Is úar geimred; at-racht gáeth Author: [unknown] Is úar geimred; at-racht gáeth Description of winter and memory of the past Is ann a-dubhairt Caílte: `Inam', ar sé, `do dhamhaib allaidi & d' eilltibh dul a n-innib cnoc & carrac an-osa; & inam éignedh do dhul i cúasaib brúach'. & a-dubhairt an laíd: Is úar geimred; at-racht gáeth; éirgid dam díscir dergbáeth; nocha te in-nocht in slíab slán, gé beith dam dían ac dordán. Ní thabair a tháeb re lár dam Sléibe Cairn na comdál; ní luga at-chluin céol cúaine dam Cinn Echtge innúaire. Mise Caílte, is Díarmait donn, ocus Oscar áith étrom, ro choistmis re céol cúaine deired aidche adúaire. Is maith chotlas in dam donn fuil is a chnes re Coronn mar do beth fa Thuinn Túaige deired aidche innúaire! In-díu isam senóir sen; ní aithnim acht becán fer; ro chraithinn corrsleig co crúaid i matain aigrid innúair. A-tlochar do Ríg nime, do Mac Maire ingine: do-beirinn mór socht ar slúag gé ber in-nocht co h-adúar.