Isam aithrech (febda fecht) Author: [unknown] Isam aithrech (febda fecht) Prayer for forgiveness Isam aithrech (febda fecht), a Choimdiu, do thairimthecht: dílig dam cach cin rom-thé, a Chríst, ar do thrócaire. Ar do thitacht cain i crí, ar do gein, a mo Nóebrí, ar do baithis m-búain i fus, dílig dam cech n-immarbus. Ar do chrochad co léire, ó marbaib ar th' eiséirge, tabair dam dílgud mo thal, at it Fíadu fírthrócar. Ar do fresgabáil (sóer sel) cosin n-Athair for nóebnem, feib ro ráidis frinn ría techt dílaig dam mo thairimthecht. Ar do thitacht (déoda in gair) do mess for slóg síl Ádaim, ar nóe n-grád nime (cen chlith) dílgiter dam mo chinaid. Ar buidin na fátha fír, ar drong molbthach na mairtír, dílaig dam cach cin rom-gab ar fairinn na n-úasalathar. Ar chléir na n-apstal cen chol, ar slúag na n-úag n-deiscipol, ar cach nóeb co rath rígda dílig dam mo mígníma. Ar cech nóebúaig ós bith bras, ar bantracht na prímlaíchas, dílig dam cach cin fo nim ar Maire n-amra n-Ingin. Ar muintir talman (torm n-dil) ar muintir nime nóebgil, tabair dílgud bas dech dom chintaib úair 'sam aithrech.