Géisid cúan Author: [unknown] Géisid cúan Créide's lament for Cáel Táinic an ingen & do sín re 'tháebh h-í & do-rinne núalghubha & toirrsi mhór. `Cidh dhamsa', ól sí, `an bás d'fagháil do chumhaid mu chéle in tan a-tát na fíadhmhíla folúaimnecha ac fagháil bháis dá chumhaid?' & at-bert Crédhe: Géisid cúan ós buinne rúad Rinn Dá Bhárc: bádud laích Locha Dá Chonn is ed chaínes tonn re trácht. (Luinchech) corr i seiscenn Droma Dá Thrén: sis ní aincenn a bí --- coinfíad dá lí for tí a h-én. Trúag in fhaíd do-ní smólach i n-Druim Chaín; ocus ní nemthrúaige in scol do-ní in lon i Leitir Laíg. Trúag int séis do-ní in dam i n-Druim Dá Léis: marb eilit Droma Sílenn; géisid dam dílenn dá h-éis. Ba sáeth lim bás in laích ro laiged lim: mac na mná a Daire Dá Dos, a beith is cros úasa chinn. Sáeth lim Cáel do beith i richt mairb rem tháeb, tonn do thecht tar a tháeb n-gel; is ed rom-mer mét a áeb. Trúag in gáir do-ní tonn tráchta re tráig: ó ro báid fer ségda sáer sáeth lim Cáel do dul 'na dáil. Trúag in fúaimm do-ní in tonn risin trácht túaid, ac cenngail im charraic caín, ac caíned Chaíl ó do-chúaid. Trúag in tres do-ní in tonn risin trácht tes; mise do-dechaid mo ré: messaite mo gné (fo-fes). Caínce corr do-ní tonn trom Tulcha Léis; mise nochan fuil mo maín ó rom-maíd in scél rom-géis. Ó ro báided mac Crimthain nochan fuil m' inmain dá éis; is mór tríath ro thuit le a láim; a cíath i ló gáid nír géis. & do sín an ingen re táebh Cháeil & fúair bás dá chumhaid; & do h-adlacad íat ar-áen a n-áeinfert ann sin; & as misi féin (ar Caílte) ro tocuibh in lía fil ósa lighi, conidh Feart Cáeil & Créidhe a-derur ris. Ad-ráe búaid & bennacht, a Chaílte, ar Pádraic: s maith in scél do innisis; & caidhi Brócán scríbhnid? Sunna, ar Brócán. Scríbthar lat gach ar chan Caílte. & do scríbadh.