Táin Bó Fraích Author: [unknown] p.1 1] TÁIN BÓ FRAÍCH 2] Fróech mac Idaith do Chonnachtaib, mac side do 3] Bé Find a sídib. Derbsiur side do Boind. Is hé láech 4] is áildem ro buí do feraib Hérenn & Alban, acht níba 5] suthain. Dobert a máthair dí báe déc dó assint síd, it é 6] finda óiderga. Boí trebad maith oca co cend ocht mblíadnae 7] cen tabairt mná chuca. Coíca mac ríg rop é lín a 8] theglaich, comaís comchutrumma fris uile eter chruth & 9] écosc. 10] Carthai Findabair, ingen Ailella & Medba, ara 11] irscélaib. Adfíadar dósom oca thaig. Ropu lán Hériu 12] & Albu dia allud & dia scélaib. Íar suidiu docorastar fair 13] dul do accallaim na hingine. Immaroraid fria muntir 14] anísin. ‘Tíagar úait didiu co siair do máthar, co tucthar 15] ní do étuch ingantach & de ascedaib síde duit úadi.’ 16] Luid íarum co siair a máthar .i. co Bóind, co mbuí 17] i m-Maig Breg, & dobert coícait mbratt ngorm, & ba cosmail 18] cech áe fri druimne ndoíle & cethéora oa dubglassa 19] for cech brutt, & mílech derggóir la cech mbratt, & lénti 20] bángela co túagmílaib óir impu, & coíca scíath n-argdide 21] co n-imlib óir impu, & caindel rígthigi i lláim cech 22] áe, & coíca semmand findruine ar cech n-áe. Coíca 23] toracht di ór forloiscthi im cech n-áe. Eirmitiuda ----- p.2 24] di charrmocul fóib anís, & is di lecaib lógmaraib a 25] n-airíarn. No lastais in aidche amal betís ruithni 26] gréni. & coíca claideb n-órduirn leo, & gabor bocglass 27] fó suidi cech fir & beilge óir friu. Máelland arggait co 28] clucíniu óir fo brágit cech eich. Coíca acrann corcra 29] co snáthib argait estib, co síblaib óir & argait & co 30] cendmílaib. Coíca echlasc findruine co mbaccán órda for 31] cinn cech áe. & secht mílchoin i slabradaib argait, & 32] ubull n-óir eter cech n-áe. Bróca crédumai impu. Noco 33] rabi dath nád beth intib. Mórfesser cornaire leo co cornaib 34] órdaib & argdidib, co n-étaigib ildathachaib, co mongaib 35] órdaib sídbudib, co lennaib étrachtaib. Bátir tri drúith 36] remib co mindaib argdidib fo díor. Scéith co fethul 37] chondúala la cech n-áe, co círbachlaib, co n-esnadaib 38] crédumai íarna tóebaib. Triar cruittire co n-écosc ríg 39] im cech n-áe. 40] Documlát ass do Chrúachnaib cossind écusc sin 41] leu. Dosndéccai in derccaid din dún in tan dodechatar 42] i m-Mag Crúachan. ‘Dírimm atchíusa’, ol sé, ‘don dún 43] inna lín. Ó gabais Ailill & Medb flaith, nícos tánic riam 44] & nícos ticfa dírimm bas choímiu ná bess áiniu. Is cumma 45] lemm bed i taulchubu fína no beth mo chend lasin ngáeth 46] dotháet tairsiu. Abras & ábairt dogní int ócláech fil and, 47] nochon accasa riam a chutrumma. Focheird a bunsaig 48] rout n-aurchora úad. Síu cotrí ri talmain, nos gaibet na 49] secht mílchoin cona secht slabradaib argait.’ 50] La sodain dothíagat int slúaig a dún Chrúachan dia 51] ndécsin. Immusmúchat in doíni issin dún co n-apthatar ----- p.3 52] sé fir déc oco ndécsin. Tairlengait i ndorus in dúine. 53] Scoirit a n-eochu & léicit a mílchona. Dosennat na secht 54] n-aige do Ráith Chrúachan, & secht sinnchu & secht 55] míla maige & secht turcu alta, conda rubatar ind óic 56] issind aurlaind in dúine. Íar sain focherdat in mílchoin 57] bedg i m-Bréi. Gabait secht ndoborchona. Dosbertatar 58] dochum na ardda i ndorus inna prímrátha. 59] Deissiter i ssuidiu. Dotíagar ónd ríg dia n-acallaim. 60] Imchomarcar cía bu chan dóib. Noda sloindet íarum 61] íarna slontib fíraib. ‘Fróech mac Idaith inso’, ol séat. 62] Ráite in rechtaire frisin ríg & in rígnai. ‘Fo chen dóib’, ol 63] Ailill & Medb. ‘Is óclách án fil and’, ol Ailill. ‘Táet issin 64] less.’ Dolléicther dóib cethramthu in taige. 65] Ed a écosc in taige: sechtordd and, secht n-imdai ó 66] thein co fraig isin taig imme cúaird. Airinech di chrédumu 67] for cech imdai; aurscartad derggibair fo mrechtruncain 68] uile. Trí stéill chrédumai i n-aulaith cecha imda, secht 69] stíalla umai ón damdabaich co cléithe issin tig. De gíus 70] dogníth a tech. Ba tuga slinned boí fair dianechtair. 71] Bátar sé senistri déc issin tig, & comlae humae ar cech 72] n-aí. Cuing umai darsa forlés. Cethéora ochtga humai 73] for imdai Ailella & Medba immdernide de chrédumu uili 74] is sí i certmedón in taige. Dá aurainech arggait impe fo 75] díor. Flesc argait isind airinniuch rosaiged midlissiu in 76] taige. Timchellad a tech imme cúaird ón dorus dialailiu, 77] Arrócbat a ngaisceda issin taig sin & sedait, & ferthair 78] fáilte riu. 79] ‘Fo chen dúib’, ol Ailill & Medb. ‘Iss ed doróachtamar’, 80] ol Fróech. ‘Níba turas ar aig thaig ón’, ol Medb. 81] Imbrid Medb & Ailill fidchell íar sin. Gaibid Fróech ----- p.4 82] íarum imbirt fidchille ri fer dia muntir. Ba caín ind 83] fidchell. Clár findruine and co cethéoraib auaib & uilneib 84] óir. Caindel de líc lógmair oc fursunnud dóib. Ór & 85] arggat ind fuirend boí forsin chlár. ‘Aurgnaid biad donaib 86] ócaib’, ol Ailill. ‘Ní hed is accobor limm’, ol Medb, ‘acht 87] dul do imbirt na fidchille thall fri Fróech.’ ‘Eirgg dó; is 88] maith lim-sa’, ol Ailill. Imberat in fidchill íarum & Fróech. 89] Boí a muinter colléic oc fuiniu na fíadmíl. ‘Sennat 90] do chruittiri dún’, ol Ailill ri Fráech. ‘Sennat ém’, ol 91] Fráech. Crottbolg di chrocnib doborchon impu cona 92] n-imdénam di phartaing foa n-imdénam di ór & argut. 93] Bíann n-erbbad impu a mmedón; ba gilidir snechta. Sella 94] dubglassa inna medón aide. Bruit lín gilidir fúan ngéssa 95] imna téta. Crota di ór & arccut & findruine co ndelbaib 96] nathrach & én & mílchon di ór & arccut. Amal no glúaistis 97] na téta sin, imreithitis na delba sin íarum inna firu imme 98] cúaird. Sennait dóib íarum conid apthatar dá fer déc dia 99] muntir la coí & toirsi. 100] Ba caín & ba bind a triar sa, & batar caíni Úaithni 101] insein. Is hé in a triar irdaircc: tri derbráthir, .i. Goltraiges & 102] Gentraiges & Súantraiges. Boind a ssídib a mmáthair a triur. 103] Is din chéol sephainn Úaithne cruitt in Dagdai ainmnigter 104] a triur. In tan bóe in ben oc lámnad, ba gol mairgg 105] lee la gúri na n-idan i tossuch. Ba gen & fáilte arabeiti ar ----- p.5 106] medón ar imtholtain in dá mac. Ba súan álgine arabeitte 107] in mac dédenach ar thrumme inna brithe, conid de ro 108] ainmniged trian in chíuil. Dofíuissig íarum assint súan in 109] Boind. ‘Aurfoímsiu’, ol sí, ‘do thrí maccu, a Úaithni lánbrotha, 110] fo bíth file súantraide & gentride & goltride ar 111] búaib sceo mnáib dosoifet la Meidb & Ailill. Atbélat fir 112] la clúaiss ngléssa dóib.’ 113] Anait dint senmaim íar sain issind rígthaig. ‘Is 114] ségond dofánic’, ol Fergus. ‘Fodlid dún’, ol Fróech fria 115] muntir, ‘a mbiad. Tucaid isa tech.’ Docing Lóthur for 116] lár in taige. Fodáile dóib a mbiad. Fora dernaind no 117] rannad cech n-ágae cona chlaidiub, & ní aidleth toinn ná 118] féoil. Ó gabais rannairecht, ní archíuir bíad foa láim riam. 119] Bátar tri láa & teora aidche oc imbirt na fidchille la 120] immed na lliac lógmar i tegluch Froích. Íar sin adgládar 121] Fróech Meidb. ‘Is maith ro ngabus fritt’, ol sé. ‘Ní biur 122] do thochaill dind fitchill ná raib meth n-einich deit and.’ 123] ‘Ó túsa issin dún sa iss ed laithe inso as síam limm’, ol 124] Medb, ‘Deithbir ón’, ol Fráech. ‘Atáat tri láa & teora 125] aidchi and.’ 126] La sodain atraig Medb. Ba mmebul lée buith 127] donaib ócaib cen bíad. Luid co Ailill. Ráidti friss. 128] ‘Mórgním dorigénsam’, ol sí, ‘ind óic annechtair donnáncatar 129] do bith cen bíad.’ ‘Diliu dait imbeirt fidchille’, ol 130] Ailill. ‘Ní derban in fodail dia muntirseom sethnu in 131] taige. Atát tri láa & teora aidchi and’, ol sisi, ‘acht nád 132] n-airigmer in n-aidchi la bánsuilsi inna líac lógmar issin 133] tig.’ ‘Apraid riu’, ol Ailill, ‘anat dina cuínib co fodailter ----- p.6 134] dóib.’ Fodáilter dóib íarum, & ba maith ro mboth friu, 135] & ansait tri láa & teora aidchi and íar sin forsind fledugud. 136] Is íarum conaccrad Fráech issa tech n-immacallamae, & 137] imchóímras dó cid dodnucai. ‘Is maith’, ol sé, ‘limm 138] célide libsi.’ ‘Ní holc ém lassa teglach for ngnás’, ol 139] Ailill. ‘Is ferr for tórmach oldás for ndígbáil.’ ‘Anfimni 140] didiu’, ol Fráech, ‘nach sechtmain.’ Anait íar sin co cend 141] cóicthigis issin dún, & toffund dóib cech óen lá dochum in 142] dúine. Dosaigtis Connachta dia ndécsin. 143] Ba imned la Fráech cen acallaim na ingine, sech 144] ba hé less nod mbert. Laithe n-and atraig deud aidche do 145] inlut dond abaind. Is hé tan dolluidsi ón & a hinailt do 146] indlut. Gaibidsom a lláimsi. ‘An rim acallaim’, ol sé. ‘Is 147] tú doróachtamar.’ ‘Is fo chen limsa ém’, ol ind ingen, ‘má 148] chotíssind. Ní chumgaimm ní duit.’ ‘Ceist, in n-éláfa 149] limm?’ ol sé. ‘Ní élub ém’, ol sí, ‘ór issam ingen ríg & 150] rígna. Ní fil dot daidbrisiu náchimm étasa óm muntir, 151] & bid hé mo thogasa dano dul chucutsu. Is tú ro charus, & 152] beirsiu lat ind ordnaisc se’, ol ind ingen, ‘& bíd etrond do 153] chomarthu. Dosrat m'athair damsa’, ol sí, ‘dia taiscid, & 154] asbér is cor roda lláus immudu.’ Téit dano cechtar de a 155] leth íar sain. 156] ‘Attágursa’, ol Ailill, ‘élud inna hingine ucut la 157] Fróech.’ ‘Ce dobertha dó nípu madae, & dotáised ar ----- p.7 158] ndochum cona chethrai do chobair dún ocon táin.’ Do-tháet 159] Fróech cuccu issa tech n-immacaldmae. ‘In cocur fil 160] lib?’ ol Fráech. ‘Dotallfasu and’, ol Ailill. ‘In tibéraid 161] damsa for n-ingin?’ ol Fráech. Immanaiccet int slúaig. 162] ‘Dobérthar’, ol Ailill, ‘dia tuca tinnscra amal asbérthar.’ 163] ‘Rot bia’, ol Fráech. ‘Trí fichit ech ndubglass damsa’, ol 164] Ailill, ‘cona mbeilgib óir friu, & dí laulgaich deec ó mmeltar 165] ól n-aiss ó cech áe, & láeg find óiderg la cech n-áe, & 166] tuidecht duit limm cot lín uile & cot áes chíuil do thabairt 167] inna mbó a Cúailngiu; & dobérthar mo ingensa duit acht 168] co tís.’ ‘Dothongusa tar mo scíath & tar mo chlaideb & 169] darm threlam, ní thibrind i tindscra cid Meidbi insin.’ 170] Doching úadaib asa taig íarum. 171] Immosnacaillet íarum Ailill & Medb. ‘Farbbiba 172] sochaide n-immund de rígaib Hérenn dia rucasom in 173] n-ingin. Aní is maith, fúaiprem inna degaid & marbam 174] fo chétóir resíu forruma bine fornn.’ ‘Is líach ón’, ol 175] Medb, ‘& is meth n-einich dúnn.’ ‘Niba meth n-einig 176] dúnn’, ol Ailill, ‘tucht arandálfarsa.’ 177] Dotháet Ailill & Medb issa rrígthech. ‘Tíagam ass’, 178] ol Ailill, ‘co n-accamar na mmílchona oc toffund co 179] mmedón laí & combat scítha.’ Tíagait ass uili íarum dond 180] abainn dia fothrucud. ‘Adfíadar dam’, ol Ailill, ‘at maith 181] i n-uisciu. Tair issind linni sea co n-accamar do snám.’ 182] ‘Cindas na lindi se?’ ol sé. ‘Ní fetamar nach ndodaing 183] inti’, ol Ailill, ‘& is comtig fothrucud inti.’ Gataid a 184] étach de íarum & téit inti, & fácbaid a chriss túas. Oslaigid ----- p.8 185] Ailill íarum a bossán dia éis, & boí ind ordnasc and. 186] Atagéuin Ailill íarum. ‘Tairchi, a Medb!’, ol Ailill. Dotháet 187] Medb íarum. ‘In n-aithchéin sin?’ ol Ailill. ‘Aithgén’, 188] ol sí. Fosceird Ailill issin n-abaind sís. Ro airigestar 189] Fráech anísin. Co n-accai ní, dolleblaing int écne ara 190] chend & gabsus inna béulu. Foceird bedg cucai, & gaibid 191] a óilech & dotháet dochum tíri, & dombeir i mmagin 192] díamair i mbrúch na haband. Dotháet do thuidecht 193] assind usci íarum. 194] ‘Na tair!’ ol Ailill, ‘co tuca chroíb dam din chaírthend 195] tall fil i mbruuch na haband. It áildi limm a cháera.’ 196] Téitsium ass íarum, & brissis gésca din chrund & dambeir 197] ria aiss tarsin n-uisci. Ba hed íarum athesc Findabrach, 198] nach álaind atchíd, ba háildiu lee Fróech do acsin tar 199] dublind, in corp do rogili & in folt do roáilli, ind aiged do 200] chumtachtai, int súil do roglassi, iss hé móethóclach cen 201] locht cen anim, co n-agaid focháel forlethain, is é díriuch 202] dianim, in chráeb cosna cáeraib dergaib eter in mbrágit & 203] in n-agid ngil. Iss ed atbered Findabair, nocon facca ní 204] rosáissed leth nó trían do chruth. 205] Íar sain docuirethar na cráeba dóib assind usciu. 206] ‘It ségdai & it áildi na cáera. Tuc tórmach dún díb!’ 207] Téit ass atherruch co mbuí i mmedón ind usci. Gaibthi in 208] béist assind uisci. ‘Domiced claideb úaib!’ ol sé. & ní 209] rabai forsin tír fer no lamad a thabairt dó ar omun Ailella 210] & Medba. Íar sin gataid Findabair a hétach dí, & focheird 211] bedg issin n-uisce cossin chlaidiub. Dolléici a hathair ----- p.9 212] sleig cóicrind dí anúas rout n-aurchora co lluid treda 213] triliss, & condo ragaib Fróech inna láim in slig. Fosceird-side 214] issa tír súas in slig, & a mmíl inna tháeb. Léciud ón 215] co forgabáil, cenéle n-imberta gaiscid, co lluid tarsin tlacht 216] corcra & tresin léine baí im Ailill. La ssin cotéirget ind 217] óic la Ailill. Dotháet Findabair assind uisciu & fácbaid in 218] claideb i lláim Fráech, & comben a chend den míl co 219] mbaí fora thóeb, & dobert a mmíl leiss dochum tíre. Is de 220] atá Dublind Fráech i m-Bréib i tírib Connacht. 221] Téit Ailill & Medb ina ndún íarum. ‘Mórgním 222] doringénsam’, ol Medb. ‘Issinn aithrech’, ol Ailill, ‘a 223] ndoringénsam risin fer. Ind ingen immurgu’, ol sé, 224] ‘atbélat a bbéoilside i mbárach d'adaig, & níba cin mbreithe 225] in chlaidib mbeithir dí. Déntar fothrucud lib dond fir 226] sa .i. enbruithe n-úrsaille & cárna samaisci do indarggain 227] fo thál & béuil, & a thabairt issin fothrucud.’ Dogníth 228] uile anísin amal asbertsom. 229] A chornairi íarum remisium dochum in dúine. 230] Sennait di conid abbad tricha fer di saincháemaib Ailella 231] ar sírechtai. Dothaét íarum isin dún & téit issin fothrucud. 232] Conéraig in banchuire imbi ocon dabaig día mblith 233] & dia folcud a chind. Dobreth ass íarum & dogníth dérguth. 234] Co cúalatar ní, a ngolgaire for Crúachnaib, co n-accas na 235] trí coícait ban co n-inaraib corcraib, co cennbarraib 236] úanidib, co mílechaib arggait fora ndóitib. Tíagair chuccu ----- p.10 237] do fis scél dús cid ro chaínset. ‘Fráech mac Idaith’, ol in 238] ben, ‘macdreittel ríg síde n-Hérenn.’ La sin rochluinethar 239] Fráech a ngolgaire. ‘Domthócbaid ass’, ol sé ria muntir. 240] ‘Gol mo mátharsa inso & bantrochta Bóinni.’ Tócabair 241] immach la sodain & berair cucu. Dothíagat na mná 242] immi & berdait úadib i ssíd Crúachan. Co n-accatar ní 243] in tráth nóna arna bárach, dothaét & coíca ban imme, iss 244] é úagslán cen on cen anim. Comáesa comdelba comáilli 245] comchaíni comchórai comchrotha co n-écosc ban síde 246] impu, coná baí aithgne neich sech alaile díb. Bec nád 247] múchtha doíne impu. Scarsat i ndorus ind liss. Atnagat 248] a ngol oc dul úad co corastar na daíni bátar isind liss tar 249] cend. Is de atá golgaire ban síde la áes cíuil Hérenn. 250] Téitseom íarum issin dún. Ataregat int slúaig 251] huili ara chend, & ferait fáilti friss amal bad a domun aile 252] thíssad. Atraig Ailill & Medb & dogníat aithrigi ndó dond 253] écht doringénsat fris, & dogníat chóri. Gaibthir fledugud 254] leu d'adaig. Congair Fráech gilla dia muntir. ‘Airg ass’, 255] ol sé, ‘cosin magin i ndeochadsa issin uisce. Éicne forácbusa 256] and, donuc do Findabair, & irbbad fessin fair, & 257] fonaither int écne lee co mmaith, & atá ind ordnasc i 258] mmedón ind éicni. Is dóig lim condessar chuca innocht.’ 259] Gabthus mesca & aruspeittet céola & airfiti. Asbert 260] Ailill íarum: ‘Tucaid mo séotu damsa huili!’, ol sé. Dobretha ----- p.11 261] dó íarum co mbátar ara bélaib.‘Amra! Amra!’ ol cách. 262] ‘Gairid damsa Findabair!’, ol sé. Dotháet Findabair cucai, 263] & coíca ingen impe. ‘A ingen’, ol Ailill, ‘ind ordnasc 264] doratusa duitsiu inuraid, in mair latt? Tuc dam conda 265] accatar ind óic. Rot biasu íarum.’ ‘Ní fetar’, ol sí, ‘cíd 266] dernad de.’ ‘Fintasu ém!’ ol Ailill. ‘Is éicen a cungid nó 267] th'anim do dul as do churp.’ ‘Nicon fíu’, ol ind óic, ‘atá 268] mór di maith and chena.’ ‘Ní fail ní dom sétaibse nád 269] téi dar cend na hingine’, ol Fráech, ‘dáig ruc in claideb 270] dam do giull dom anmain.’ ‘Ní fuil lat do sétaib ní nodott 271] ain mani aisce úadi ind ordnaisc’, ol Ailill. ‘Nicom thása 272] cumang dia tabairt’, ol ind ingen. ‘An ro chara, dagné 273] dímsa.’ ‘Tungu día tonges mo thúath, atbélat do béoil 274] meni aisce úait’, ol Ailill.‘Is aire condegar chucut, úair is 275] decmaing, ar rofetarsa co tísat na doíni atbathatar ó 276] thossuch domuin, ní thic assin magin in rolád.’ ‘Nícon 277] ticfa fri moín nó adlaic thrá’, ol ind ingen, ‘in sét connegar 278] and. Tíagsa conda tucsa, úair is tricc condegar.’ ‘Ní 279] regasu’, ol Ailill. ‘Taét nech úait immurgu dia tabairt.’ 280] Foídis ind ingen a inailt dia tabairt. ‘Tongusa do día 281] thonges mo thúath, dia faigbither nícon béosa fot chumachtasu 282] ba síre, diandum roib forsa rol mo greis.’ ‘Nícon 283] gébsa dítsu ón, cid cossin n-echaire théisi, má fogabthar 284] ind ordnasc’, ol Ailill. 285] Dobert íarum ind inailt in méis issa rígthech, & int ----- p.12 286] éicne fonaithe fuirre, is é fuillechta fo mil. Dogníth lassin 287] ingin co maith, & boí ind ordnasc óir forsind éicni anúas. 288] Dosféccai Ailill & Medb. ‘Dalei co ndercar’, ar Fráech, & 289] doéccai a bossán. ‘Indar lemm is la teist forácbus mo 290] chriss, ol Fráech. ‘For fír do flatha’, ol Fráech, apair cid 291] dernais dind ordnaisc.’ ‘Ní chéltar orut ón’, ol Ailill. 292] ‘Lemsa ind ordnasc ro baí it bossán, & rofetar is Findabair 293] dorat duit. Is airi ro lása issin duiblinni. For fír th'ainich 294] & t'anma, a Fróeich, asndíth cía cruth arrálad a tabairt 295] ass.’ ‘Ní céltar fortsu’, ol Fráech. ‘A cétlá fosfúarsa ind 296] ordnaisc i ndorus ind liss. Rofetar ropu sét cáeim. Is 297] airi dosroisechtsa co lléir im bossán. Rotchúalasa a lláa 298] dochoad dond uisciu, ind ingen roda láa immach oco 299] íarmóracht. Asbiurtsa frie: ‘Cía lóg rom bia latt ara 300] fagbáil?’ Asbertsi frimsa dombérad seirc mblíadnae 301] damsa. Ecmaing nís ragbusa immum. Fosrácbus im 302] thaig dim éis. Ní comairnecmarni co comairnecmar oc 303] tabairt in chlaidib issind abaind im láimse. Íar sin 304] atchondarcsa in tan ron oslaicsiu in mbossán & ro lláis 305] ind ordnaisc issin uisce. Atchonnarc in n-éicne dorróebblaing 306] ara chind conid gab inna béolu. Ro ngabusa in 307] n-éicni íarum. Cotnócbus issin port. Darolus i lláim na 308] hingine. Is hé int éicne sin íarum fil forsin méis.’ 309] Gaibthir admolad & adamrugud na scél sa is tegluch. 310] ‘Ni foíchursa mo menmain for óclach n-aile i 311] n-Hérinn itiadsiu’, ol Findabair. ‘Arotnaisc dó’, ol Ailill & 312] Medb, ‘& tair chucunni cot búaib do tháin na mbó a 313] Cúailngiu. & in tan doregasu cot búaib anair doridisi ----- p.13 314] fibaidsi in n-aidchi sin d'adaig & Finndabair.’ ‘Dagénsa 315] anísin’, ol Fráech. Biit and íarum co arna bárach. Gabais 316] Fráech immi cona muntir. Celebraid íarum do Ailill & 317] Meidb. 318] Documlát dá críchaib íarum. Ecmoing ro gata a 319] báe calléic. Tánic a máthair chuce. ‘Ní béoda do fechtas’, 320] ar sí, ‘dochóas. Fofirfe mór n-imnid duit. Ro gatta do baí 321] & do thri meicc & do ben conda fail oc Sléib Aelpa. Ataat 322] téora báe díb i n-Albain túascirt la Cruthnechu.’ ‘Ceist, cid 323] dogénsa?’ ol sé ria máthair. ‘Dogéna nephthecht dia 324] cungid. Ní thaibrea th'anmain forru’, ol sí. ‘Rot biat 325] baí lemsa chena’, ol sí. ‘Nimthá són’, ol sé. ‘Dochoid 326] form einech & form anmain airec co Ailill & co Meidb com 327] búaib do tháin na mbáu a Cúalngiu.’ ‘Ní rochébthar’, 328] ol a máthair, ‘a condaigi.’ Téiti úad íarum la sodain. 329] Dochumlaísom ass íarum tríb nónbaraib, & fidchúach 330] & cú lomna leu, co lluid hi crích n-Hulad co 331] comairnaic ri Conall Cernach oc Bennaib Bairchi. Rádid a 332] cheist friside. ‘Níbu sirsan duit’, ol séside, ‘aní ardottá. 333] Ardottá mór n-imnid’, ol sé, ‘cid and no beth do menma.’ 334] ‘Dommáirse’, ol Fráech ri Conall, ‘co ndichis lemm nach 335] ré ó conarnecmar.’ ‘Ragatsa ém’, ol Conall Cernach. 336] Documlát ass a triur tar muir, tar Saxain túascirt, 337] tar Muir Hicht co túascert Langbard, co rráncatar Sléibte ----- p.14 338] Aelpae. Co n-accatar fraccnatain oc ingairiu chaírech ara 339] cind. ‘Tíagam ar ndís’, ol Conall, ‘a Froích, co n-acaldam 340] in mnaí thall, & anat ar n-óic sund.’ Lotar íarum dia 341] acaldaim. Asbertsi: ‘Can dúib?’ ‘Di feraib Hérenn’, ol 342] Conall. ‘Nípu sirsan do feraib Hérenn ém tíchtain in 343] tíri se. Do feraib Hérenn ém mo máthairse.’ ‘Domfair ar 344] chondailbi. Aisnid ní dún diar n-imthechtaib. Cinnas 345] in tíre doráncamar?’ ‘Tír ndúaig n-úathmar co n-ócaib 346] ansib. Segait for cech leth do thabairt bó & ban & brat’, 347] ol sí.‘Cid as núidem tucsat?’ ol Fráech. ‘Baí Fráech maicc 348] Idaith a íarthur Hérenn, & a ben & a thri maicc. Unse a 349] ben lasin ríg, ondat a baí issin tír ar far mbélaib.’ ‘Donfairni 350] do chobair’, ol Conall. ‘Is bec mo chumang acht 351] éolas nammá.’ ‘Iss é Fráech inso’, ol Conall, ‘& it é a baí 352] tuctha.’ ‘In tarisi libsi in ben?’ ol sí. ‘Cid tairissi lind in 353] tan dolluid, bés ní tarissi íar tíachtain.’ ‘Ben taithigi na 354] mbáu, airgid a dochum. Eprid frie for toisc. Di feraib 355] Hérenn a cenél, di Ultaib int sainriuth.’ 356] Tíagait co suidi. Ardagaibet & nos slaindet dí, 357] & ferais fáilti friu. ‘Cichib foruíreth?’ ol sí. ‘Fonroíreth 358] imned’, ol Conall. ‘Lenn na baí & in ben fil issind liss.’ 359] ‘Níbu sirsan dúib ém’, ol sí, ‘dul fo dírimm inna mná. 360] Andsu dúib cech rét’, ol sí, ‘ind naithir fail oc imdegail 361] ind liss.’ ‘Nim thísi amin’, ol Fráech. ‘Ní tairissi limm. ----- p.15 362] At tairisisiu lim. Rofetamar nín méra úaire is di Ultaib 363] duit.’ ‘Can di Ultaib dúib?’ ol sí. ‘Huinse Conall Cernach 364] sund, láech as dech la Ultu’, ol Fráech. Focheirdsi dí 365] láim im brágit Conaill Chernaig. ‘Reiss ind orgain hi 366] fecht sa’, ol sí, ‘úaire donánicside, úair is do suide dorairngered 367] orgain in dúini sea. Tíagsa ass’, ol sisi. ‘Ni béo fri 368] mblegon na mbó. Fáicéb in less n-óibéla. Is mé nod 369] n-íada. Asbér is déol ro dinetar ind loíg. Tíastaisi issin 370] dún acht comtalat. Iss andsu dúib ind naithir fail ocon 371] dún. Dolléicetar iltúatha dí.’ ‘Regmai amin’, ol Conall. 372] Fúabbrait in less. Focheirdd ind nathir bedg i 373] criss Conaill Chernaig, & orgait in dún fo chétóir. Tessairgit 374] íarum in mnai & na trí maccu, & doberat a n-as 375] dech sét in dúine, & léicid Conall in nathir assa chriss, & 376] ní dergéni nechtar de olc fria chéile. 377] & dothíagat i crích Cruithentúathe co tucsat téora 378] bú dia mbúaib assaide. Co tullatar do Dún Ollaich maic 379] Bríuin friu aníar co mbátar i n-Aird Húa nEchach. Is 380] and atbath gilla Conaill, oc timmáin na mbó .i. Bicne mac 381] Láegaire. Is de atá Inber mBicne oc Bennchur. Co tucsat a 382] mbú taris illei. Iss and ro lásat a n-adarca díb, conid de 383] atá Tracht m-Bennchoir. 384] Luid Fráech ass íarum dia chrích, & a ben & a 385] maicc & a baí laiss, co luid la Ailill & Meidb do tháin na 386] mbó a Cúanlgiu. Finit, finit, amen.