néill do innradh Midhe, & Flann mc. Conaing, rí Ciannachta, maille fris, & is eisidhe ra aslaigh ar Aodh an t-innriudh do dhénamh. Fáth oile dno, úair ra innreastar Maoil Seachlainn fearann Aodha re tri bliadnaibh [gap: extent: space for one word left blank] i n-diadh. Mac ingeine dno Neill an Flann. Do róna dna Aodh ar an f-Flann an cogadh sa, úair ní rabha a fhios aca an ní ra bhaoí dhe; & ar eagla na coimheirghe sin do righne Maoil Seachlainn sídh re Cearbhall, amail adubhramar romhainn. Annal FA 270. FA 270 855 K. iii. Orgoin Locha Ceand iar n-aighreadh rommhor i t-torchair .cxx. do dhaoínibh. Annal FA 271. FA 271 856 K. iiii. Sioc dofholochta, go n-imthighthea locha Eireann edir chois & each. Annal FA 272. FA 272 856 K. iiii. Derthach Lusca do losccadh do Lochlannachaib. Annal FA 273. FA 273 856 K. iiii. Suibhne mc. Roichligh, ab Liss Móir, quieuit. Annal FA 274. FA 274 856 K. iiii. Cormac Latraigh Briúin .m. Annal FA 275. FA 275 856 K. iiii. Sodomna, epscop Sláine, do marbadh do Lochlannachaib. p.108 Annal FA 276. FA 276 856 K. iiii. Cathasach, ab Arda Macha, .m. Annal FA 277. FA 277 860 K. ii. Lucht da chobhlach do Normannaibh do thoidheacht i f-fearann Cearbhaill mc. Dunlaing da innradh. An úair thangus da innisin sin do Chearball, as ann ro bhaoí Cearball for meascca. Ra battur daghdhaoíne Osraighe 'ga rádha ris go h-aloinn & go socraidh 'ga neartadh: ‘Ní h-adhbhar measga do bheith for dhuine i n-Osraighibh do níad na Lochlonnoighibh anosa, .i. an tír uile do lot. Acht cheana go ro coiméda Dia thu-sa, & go ruga búaidh & cosgar dot naimhdibh amhail rugais go minic, & amhail béra bhéos. Léig as tra do mheasga, uair namha an mheasga don eangnamh.’ O do chúala Cearbhall sin rá chúaidh a mheasga uadh, & ra ghabh a arma. Tainig imorro trían na h-oidhche an tan sin. As amlaidh táinig Cearball immach asa grianán & rioghchainnel mhór reaimhe, & rá bhoí soilsi na caindle sin go fada ar gach leith. Ra ghabh úamhan mór na Lochlannaig; & ra theichsiot fona sleibhtibh faigsibh dhóibh & fona cailltibh. An lucht imorro ra thairis ra h-eangnam díobh ra marbadh uile. O thainig maidin a m-mucha arnamharach, ra chuaidh {MS page 42} Cearbhall gona shochraidhe 'na c-ceann uile, & ní ra ghabh uatha ar marbadh a n-deargáir, go ra cuirit a m-madhmuim, & go ro sgaoilit íad for gach leith. Ra immir Cearbhall féine go crúaidh isin ammus sain, & tainig ris go mór a méd attibh an aidhche remhe, & ra sgé go mór, & tug sonairte mór do-somh sain; & ra ghreiss go mór a muinntir go diochra forsna Lochlannachaib, & as móo ina leith an t-slóigh ra marbadh ann, & na t-tearna ann ra theichsit ar ammus a longa. Og Achadh mc. Earclaighe tugadh an maidhm si. Ra impu Cearbhall iar t-tain go m-búaidh & go n-eadáil móir. Annal FA 278. FA 278 Isin aimsir sin tainic Hona & Tomrir Torra, dá thoiseach soichinélach, & drui an t-Hona, & fir bhéodha crúaidhe go m-blaith móir íad eittir a muinntir féin; lán saorchlanna dno iad d'erchiniudh Lochlann. Tangattur tra an dias sin gona sochraide go Luimneach, & ó Luimneach go Port Lairge. Acht cheana as mó ra tairisnighsit ina m-brioghaibh féin ina 'na sochraide. Ra thionoilsit Eoganachta & Araidh Cliach dóibh, & ra chuirsit ceann i g-ceann, & ra cuireadh treas crúaidh eattura, go ra cuirit na Lochlannaig i m-baile beag & cloch dhaingean ime. Ra chúaidh dna an draoí, .i. Hona, & fear ba sine díobh, ar an chaisiol 'sa bhél oslaigthe, og atach a dhée & og denamh a draoigheachta, & 'ga earail ara mhuinntir adradh na n-dee. Tainig fear d'fearaibh Mumhan chuige go t-tug buille do cloich mhóir dara mhant dhó, go t-tug a fhiacla uile assa cheann. Ra impa iar sin a aigidh ara mhuinntir fén, & ass eadh ro ráidh ag cur a fhola teassaidhe dara bhél amach: ‘Bam marbh-sa de so,’ ar se; & ra thuit ar ais, p.110 & ra chúaidh a anam ass. Ra gabhadh dhóibh iar t-tain do chlochaibh gona ra fedsat a fhulang, acht fagbhaid an ionad sin, & tiaghaid fon seisgeann ba neassa, & marbhthar ann-saidhe an taoiseach oile; go ro marbat amlaidh sin an dá thaoiseach, .i. Hona Luimnigh, & Tomrir Torra. Ní tearna dna da maithibh acht días namá, & uaitheadh beg leó; & rugsat fir Mumhan búaidh & cosgur amhlaidh sin. Annal FA 279. FA 279 860 K. ii. Isin bliadain si do ronadh mórshluagh la Maoil Seachlainn, righ Eireann, & Cearbhall mac Dunlaing lais go Magh Macha. Ra ghabhsat longphort ann sin. Ba eagail imorro la Maoil Seachlainn ammus longpoirt do thabhairt do Aodh mc. Neill fair; ciadh alainn an freagra síodha tug Aodh fair {MS page 43} trésan duine náomh, .i. Fethgna, comarba Padraicc. As eadh do righne Maoil Seachlainn: Laighin & fir Mumhan & Connachta & Ulaidh & fir Bhreagh do thabhairt a t-timchioll a phubla, & a n-airm nochta 'na lamhaibh. An rígh féin, .i. Maoil Seachlainn, ra bhaoí go faitteach fuireachair gan chodladh ar eagla Aodha, gé do rad luighe a f-fiadhnaisi comarba Padraic. Gidh eadh tainic Aodh gona shluaghaibh do thabhairt ammus longpoirt ar Maoil Seachlainn, & ní mur ra shaoilsit ra fuarattar, úair ro bhattur a n-airm uile a laimhibh slúaigh Maoil Seachlainn, & ra eirghisit a n-aoineacht fan lucht tainic da n-ionnsoighidh, go ro cuirsit a maidhm íad ar marbadh an n-deargáir. Ra ghabh dna dasacht faireann oile díobh, & as eadh tangattur d'ionnsoighidh puible Maoil Seachlainn, andar leó rab iad a muinntir féin. Ra bhattar ann go ro marbhait uile iar t-tain: & ar an eithioch do radsat do rigne Día sin. Ra impu Maoilseachlainn da thigh a h-aithle an cosguir sain. Ra bhaoi dna Amlaibh i f-farradh Aod 'sin maidhm sa. FA 280 861 K. iiii. Oenach Raighne do dhénamh la Cearbhall mc. Dunlaing. Annal FA 281. FA 281 Ár la Cearbhaill mc. Dunlaing for mhuinntir Roduilbh i Slebh Mairge, & a marbadh uile, acht fioruathad tearna dhíobh i c-cailtibh. Creach Leithghlinne, & dna a braid ra bhoí aca ar marbadh dreime móir do muinntir Leithglinne dhóibh. Annal FA 282. FA 282 857 K. ui. Matodan mc. Muiriodhaigh, rí Ulad, in clericatu obiit. Annal FA 283. FA 283 857 K. ui. Maongbal, ab Fobhair, .m. Annal FA 284. FA 284 857 K. ui. Tríar do losgadh do thenidh shaignen a t-Tailten. p.112 Annal FA 285. FA 285 858 K. uii. Cionaodh mc. Ailpin, rex Pictorum, .m. Conadh dhó do raidheadh an rann: 1. Nad mair Cionaodh go lion sgor fo déra gol i n-gach taigh; áoinrí a logha fo nimh go bruinne Rómha ní bhfail. Annal FA 286. FA 286 858 K. uii. Cumsud, epscop & princeps Cluana Ioraird, quieuit. Annal FA 287. FA 287 858 K. uii. Tiopraide Bán, ab Tíre da Ghlas, quieuit. Annal FA 288. FA 288 858 K. uii. Maol Tuile, ab Imleacha Iobhair, .m. Annal FA 289. FA 289 858 K. uii. Adulph, rí Saxan, .m. Annal FA 290. FA 290 858 K. uii. Ceallach mac Guaire, ri Laighean Deasgabair, .m. Annal FA 291. FA 291 858 K. uii. Cearnach mhac Cionaodha, rí Ua m-Bairrche Tíre, .m. Annal FA 292. FA 292 862 K. u. Aodh mc. Neill & a chlíamhain, .i. Amlaibh (ingean Aodha ro bhaoi ag Amhlaoibh) go slóghaibh móra Gaoidhiol & Lochlannach leo go magh Midhe, & a ionnradh léo, & saorclanna iomdha do mharbhadh leo. Annal FA 293. FA 293 {MS page 44} 862 K. u. Maoil Seachloinn mc. Maol Ruanaid, rígh Eireann, i pridcallainn December defunctus est. Unde quidam cecinit: 1. As iomdha mairg in gach dú, as sgél mór la Gaoidhealú; do rórtadh fíon flann fo ghlenn, do rodbad áoinri Eirenn. Annal FA 294. FA 294 862 K. u. Aodh mc. Néill, deargnamha Maoil Seachlainn, do ghabail ríghe n-Eireann tar eis Maoil Seachlainn. Craibhdheach soichinelach aigneadh Aodha. Seacht m-bliadna décc do i ríghe go siodhamhail sonairt, cía fogebheadh imneadh minic. p.114 Annal FA 295. FA 295 859 K. i. Ailill Banbain, ab Biorar. Annal FA 296. FA 296 860 K. ii. Aongas Cluana Fearta Molua sapiens .m. Annal FA 297. FA 297 862 K. u. Maol Odhar .H. Tindridh, sáoi leighin Eireann, .m. Annal FA 298. FA 298 862 K. u. Muirghius, angcoire Ard Macha, quieuit. Annal FA 299. FA 299 862 K. u. Dalach, ab Cluana m. Nois5, quieuit. FA 300 861 K. iiii. Gormlaith ingean Donnchadha, rioghan Teamhrach, in poenitentia obit. Annal FA 301. FA 301 862 K. u. Fionán Cluana Cáoin, epscop & anchoire, quieuit. Annal FA 302. FA 302 862 K. u. Finncheallach, ab Fearna, .m. Annal FA 303. FA 303 859 K. i. Ségonan mc. Conaing, rí Cairrge Brachaidhe, .m. Annal FA 304. FA 304 860 K. ii. Flanagan mc. Colmáin .m. Annal FA 305. FA 305 860 K. ii. Guin Aodha mc. Duibh da Baireann, rí .H. f-Fidhgente. Annal FA 306. FA 306 861 K. iiii. Ceannfaoladh i ríghe Muman. Annal FA 307. FA 307 862 K. u. Domnall mc. Ailpin, rex Pictorum, .m. Annal FA 308. FA 308 862 K. u. Deargár do thabhairt do Chearbhall mhac Dunlaing & do Cinnedigh mhac Gaithine, .i. mc. deirbhseathar Chearbhaill, for longus Rodlaibh, & bá gairid remhe tangattar a Lochlann; & Conall Ulthach do mharbhadh ann agas Luirgnen, cum plurimis alíis. Annal FA 309. FA 309 863 K. ui. Inreadh Breagh la Lochlannachaibh, & dul ar uamhannaibh iomdhaibh, & as eadh ón na dearnadh go minic reime. Annal FA 310. FA 310 863 K. ui. Ár na n-Gall lá Cearbhall mc. Dunlaing ag Fearta Caireach, & a creach d'fagbhail. Annal FA 311. FA 311 863 K. ui. Muiriogan mc. Diarmada, rí Náis & Laighean, cid do marbad la Gentibh, & sochaide mór do mhaithibh Laighean. Annal FA 312. FA 312 863 K. ui. Aodh mc. Cumuscaigh, ri .H. Nialláin, .m. p.116 Annal FA 313. FA 313 863 K. ui. Muireadhoch mc. Maoil Dúin, rí na n-Airthear, iugulatus est ó Dhomhnall mc. Aodha mc. Neill. Annal FA 314. FA 314 {MS page 45} 864 K. uii. Cearbhall mc. Dunlaing do innreadh Laighean. Níor bó cian iar sin go ro thionolsad Laighin Lochlannaig & íad féin, go ro indridhsiod Osraighe 'na dhioghail sin. Ba mór an trúaighe do neoch rá theich d'Osraighibh i m-Mumhain; ra marbhaid & ra h-airgid uile. Bá móo ra ghortaigh sin meanma Chearbhaill, .i. an lucht ro gabh aige amhail tairisi, .i. Eoganacht íad-saidhe, da n-argain & da mharbhadh. Beag air imorro caingean na namhad, uair nír bo iongnadh leis iad-saidhe do genamh na n-dearnsad, uair ra dhlighsiot. Ro thionol iaramh slóigh Gaoidheal & Lochlannach, & ra mhill na fearanna comhfochraibhe; ra mhill Magh Feimhin & Fir Muighe, & tug braighde ciniudha n-iomdha lais. Annal FA 315. FA 315 865 K. ii. 'Sin bliadain si, .i. in tertio anno regni Aodha Finnleth, tangattar Saxain i m-Breathnaibh Gaimud, & ra ionarbaidh na Saxain Breatain as an tír. Annal FA 316. FA 316 864 K. uii. Dalladh Lorcain mc. Cathail, rí Midhe, la h-Áodh mac Neill. Annal FA 317. FA 317 864 K. uii. Concupar mc. Donnchada, leithrí Midhe, do badh la h-Amlaibh i Cluain Iraird. Annal FA 318. FA 318 864 K. uii. Inreadh na n-Déisi lá Cearbhall mc. Dunlaing, & lánmilleadh .H. n-Aongusa. Annal FA 319. FA 319 Abdaine Tíre da Glas do Maoilpeattar in hoc anno. FA 320 Gabhail Diarmada la Gentibh. Annal FA 321. FA 321 864 K. uii. Eidgin Brit, epscop Cille Dara, scriba & anchore, .cxiii. anno aetatis suae quieuit. Annal FA 322. FA 322 864 K. uii. Maonach mc. Connmaigh, ab Rois Cré, .m. Annal FA 323. FA 323 864 K. uii. Domhnall .H. Dunlaing, ríghdhamhna Laighean, .m. Annal FA 324. FA 324 864 K. uii. Cearmait mc. Catharnaig, rí Chorca Baiscinn, .m. p.118 Annal FA 325. FA 325 865K. ii. Tadhg mc. Diarmada, rí .H. Cinnsiolaigh, do mharbhadh da bhraithribh féin. Annal FA 326. FA 326 Ár for Lochlannachaib la Flann mc. Conaing, rí Cianacht. Annal FA 327. FA 327 866 K. iii. Deargár na Lochlannach & a m-buaidhreadh uile 'san bliadain si la h-Aodh mc. Néill, rígh Eireann. Maidhm lánmhór la h-Aodh forsna Lochlannachaib ag Loch Feabhaill. Innisit dno na h-éoluigh gurob í a bhean as móo ro greis Aod i c-ceann na Lochlannach, .i. Land ingean Dunlaing: & as i-sidhe ba bean do Maoil Seachloinn reimhe, mathair mc. Maoil Seachlainn, .i. Flainn. Ba h-í mathair Cennedigh mc. Gaithine í, .i. ri Laoighsi. As mór tra rá scriobhadh na f-fuarattar Lochlannaig d'ulc 'san bhliadain si, cidh móo fuarattar o Aodh Finnliath mc. Néill. Annal FA 328. FA 328 {MS page 46} 866 K. iii. Milleadh & innreadh Foirtreann la Lochlannachaib, go rugsat braighde iomdha léo i n-gill ra cíos; ro bás go fada iar t-tain ag tabhairt cíosa dhóibh. Annal FA 329. FA 329 866 K. iii. Ár for Gallaibh oc Mindroichit la Cennedigh mc. Gaithine, rí Laoighsi, & la tuaisgirt n-Osraighe. Annal FA 330. FA 330 867 K. iiii. Is in aimsir si tangattar Aunites, .i. na Dainfir, go sluaghaibh diairmhidhibh leo go Cáer Ebroic, gur ro thoglattar an cathraigh, & go n-deachattar fuire, & ba tosach imnidh & docrach móir do Breatnaibh sin; uair ní fada d'aimsir remhe so ro bhaoí gach cogadh & gach glífit i Lochlainn, & as as so ro fhás an cogadh sain i Lochlaind: .i. da mhac ócca Albdain, rí Lochlann, ro ionnarbsat an mac fa sine, .i. Raghnall mc. Albdain, ar eagla leo é do ghabail righe Lochlann tar éis a n-athar. Go t-tainic an Raghnall cona thri macaibh go h-Insibh Orc. Ro thairis iaramh Raghnall ann sin, & an mac ba sóo dhó. Tangattar imorro na mc. ba sine go sluagh mór léo, ar t-tionol an t-sluaigh sin as gach aird, ar na líonadh na mc. sin do dhíomus & do mhearsacht, um eirge i c-ceann Frangc & Saxan. Ra shaoilsiod a n-athair do dhol i Lochlainn fo cédóir dara n-éis. Ra earail iaramh a n-díomus & a n-ogbadata orra iomramh reampa dar an Ocian Cantaibreachda, .i. an mhuir fil eidir Eirinn & Espain, go rangattar Espain, & go n-dearnsad ulca iomdha i n-Espain edir argain & innreadh. Tangattar iar t-tain dar an Muinceann n-Gadianta, .i. bail i t-téid Muir Eireann isin ocian imeachtrach, go rangattar an Afraic; & cuirid cath risna Mauriotánuibh, & tuitid deargár na Mauriotána. Acht cheana, p.120 as ag dul i g-ceann an chatha sa, adubhairt an dara mac risin mac oile, ‘A brathair,’ ar sé, ‘as mór an mhichíall & an dasacht fil forainn bheith as gach tír a t-tír ar fud an domhuin gár marbhadh, & nach ag cosnamh ar n-athardha fén atáam, & ríar ar n-athar do ghénamh, úair as a áonar atá annosa a múich & i mertin i t-tír nach leis féin, ar marbadh an dara maic ro fhágsom 'na fharradh, amhail foillsighthear dhamh-sa.’ Go madh i n-aislinge no foillsighthea do-somh sin: & ro marbadh an mac oile dhó a c-cath; 's inbreachtain dno má téarna an t-athair fén as an cath sin—que revera comprobatum est. In tan ro bhaoí 'ga rádh sin as ann ad-chonnairc cath na Mauritana chuca: & mar ad-chonnairc an mac ro ráidh na briathra reamhainn sin, ro ling go h-oban 'san chath, & tainic d'ionnsoighidh rígh na Mauriotana, & tug buille do cloidheamh mhór dhó go ro ghad a lamh dhe. Ro cuireadh go crúaidh ceachtar an da leath 'san chath sa, & ní rug neach diobh cosgar da chele 'san cath sin. Acht táinig cách diobh d'ionnsaighidh a longpoirt ar marbhadh {MS page 47} sochaidhe ettura. Ra fhuagair imorro cách ar a chéle thoidheachth arnamhárach dochum an chatha. Ro iomgabh imorro ri na Mauritana an longport, & ro éla isin oidhche ar n-gaid a laimhe dhe. O thainig tra an maidin ro ghabhsat na Lochlannaig a n-árma, & ro choirighsiod iad go crúaidh béodha dochum an chatha. Na Mauritana imorro, o ro airighsit a rí d'éludh, ro theichsiod ar marbadh a n-deargair. Ro chuattar iar sin na Lochlannaig fon tír, & ro airgsiot & ro loisgsiod an tír uile. Tugsad dna slúagh mór dhíobh a m-brait léo go h-Eirinn: .i. siad-sin na fir ghorma. Uair is ionann Mauri & nigri; Mauritania is ionann is nigritudo. As inbeachtain ma térna an treas duine do Lochlannachaib edir in neach ra marbhaid & ro baidhit dibh 'san muincinn muridhe Gaditanna. As fada dna ro badar na fir ghorma sin i n-Eirinn. As ann atá Mauritania contra Baleares insulas. Annal FA 331. FA 331 865 K. ii. Eclipsis solis in callandis Ianuarii. Annal FA 332. FA 332 865 K. ii. Ceallach mc. Ailella, ab Cille Dara & ab Iae, dormiuit in regione Pictorum. Annal FA 333. FA 333 865 K. ii. Mainchine, epscop Lethglinne, quieuit. Annal FA 334. FA 334 865 K. ii. Tuathal mc. Artgossa, prímhepscop Foirtreann & ab Duin Cailleann, .m. p.122 Annal FA 335. FA 335 865 K. ii. Guin Cholmain mc. Dunlainge, rí Fothart Thíre; do mharbadh da chloinn féin. Annal FA 336. FA 336 865 K. ii. Tighearnach mc. Focarta, rí fear m-Breagh. Annal FA 337. FA 337 866 K. iii. Isin bliadain si tainig Tomrar iarla o Luimnioch go Cluain Fearta Breanainn, (duine aindreannda, agarbh, aindgidh eisidhe do Lochlannachaib), andar leis fo ghebhadh brad mór 'sin chill sin. Gidh eadh ní mur ra sháoil fuair, uair táinig seal beag fios reimhe, & ro theichead go maith reimhe i n-eathraibh, dream eile i sescuibh, dream oile 'sin teampul. An dream imorro fora rug-som ar an urlár & isin relic, ro marbh-som. Ro bhaoí dno Cormac mac Elothaigh, saoí eagna Eireann, comharba sen-Chiarain Saighre, 'sin teampal sin. Rá sháor Dia & Brenainn íad amhlaigh sin. Marbh imorro do dhasacht an Tomrair 'sin bliadain si ar n-imirt do Bhrenainn miorbhal fair. Annal FA 338. FA 338 ?866 K. iii. Isin bhliaghain sin ro chuadar na righ Lochlann i m-Mumhain & slúagha móra léo, & ra indrisid go cródha an Mumhain: gidh eadh cheana tugadh deargár forra ann. Úair tainig Cinnetigh mc. Gaithin, rí Laoighsi. Mac esidhe do {MS page 48} Land ingin Dunlainge, isidhe dno mathair Flainn mc. Maoil Seachlainn, & as í ba bean an tan sa d'Áodh mc. Néill, righ Teamhrach. Is é an mac Gaithin ba gairge & ba cosgracha for Gallaib 'san aimsir si i n-Eirinn. Tainig iaramh an Cinnetigh si & Laoigheas go n-dreim do Osraighibh maille ris, go longport na Lochlannach, gur ro marbhsat deargár a n-deaghdháoine ar lár an longpoirt. Is ann sin ad-chonnairc Cinnedigh fear da muinntir féin, & dias Lochlannach ag triall a chinn do bheim dhe, tainig go tric da shaoradh, & ro bhean an da ceann don dís sin, & ro sháor a fhear muinntire féin. Tainic remhe Cennedigh go m-buaidh & cosgar. As ann-sidhe do rala an chreach Lochlannach i n-aighidh Chinnedig co n-édaluibh mora occa. O ro chúalattar na maithe úd do mharbadh, ro fhagsad a g-creich & a n-édala, & tangattar go crúaidh béodha i n-aighidh Cinnedigh. Ro thoghbhaid gotha allmhardha bharbardha ann-saidhe, & stuic iomdha badhphdha, & socuidhe 'ga rádh, ‘Núi, nú.’ Ro diobhairgid iaramh saighde iomdha eaturra, & leathghae, & ra ghabhsat fa dhéoigh fora c-cloidhmhibh troma tortbhuilleadha. Gidh eadh tra ro bhaí Día ag furtacht do mac Gaithin cona mhuinntir; ro fhoruaslaighid na Lochlannaig, & ra fhagsat a lathraigh imbúalta: rá chuadar ass i maidhm ar marbhadh a n-deargár. Dream oile ni dheachattar i f-fad ara f-fainne, ar f-fulang gorta moire dhóibh, no ara náire léo techeadh. In uair ad-conncattar sluagh meic Gaithin occ tionol an mhaithiusa ro fhagsad-somh léo, tangattar 'na n-deaghaidh. Mur ro chonnairc mac Gaithini esidhe, ro ghabh fotha p.124 amhail fáol fo cháorchaibh, go ro theichsiod 'san mhónaidh gur ro marbhaidh 'san mónaidh uile iad, go n-duattar coin a c-colla. Ro mharbhsat dno an lucht sa, .i. mac Gaithin cona mhuinntir, deargár áosa grádha righ Lochlann i n-aird aile 'sin Mumhain, .i. marcshluagh rígh Lochlann. Is 'na dhioghail ra mharbhsat na Lochlannaig slúagh mór cléreach ra baoi6 fein, acht as íar m-búaidh ongtha & aithrighe. Annal FA 339. FA 339 Isin aimsir sin rug clú mór Maoil Ciaráin eidir Ghaoidhealuibh ara mence buadha do bhreith dhó do Lochlannachaib. FA 340 866 K. iii. Isin bliadain si ba marbh Tomrur Iarla, namha Brénainn, do dhásacht i Purt Manann, & ba h-eadh ad-chíd Brenainn 'ga mharbadh. Annal FA 341. FA 341 Isin tan so do ronsad Ciarruighe forbaisi for mhuintir an Tomrair sin, & ar n-attacht dóibh Brénainn ar bhrú an mhara, & ro bhaoí an Coimdhe ag furtacht dona Gaoidhiolaibh: uair baoí an mhuir og badhad na Lochlannach, & na Ciarraighe 'ga marbhadh. Congal an seanóir, rí Ciarraighe, rug búaidh isin congail chatha sa. As uaitheadh tra lomnocht & gonta tearna dona Lochlannachaib; bá mór n-óir {MS page 49} & airgid & ban caomh ro fagbhaid ann sin. Annal FA 342. FA 342 867 K. iiii. Isin bliadain si dno tangattar sloigh Lochlannach ó Phurt Corcáighe d'argain Fear Maighe Féne, acht cheana ní ra cheadaigh Dia dhóibh. Úair is an tan sin tangattar na Dési ar creachaib 'sin f-fearann cédna tré remhfheghadh Dé, úair ba deargnamhaid reimhi sin na Dési & Fir Maighe. O ró conncuttar iaram na Dési na Lochlannaig og orgain & og innradh an tíre, tangattar d'ionnsaighidh Fear Muighe, & do ronsat sídh dhainghin thairisi, & ro chuadar a n-aonfeacht i c-ceann na Lochlannach go garg béodha commbagach, & ra cuireadh go crúaidh cródha leith for leath eatturra. Gidh eadh ro meamhaidh forsna Lochlannachaib tré miorbail an Coimdheadh, & ra cuiriodh a n-deargár. Rá chúaidh imorro a t-táoisioch, .i. Gnim Cinnsiolaig a ainm, go rainig caistial daingean baoí a g-comfhocraibh dhóibh, & ro fuabhair a ghabhail, & as eadh bá diomháin dó, úair ní rá fhéd a fhulang ar iomad faga & cloch 'gá n-díubragadh dhó. Is eadh do rigni-siomh, Ceannfaoladh do ghairm chuige, uair bá dóigh leis bá cara é, & aisgeadha iomdha do gealladh dhó ara anacal; & as eadh bá diomháoin do-somh, úair ro tairrngead-somh amach tria impidhe na soichaidhe ro foghnaidsiot dhó reimhe, & ro marbadh go truagh é, & ro marbhaid a mhuinntear uile. Ba gairit imorro iar t-tain go t-tangas dochum an chaistéol in ro caith-siomh a bheathaidh go sártholach, & ro díosgáoilead uile e. Sic enim placuit Deo. p.126 Annal FA 343. FA 343 866 K. iii. Dineartach, ab Lothra, .m. Annal FA 344. FA 344 866 K. iii. Loch Lebhinn do shoudh i f-fuil, go raibhe 'na phairtibh cró amhail sgamha. Annal FA 345. FA 345 866 K. iii. Sruthair, & Slebhte, & Achadh Arglais d'argain do gentibh. d'Osraighibh A.D. an. 864. Annal FA 346. FA 346 ?867 K. iiii. Isin bliadain si, .i. sexto anno regni Aodha mc. Neill, maidhm ré Laighnibh for Uibh Néill, i t-torchair Maol Muadh mc. Dunchadha, & Maol Murthemne mc. Maoil Brighde. Annal FA 347. FA 347 867 K. iiii. Teagmhail eidir Óisle, mac rígh Lochlann, & Amlaoibh a brathar. Trí meic battar ag an rígh, .i. Amlaoibh & Iomar & Óisle. Óisle bá sóo ar n-aois díobh, & as é bá móo ar aoí eangnamha; úair rug dearsgughad mór i n-diubargan fogha & i n-niort ga do Ghaoidhealaib. Rug dno dearsgughad do Lochlannachaib i n-niort cloidhimh, & i n-diubhragadh saighead. Ro bhaoí a dubhfhuath go mór 'ga bhraithribh; as eadh as mó ro bhaoí ag Amlaoibh; ní innisin cuisi na miscean ara libri. Ra chuadar an dá bhrathair, .i. Amlaoibh & Iomar, i g-comhairle 'má caingin in mhic oig, .i. Óisle, ge ró {MS page 50} bhattar cúisi dichealta occa da mharbadh, ní h-íad tugsat ar aird, acht cúisi eile ro thogbhattar ar aird as a n-dlesiod a mharbhadh, & rá chinnsiot iaramh a mharbadh. O ró fhidir Amlaoibh dál an brathar ba miosgais leis do thuidheacht, as eadh do righne, teachtaireadha tairisi do chur ar ceann na ritaire bá sonairte & bá béodha aige, go m-beittís astigh ar cheann Óisle. Tainic iaramh an t-Óisli, .i. an duine as fearr cruth & eangnamh baoí an tan sin 'san domhan; uaitheadh dna tainig-siomh i t-teach a bhrathar; úair níor sháoil an ní fúair ann, .i. a mharbadh. Is eadh imorro ro chuinnig ann ní ná ro sháoil. As eadh ro íarr o thús diolmainius labhartha do thabhairt dhó. Tugadh do-somh sain. As eadh imorro ro labhair-siomh, .i. ‘A brathair,’ (ar sé) ‘muna f-fail gradh do mhna, .i. ingean Cinaoth, agad-sa, cídh na leigi damh-sa úait í, & gach ní ro dioghbhais ría, do bear-sa dhuit.’ O ro chúala an t-Amlaibh sin, ro ghabh éd mór é, & ro nocht a chloidheamh, & tug buille dhé i g-ceann Oisle, .i. a brathar, gur ros marbh. Ro choimheirigh cách ar amus a chéile iar t-tain, .i. muinntear an rígh, .i. Amlaoibh, & muinntir an bhrathar ro marbadh ann; battar stuic & comhairc 'ma seach ann-saidhe. Rá chúas iar sain fa longport an brathar ro marbhadh ann, ar c-cur deargáir a muinntire. Rob iomdha maithios isin longport sin. p.128 Annal FA 348. FA 348 867 K. iiii. Isin bliadain si dno do chuadar na Danair go Caer Ebroic, & do radsat cath crúaidh dona Saxanaibh ann. Ro maidh for Saxanuibh, & ro marbadh righ Saxan ann, .i. Alle, tré bhrath & meabhail ghiolla óig da muinntir féin. Tugadh tra ár mór isin chath sain, & ra chúas iar sin for Chaer Ebroic, & tugadh iomad gach maithiusa eiste, úair bá saidhbhir an tan sin í, & marbtar na f-frith do dheaghdhaoine innte. As as sin ro fhás gach dochonach, & gach imneadh d'Innsi Breaton. Annal FA 349. FA 349 867 K. iiii. Isin bliadain si tainig an Cennedigh airdhirc, .i. mac Gaithin, námha chlúuch na Lochlannach, d'ionnsoighidh longpoirt Amloibh, rí na Lochlannach (& as esidhe reamhainn do marbh a bhrathair), gur ro loiscc [gap: extent: one and a half lines] Tangattar na Lochlannaig 'na dheaghaidh, & mur tug-somh a aighid forra, ro maidh reimhe dibh gonige an longport cédna, & ro marbh a n-deargár na sáorchlann. Sic Deo placuit. Annal FA 350. FA 350 Isin bliadain si dno tainig Bárith íarla & Háimar, días do chinel soichinelach na Lochlannach, tré lár Connacht d'ionsoighidh Luimnigh, amhail na dearndáis ní do Connachtaibh. Gidh eadh ní amhlaidh do rala, uair ní 'san iomad ro tairisnighsiod, acht ina m-brighaibh féin. Ro fuaprattar na Connachtoigh tria chelcc a f-foruaisliughadh-somh: uair do rala areile Muimhneach sonairt crúaidh {MS page 51} & glic i n-imirt arm eaturra an tan sin, & bá glic dno a c-comairlibh an Muimneach sin. Ro ioraileattar iaramh Connachta fair-sidhe dola ar amus na Lochlannach, mar badh do thabhairt éoluis dóibh, & do marbadh Bárith. Mar ránaig-sidhe gonige in ionad i rabha Háimar, tug buille do leathgha go sonairt i n-Haimar, go ros marbh. Mílídh imorro Connachtach do chúaidh maille ris ar tí marbhtha an Bárith, ní