Cotail becán becán bec Author: [unknown] Cotail becán becán bec Díarmait's sleep {speech Gráinne} Cotail becán becán bec, úair ní h-ecail duit a bec, a gille día tardus seirc, a meic uí Duibne, a Díarmait. Cotail-si sunn go sáim sáim, a uí Duibne, a Díarmait áin, do-génsa t'foraire de, a meic uí delbda Duibne. Cotail becán (bennacht fort) ós uisce Topráin Tréngort, a úanáin úachtair locha, do brú Thíre Trénsrotha. Rop inonn is cotlad tes degFidaig na n-airdéices, dá tuc ingin Morainn búain tar cenn Conaill ón Chráebrúaid. Rop inonn is cotlad túaid Finnchaid Finnchaím Essa Rúaid, dá tug Sláine (ségda rainn) tar cenn Fáilbe Chotatchinn. Rop inonn is cotlad tíar Áine ingine Gáilían, fecht do-luid céim fo thrilis la Dubthach ó Dairinis. Rop inonn is cotlad tair Dedad dána díumasaigh dá ruc Coinchinn ingin Binn tar cenn Dechill déin Duibrinn. A chró gaile íarthair Gréc, anfatsa 'got forcoimét; maidfid mo chraide-se acht súaill, monat-faicear re h-énúair. Ar scarad ar n-dís 'ma-le 's scarad lenab óenbaile is scarad cuirp re h-anmain, a laích Locha finnCharmain. Léicfider caínche ar do lorg (rith Caílte nó ba h-anord), nachat-táir bás ná brocad, nachat-léice i sírchotlad.{speech Díarmait} Ní chotail in dam-so sair, ní scuirenn do búirfedaig; cía beith im dairib na lon, ní fuil 'na menmain cotlad. Ní chotail in eilit máel ac búirfedaig fó brecláeg; do-gní rith tar barraib tor; nó déin 'na h-adbaid cotal. Ní chotail in chaínche bras ós barraib na crann cáemchas; is glórach a-táthar ann; gi bé in smólach ní chotlann. Ní chotail in lacha lán; maith a láthar re degsnám; ní déin súan nó sáime ann; ina h-adbaid ní chotlann. In-nocht ní chotail in gerg; ós fráechaib anfaid imard binn fogar a gotha glain: eitir srotha nó chotail.