A-tám i n-easbhaidh amhoirc Author: Unknown 1] A-tám i n-easbhaidh amhoirc 2] ar gcaitheamh mo chéadradhoirc; 3] srian do chaithfinn ris an gcorp 4] ó mbiadh aithrinn ar m'amhorc. 5] Tuigim mo dhíoth amhoirc as 6] nach móide iarraim eolas 7] gan éantroigh ar a haghaidh 8] ag céadfaidh dom chéadfadhaibh. 9] Go n-aithnighim orum féin 10] móide as oirchios a haimhréir 11] nach foil roirinn ar mo rosg; 12] doibhinn lem thoil a teagosg. 13] Dá mbeinn i gcogadh rem chorp 14] ní bhiadh easbhaidh ar m'amhorc; 15] tug síoth do thabhairt dom thoil 16] díoth amhairc ar an anmoin. 17] Ní cosmhail nach meallfadh mé 18] mo námha i n-aimsir m'óige 19] 's go saoilim go bhfoighbhe faill 20] oirn-ne i gcaoileirr an chochaill. 21] Nach faicfe sinn ó so a-mach 22] aithnim ar m'aigneadh ndíomsach, 23] gé theasda ón radhorc a rinn, 24] d'amhorc feasda achd a bhfaicim. 25] Ar ndul ó ar dtír féin i bhfad 26] tugadh linn lór do dhearmad 27] do bhrígh ar ndearc do dhalladh 28] searc don tír i dtángamar. 29] Do bharr ar bhuain na habhla 30] do chuir d'éis a hagallmha 31] mar do choill Éabha an aithne 32] séana croinn na comairche. 33] Oidhre Dé ler dúineadh neamh 34] do bhaoi go ceann cóig n-aimsear 35] nar roinn sé a ghlóir re a ghaoltaibh, 36] an chóir is é d'éanaontaidh. 37] Fuair aonta an athar neamhdha 38] gur bh'í toil an tighearna 39] teacht i dtruaill chumhaing an chuirp 40] tre bhuain an ubhaill orrdhuirc. 41] Do chead na cúirte móire 42] táinig i mbroinn banóighe; 43] an chomhairle as ar luigh leis 44] dár ngonaibh-ne is luibh leighis. 45] Acht éad ar an seanóir saoir 46] fan mac nar thuill a thathaoir, 47] d'fhoiléim mar do-chuaidh 'n-a corp 48] toibhéim ní fhuair a hóghacht. 49] Do b'ionann agus a éag 50] a theacht i gcorp dár gcoimhéad; 51] dá bhás do bhí 'n-a fhioghair 52] rí na ngrás do ghiniomhain. 53] Beatha Críost gur caitheadh ribh 54] feadh éanuaire dá aimsir 55] go lá a bháis ní bhíoth gan phéin; 56] páis do budh chrioch dá chaithréim. 57] Mé dámadh mac díleas dó 58] an chroch far cuireadh Íoso 59] do rachadh ar dhéaraibh dhamh 60] féaghain mh'athar gá hiomchar. 61] Ní beag an dearbhadh doille 62] mar fholaighthear orainn-ne 63] na róid do nochtadh go neamh 64] le sgoltadh a chóig gcroidheadh. 65] Do dúnadh ar an teach thall, 66] ní raibhe iadhta ar Iofrann; 67] an bhas do chosgair an cló 68] glas nír osgail i n-éanló. 69] Do ling an t-anam gan fhios 70] a corp Dé díochra an cairdeas; 71] do bhí a chaithréim ós aird ann, 72] do airg don aithléim Iofrann. 73] Dá fhichid lá isteach go dtug 74] do fhuirigh fa cuaird charud 75] ar dtocht a chinidh re a chois 76] ar slighidh go port Parthois. 77] Nach deachaidh ar a dheis féin 78] go bhfuair aontaidh gach fhíréin 79] do an-san níor bheag an bháidh 80] re cead na n-aspal d'fhagháil. 81] Na grása ler imthigh uainn 82] ní thiobhra Íosa an athuair 83] cunnradh saor díobh don duine; 84] ná bíom taobh re a thrócuire. 85] An bhratach le mbrisfe cath 86] do-ghéana achd go dtí an tobhach 87] ga seoladh le sluagh nimhe 88] leoghan don uan ainglidhe. 89] Do thabhairt impidhe air 90] ní racha naomh dá naomhaibh; 91] ar Dhia nach tráth dá tabhairt 92] ní bhia cách 'n-a chontabhairt. 93] A osgladh ar a aghaidh 94] pian don duine diúltfadhair; 95] is cneadh ghlúin nó cneadh chroidhe 96] súil ar teagh na trócaire. 97] Gan a fhuathachadh air féin 98] dar lat is lór do mhíchéill, 99] gin go mbeath m'easgcara ann, 100] teach na heasbhadha Iofrann. 101] Don chur-sa cloinne hEabha 102] cúis eagla na hairrdheana, 103] na piana 'n-a dtuile ag teacht 104] 's na miana uile ag imtheacht. 105] Go lá an bhráith nach bia san chorp 106] a-tá fós aige d'fhurtocht; 107] fuigheall buille an anaim ann 108] gan chalainn uime i nIofrann. 109] Ní budh móide mo mheanma 110] mo thionnluicthe óm thighearna 111] a gcar go léir ar mo láimh 112] dámadh léir damh a ndíoghbháil. 113] An corp thig do nimh a-nall 114] diadhacht Íosa 's a anam 115] ranáir don tí nach tuigfeadh 116] fagháil na dtrí dtionnluiceadh. 117] Do gealladh glóir Dé dhamh-sa 118] an chuing do-chóidh oram-sa 119] dá bhfuilngeam go buan 'n-a bun; 120] is dual cuingheall i gcunnradh. 121] Ní fhuil easbhaidh ar m'ithir 122] nach féadfaidhe d'fhóirithin; 123] mór gcré nach tabhair toradh 124] go bhfaghair lé leasoghadh. 125] A-tá 'n-a chnoc ard rem ucht 126] an díomas do dhall m'amhurc; 127] tairgsin mo lot do leigheas 128] an cnoc aird-sin ísligheas. 129] Ní bhí dá thaisgidh im thoil 130] rún as aimhleas don anmoin 131] i n-uair chaointe mo cheana 132] nach faoicfe a thruaill thaisgeadha. 133] Ó nar chaitheas rinn mo rosg 134] san aimsir thall re theagasg 135] do riaghladh céadfadh an chuirp 136] déantar le hiarmhar m'amhuirc. 137] Im laithibh do-chuaidh caithimh; 138] biaidh m'aimsear 'n-a héanlaithibh 139] ag dul thoram go dtí an t-éag; 140] bí, a cholann, ar do choimhéad. 141] Fa dheireadh don domhan mhór 142] lá an bháis ní beag an claochlódh 143] do-ní, a dhuine, domhan beag 144] a thoradh uile d'aiseag. 145] Is cúiteachadh 'n-a chneadhaibh 146] cuimhne ar mo chrích ndéidheanaigh; 147] lá an bháis acht nach bí ar m'aire 148] a pháis ní hí as eaglaighe. 149] Nach léir damh gurab tríom tug 150] uan Muire i measg a námhad 151] a slán fa chneasghuin a chuirp 152] a-tám i n-easbhaidh amhuirc. Atám. 153] A n-éisteacht tar cheann mo chean 154] dá ndiulta an mac, a mhaighdean, 155] a Mhuire, ná failligh féin 156] guidhe an aingil 's an fhíréin. 157] Ní fríoth ar feadh an domhain 158] id chorp ionnraic óghamhail 159] nó gur hinnleadh a líon lais 160] a dhíol d'innbhear it éagmhais. 161] Go ndeachaidh síos ar a son 162] do bhréag th'umhla 'n-a héanar; 163] rí na n-uile i gcéin chuca 164] fa réim duine dheorata. Atám.