Story of the abbot of Druimenach, who was changed into a woman Author: [unknown] p.76 3] Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair 4] lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc. 5] Iar n-ullmughadh na fledhi téit in t-oclach amach asin 6] m-bruidhin & suidhidh for cnoc ardmor ur-áibhind bai ós 7] cinn baile & is amlaid bói in t-oclach & at lan-maisech 8] lín uma chenn & leine don t-sróll ríghdha re g-custal a 9] gheilcnis & inar suaichnidh somaisech tairsi anechtair & 10] bratt don scarlóid dubh-dhuinn ar tondghail ina timcill & 11] cloidhemh or-dhuirn inaonaigh ina láimh & ar rochtain 12] ar in tulach dó tuc a uille fri lar & ro codail. Et 13] iar muscladh dó asa chotlud an tan rob ail leis a 14] chloidhimh do ghabháil ní fhuair acht arm mná 'na inadh 15] .i. cuigél. Et is amlaid ro búi & scuird leine mná uime 16] co talmain & is ed bai ar a cenn frithlacht mná .i. 17] folt fada fathmand-chaol forórdha fíor-mhaisech fo cléith 18] a chinn & an uair tuc lam tar a agaid ni fhuair finda 19] n-ulchan na fésóige fuirre & do-rat a lam idir a shliastaibh 20] & fuair comhartha bandachta ann. Araisin nir chreid ----- p.77 1] an t-óclach dona comarthaib égsamla sin, ar robu dóigh 2] leis is fuathugudh & draoidhecht ro h-imredh fair. Asa 3] h-aithle sin tic secha aroile ben mór & sí éidigh imodhur 4] urgrándha ina h-arrocht ghrendach glais-liath glend-shuilech 5] & is edh ro ráidh: `Cidh duit, a ingen min macdhachta 6] mong-buidhe, beith at aenar ar in tulaig-so h-i fescur 7] laoi & i n-urtosach oidhchi?' Et ba dubach derach dobronach 8] bai-simh dona scélaib-sin & adubairt iar sin: 9] `Ní fedar festa cidh rachad no cred do-ghén. Uair cia 10] dom tigh dechar ni tipraid mo muinter aithne form & 11] mad imthecht doner is baegal d' aenmnai imthecht ina 12] h-aenar. Arai tra is ed is ferr damh dol fón doman co 13] ruca Dia breith form, or is h-é ro shaobh mo chruth & 14] mo delbh & dom-rad a n-ecruth & a n-aindricht. Acht 15] chena cia dom-rad Dia a n-aitherruch ecaisc, do-beirim fom 16] bréithir a bh-fiadhnaisi an Dúilim nar chrochus duine & 17] nar fhellus ar aon & nach tucus sár ar cloc ina ar 18] mind ina ar bhachaill & nar chraidhius cill & nach dubart 19] olc fri nech & nach dechaid aoidhigh dimdhach óm 20] threiph ina óm theghdhais riam'. 21] Ro eirigh iar sin don chnoc & don tulaig taithnemaigh 22] taobh-alaind & do-rinne nuall-ghubha neimelach & caoi 23] trom tuirsech & is ed ro ráidh ac eirghe don chnuc: 24] `Truagh', ar se, `nách suighinn talam na tulcha-sa ----- p.78 1] misi isin tan-so, oir ní fhedur cidh rachat no cred do-ghen'. 2] Ro imthigh roimpe iar sin tar fán an chnuic siar co 3] riacht co faithchi Croimglinne .i. ceall ro bói fri Druimenaigh 4] aniar. Tecmaidh iar sin aroile óclach mór 5] milita dhi ar faithchi an baile & tuc an t-óclach grád 6] dichra dofholachta dí & ro gabh for a guidi & nir gab 7] uaithi co n-deachaid ina gnáis & ina caomhthach & iar 8] feis doibh ro fhiarfaig in t-óclach don ingin ga crich asa 9] tainic & cia h-i fein. Do ráidh an ingen fris nach fuigbedh 10] a fhis-sin uaithe damad cian gairid doibh a bh-fhochair 11] aroile. `Misi' ar in t-óclach `do-gén mo shlonnadh duit-si, 12] or is mé airchinnech na cille-si darbo comainm Croimglend 13] & testa mo bhen da bliadna uadha & bidh tusa mo 14] cheile cubaid comaisi'. Et do-chuadar maraon iar sin do 15] thigh an oirchinnigh & ro feradar muinter an tighe fáilti 16] midhchuir muintremhail fria-si & bai secht m-bliadna 17] aige ina mnái & ina bainchéile & móirsheisir claindi ruc si 18] dó frisin ré-sin. Tic iar sin techta cusan oirchindech 19] ó shámhadh & ó choimthinól Druimenaigh dia chuiredh 20] fon cáisc & téid sisi maraon frisin n-oirchinnech cusan 21] cnoc ar' saobadh a cruth ar tús & do-fuit a cotlud ----- p.79 1] fuirri-si fochétóir isin chnuc & téid an t-oirchindech cona 2] muintir don chill & iar musclad don ingin asa cotlud is 3] amlaidh ro bói ina fior fon coimdeilbh ceta-robai riamh & 4] fuair a cloidem cros-órdha cumdaigh for a glún & is ed 5] ro-ráidh: `A Dhé cumachtaigh, is mór an ciach a fuilim' & 6] do-choidh iar n-acáine dermhair dia chét-árus & as-pert a 7] bhen fris iarum: `Is ro-fhada atái a n-écmais do thighe'. 8] Is annsin ro bai an tegh n-óla arna oiregar & ro h-innsedh 9] an scél ingnadh sin do lucht an tighe & araoi nir 10] chreidedh an scél-sin uadha, ar adubairt a bhen nach 11] raibhe én-uair do ló 'na h-écmais. Fo deoigh iar tabairt 12] na comhartha n-imdha n-écsamail ferthar a scél-sum & 13] berar breth etorra & airchinnech Croimglinne & is i 14] breth rucadh etorra in chlann do roinn ar dhó & an mac 15] imarcaid bái ann do thabairt don airchinnech ar son an 16] altruma & is amlaid ro scarsad fri aroile & rl.