Turus acam Día h-Aíne Author: [unknown] Turus acam Día h-Aíne Cáel praises Créide's house & táinic Crédhi dár n-acallaim, & trí cáecait do mhnáibh uimpi. & do ráidh in flaith-féinnidh ría: `Is dod thogha-sa & dod thochmharc tháncamar-ne', ar sé. Fíarfaigis an ingen cía dhár áil a tochmharc. `Do Cháel chétghuinech úa Neamhnainn, do mac rígh Laigen an-air'. `Do-chúalamar a scéla', ar an ingen, `gengu facamur é; & in bh-fuil aigi mu dhúan damsa?' `A-tá imorra', ar Cáel. & do éirig & do ghabh a dhúan: Turus acam Día h-Aíne (gé dech, isam fíraíge) co tech Créide (nó sním súail) re h-ucht in t-sléibe an-airtúaid. A-tá i cinniud dam dul ann, co Créide i Cíchaib Anann, co rabar ann fo decraib cethra lá ocus leithshechtmain. Aíbinn in tech ina tá, itir fhira is maca is mná, itir druíd ocus áes céoil, itir dáilem is doirséoir, Itir gilla scuir nách sceinn ocus ronnaire re roinn: a-tá a commus sin uile ac Créide finn foltbuide. Bud aíbinn damsa 'na dún itir cholcaid ocus clúm; mad áil do Chréide (ro-clos) bud aíbinn dam mo thurus. Síthal aice i sil súg sub: as ro niged a blaí dub; dabach gline gan desca, copáin aice is caím-escra. A dath amar dath in aíl; colcaid etarru ocus aín; síta etarru is brat gorm; dergór etarru is glanchorn. A gríanán ac Loch Cuire d' arcat ocus d' ór buide; tuige druimnech gan dochma d' eitib donna is dergcorcra. Dá ursain úainide ad-cí; a comla ní dochraid h-í; arcat echta (cían ro-clos) in crann fuil 'na fordorus. Cathaír Chréide dot laim chlí, ba súarca sa súarca h-í; casair uirri d' ór Elpa fa chosaib a caím-leptha. Lepaid luchair na laíde fuil ós cinn na cathaíre do-rónad ac Tuile thair d' ór buide is do líc lógmair. Lepaid aile dot láim deis d'ór is d'arcat gan éislis, co pupaill co m-bricht buga co cáemslatuib créduma. In teglach a-tá 'na tig is dóib is aíbne ro chin: nídat glasa slima a m-bruit; at casa finna a forfuilt. Ro choitéltais fir gona cona táescaib tromfola re h-énuib síde ac síanán ós borduib a glaingríanán. Madam buidech-sa don mnaí, do Chréide dá n-gairenn caí, mérait ní bas lía a laíde, mad dá n-díla a commaíne. Mad áil le h-ingin Cairbre Nídam-chuirfe ar cóir cairde, co n-apra féin rim i fus `Is mo móirchen dot turus'. Cét traiged i tig Créide ón chuirr go roich a chéile, is fiche traiged tomuis i leithet a degdoruis. A h-udnacht is a tuige d' eitib én n-gorm is m-buide; a h-urscar thair ac topar do glain is do charrmocal. Cethra h-úaitne im gach lepaid d' ór is d' arcat choimecair; gem glaine i cinn gach úaitne: nídat cenn ansúairce. Dabach ann do chrúan flatha i silenn súg súarc-bracha; aball ós cinn na daibche co n-imat a trom-thairthe. In úair líntar corn Créide do mid na dabcha déine, tuitit isin corn co cert na ceithra h-ubla i n-áenfecht. In t-í 'gá táit sin uile, itir thráig ocus tuile, ruc Créide a Tulcaib Trí m-Benn ed urchair di mnáib Éirenn. Laíd sunn cuice (ni crod cas) (ní grés luigthe co lúathbras), co Créide cruthaig i fus; buad luchair lé mo thurus. Is and sin ro faíetar in lánamainsin ar feis leaptha & láimhdhérgaigthi; & do bátur ann re secht laithib ag ól & ac aíbhnes.