A bennáin, a búiredáin Author: [unknown] A bennáin, a búiredáin Suibne in the woods Ó ro thairis Suibne ar barr chraoibhe urairde eidhnighe ann sin, ro thairis an chailleach ar crann eile ina farradh [gap: ellipse]. At-chúalaidh-siomh búiriudh an doimh alla, & do-rinni an laoídh, & tuc teastmholta crann Éireann ós aird innte, ag foraithmheadh ar-aill día dheacruibh & día imsníomh budh-dhéin, go n-débairt ann-so: A bennáin, a búiredáin, a béicedáin binn, is binn linn in cúicherán do-ní tú 'sin glinn. Éolchaire mo mennatáin do-rala ar mo chéill --- na lois isin machaire, na h-ois isin t-sléib. A dair dosach duilledach, at ard ós cinn chruinn; a cholláin, a chráebacháin, a chomra chnó cuill. A fern, nídot náimtide; is álainn do lí; nidat [gap: extent: 2 syllables] scenbaide ar in m-beirn i m-bí. A draignéin, a delgnacháin, a áirnecháin duib; a birair, a barrglasáin, do brú thopair luin. A minéin na conaire, at milse gach luib, a glasáin, a adglasáin, a lus forsa m-bí in t-suib. A aball, a ablachóc, trén rot-chraithenn cách; a cháerthainn, a cháeracháin, is álainn do bláth. A driséoc, a druimnechóc, ní dama cert cuir: ní ana 'gum letradsa gursat lomlán d' fuil. A ibair, a ibracháin, i reilgib bat réil; a eidinn, a eidnecháin, at gnáth i coill chéir. A chuilinn, a chlithmaráin, a chomla re gaíth; a uinnes, a urbadach, a arm láma laích. A beithe bláith bennachtach, a borrfadach binn, álainn gach cráeb chengailtech i mullach do chinn. Crithach ara chrithugud at-chluinim 'ma sech; a duille for rithugud dar lem is í in chrech. Mo miscais i fidbadaib (ní cheilim ar cách) gamnach darach duilledach ar sibal go gnáth. Is olc sén ar milles-sa ainech Rónáin Finn; a ferta rom-búaidretar, a chlocáin ón chill. Is olc sén i fúarus-sa eirred Congail chóir, a inar cáem cumtachglan co cortharaib óir. Rop é guth gach áenduine don t-slóg détla daith; `Ná tét úaib fán célmaine' `fer in inair maith'. Gonaid, marbaid, airligid; gabaid uile a eill; cuirid é, cid lór do chin, ar bir is ar beinn. Na marcaig dom thárrachtain dar Mag Coba cruinn: ní roich úaidib áenurchar dam-sa dar mo druim. Ac dula dar eidnechtaib (ní cheilim, a laích) degurchar na gothnaite damsa résin n-gaíth. A eltéoc, a luirgnechóc, fúarus-sa do greim; mise ort ac marcaigecht as gach beinn i m-beinn. Ó Charn Chronáin chomramaig co beinn Slébe Níad, ó beinn Slébe Uillinne ricim Crota Clíach. Ó Chrotaib Clíach comdála co Carn Liffe Luirc, ricim re tráth íarnóna co Beinn Gulban Guirt. M'adaig ría cath Congaile robo sirsan lem, 'síu no beinn for utmaille ac siriud na m-benn. Glenn m-Bolcáin> mo bithárus; fír fúarus a greim; mór n-aidche ro frithálus rith rothrén re beinn. Dá sirinn im áenaide sléibte domain duinn, ferr lim inad áenboithe i n-Glinn Bolcáin buirr. Maith a uisce idan-glas; maith a gáeth glan garg; maith a birar birar-glas; maith a fothlacht ard. Maith a eidnech idnaide; maith a sail glan grinn; maith a ibar ibraide; ferr a beithe binn. Dá tístasu, a Loingsecháin, chucum in gach richt, cech n-aidche dom acallaim, bés ní anfainn frit. Ní anfainn ret acallaim munbad scél rom-gét, athair, máthair, ingen, mac, bráthair, ben balc d'éc. Dá tístea dom acallaim ní bad ferrde lem; ro sirfinn ría matanraid sléibte Boirche Benn. Do muilenn in menmaráin no meiltea do thúaith, a thrúagáin, a thoirsecháin, a Loingsecháin lúaith. A chaillech in muilinn-se, cid 'má n-geibe m'eill? M' écnach duit at-chluinim-se is tú i-mmuig ar in beinn. A chaillech, a chuirr-chennach, in raga for ech? `No ragainn, a thuirr-chennach' `(munam-faiced) nech.' `Dá n-dechar, a Suibnecháin,' `rop soraid mo léim.' Dá (toraissiu), a chaillecháin, ní rís slán céill. `Ní cóir, éim, a n-apraidsi' `a meic Colmáin cais;' `nách ferrde mo marcachas' `gan tuitim tar m'ais?' Is cóir, éim, a n-apraim-se, a chaillech gan chéill; deman acut aidmilliud: rot-millis fa-déin. `Nach ferrde let m' eladain,' `a geilt sáerda seng,' `mo beith acut lenamain' `i mullaigib benn?' Dosán eidinn imúallach ásas tré chrann cas, dá m-beinnse 'na chertmullach no ágsainn techt as. Teichim ríasna h-uiséoca; is é in trénrith tenn; lingim tar na guiséoca i mullaigib benn. Ferán eidinn imúallach in tan éirghes dúinn, gairit bím dá thárrachtain ó ro ás mo chlúim. Crebar oscar antuicsech in tan éirges dam, idnar lim is derg-náma in lon do-ní in scal. Gach áenúair ro linginn-se co m-bínn ar in lár co faicinn in cremthannán thís ac creim na cnám Sech gach coin i n-eidnechaib lúath no geibed m' eill; is é lúas no linginn-se co m-bínn ar in beinn. Sinnaig beca ac brécairecht chucum ocus úaim; meic thíre ar a (lécaidecht) teichim-se re a fúaim. Ro thríallsat mo thárrachtain ac tocht 'na rith tenn, gur theiches-sa rempu-som i mullaigib benn. Tánic frim mo thairimthecht gipé conair thías; is léir dam ar m' airchisecht am cáera gan lías. Bile Cille Lugaide i tuilim súan sáim: ba h-aíbniu i ré Chongaile Áenach Line láin. Do-raga in réodh réltanach ferfas ar gach linn; isam súairrech sechránach, ('s) mise faí ar in binn. Na corra go corrgaire i n-Glinn Aigle úair; elta d' énaib imlúatha chucum ocus úaim. Ní charaim in sibenrad do-níat fir is mná; binne lim (ac ceilebrad) (lon) 'sin aird i tá. Ní charaim in stocairecht at-chluinim go moch; binne lim (ac brocairecht) bruic i m-bennaib broc. Ní charaim in cornairecht at-chluinim go tenn; binne lim ac damgairecht da dá fichet benn. Atá adbar seisrige as gach glinn i n-glenn, gach dam ina freslige i mullach na m-benn. Cid imda dom damraid-se as gach glinn i n-glenn, ní meinic lám aireman ac dúnad a m-benn: Dam Sléibe aird Éiblinne, dam Sléibe Fúait féig, dam Ella, dam Orbraige, dam lonn Locha Léin, Dam Seimne, dam Latharna, dam Líne na lenn, dam Cúailnge, dam Conachla, dam Bairne dá benn, A máthair na graige-se, ro líathad do lenn; ni fuil dam it degaid-se gan dá fichet benn. Mó ná adbar leinníne ro líathad dot chinn; dambenn ar gach (meinníne), beinníne ar gach (minn.) A doim do-ní in fogarán chucum tar in n-glenn, maith in t-inad foradán i mullach do benn. Is mé Suibne sirthechán; lúath reithim tar glenn; nochan é m' ainm dligthechán; mó is ainm dam Fer Benn. Tiprait is ferr fúarus-sa tipra Leithit láin, tipra is áille innúaire úarán Dúine Máil. Gidat imda m' imirce m' étach in-díu is gerr. Mé féin do-ní m'foraire i mullach na m-benn. A raithnech, a rúadfota, ro rúadad do lenn; ní h-ossair fir fúacartha i n-gablaib do benn. Bid ann bías mo bith-lige tes ac Taídin teinn; ac Tig Mo Ling bith-ainglide táethus-sa do beinn. Do-rat mise it chumman-sa mallacht Rónáin Finn, a bennáin, a búiredáin, a béicedáin binn.