A Bé Find, in rega lim Author: [unknown] A Bé Find, in rega lim Fair lady, will you go with me In blíadain ría tuidecht do Midir co Echaid do imbirt na fidchille boí oc tochmarc Étaíne, ocus nísn-étad leis. Is ed ainm do-bered Midir dí Bé Find; conid de as-bert: A Bé Find, in rega lim, i tír n-ingnad hi fil rind? Is barr sobairche folt and; is dath snechtai corp co ind. Is and nád bí muí ná taí; gela dét and; dubai braí; is lí súla lín ar slúag; is dath sion and cech grúad. Is corcur maige cach muin; is lí súa ugae luin; cid caín déicsiu Maige Fáil annam íar n-gnáis Maige Máir. Cid mesc lib coirm Inse Fáil, is mescu coirm Tíre Máir; amra tíre tír as-biur; ní tét oac and ré siun. Srotha téithmilsi tar tír, rogu de mid ocus fhín, doíni delgnaidi cen on, combart cen peccad, cen chol. Ad-chiam cách for cach leth, ocus níconn-acci nech: teimel imorbais Ádaim dodon-aircheil ar áraim. A ben, día rís mo thúaith tind, is barr óir bias fort (chind); muc úr, laith, lemnacht la lind rot-bía lim and, a Bé Find.