Bláth an mhachuire Muire Author: Unknown 1] Bláth an mhachuire Muire, 2] a dhaoine, nach diultfuidhe; 3] ní fhuil agaibh fáth fuirigh; 4] an bláth abaidh ionnsuighidh. 5] Ón lá tháinig i dtalamh 6] rí an domhain fa dheaghbhaladh 7] a-tá a luibh chabhra ag cách 8] garrdha 'n-ar chuir fa chonách. 9] Córaide a mheas re Muire 10] is béas don bhláth machuire 11] ar nach bí gabháil 'n-a glas 12] acht a fhagháil don tí thoghfas. 13] A duasa móra mince 14] gé a-táid oruibh innillte 15] rachaidh thoruibh tráth oile 16] bláth toruidh na trócoire. 17] Mór n-adhbhar arab eagail 18] go mbia i n-uair an airteagail 19] gidh lán do thoradh an tráigh 20] mo lámh fholamh dá hagháil. 21] Cead a bhuana ó bhás a-mach 22] ní thiobhra Críosd ar cheannach; 23] saor a-bhos bláth na faithghe, 24] a-nos tráth a thiomsaighthe. 25] Gidh iomdha dá haos ghrádha 26] dóibh ag deilbh na síothchána, 27] is lór don uile a heineach 28] ar Muire ógh d'impidheach. 29] Do bhiadh aige ar bláth na mban 30] 's a chúl do chur re peacadh 31] annsacht na mbeach ar an mbláth 32] gach neach dá annsacht d'óglách. 33] Go gcoisgeann diomdha a dalta 34] nochtar do dhruim dúthrachta 35] cíche ar mná gaoil gá ghuidhe; 36] fa sgaoil a-tá an trócuire. 37] A grásaibh Muire móire 38] dúinn ní damhna míodhóighe 39] an bhrágha dar bhean a glas 40] bean do bu dána dóchas. 41] Do dáileadh a-nuas do nimh 42] don mhnaoi le méad a creidimh 43] dóigh na mná-sa nír meathadh 44] grása as cóir do chuimhneachadh. 45] Resin mbrághaid do bhí i láimh 46] do thogair geall do ghabháil; 47] maith séan an ghill do gabhadh 48] sgéal budh linn do leasaghadh. 49] Do-chuaidh dá fhaicsin 'n-a hucht 50] dealbh Muire gár mhó guasocht 51] gur bhuing don deilbh a dalta 52] 'n-a seilbh do dhruim dánachta. 53] "Do mhíriar gidh deacair damh" 54] do rádh re Muire máthar: 55] "beith dod réir ní dóigh dhamh-sa 56] mo chóir féin go bhfaghar-sa. 57] "Má tharla aindlighe ann 58] gabhar sgáth mh'ainbhis agam 59] breith na deilbhe leam i láimh 60] mar gheall rem eidhre d'fhagháil. 61] "Mo mhac ní dó a-bháin do bheinn 62] go lá m'éaga is eadh thuigim 63] achd muna sgaoile Dia dhé 64] nach bia ar gcaoin-ne re a chéile." 65] Tug Muire gur mhaol a goimh 66] aiseag a mic don mháthair; 67] fuair síoth an té dá dtugadh 68] is fríoth é gan fhuaslugadh. 69] Le a luatha thug a thoradh 70] do bíthí dá bhreathnoghadh 71] a haithle an ghill do ghabháil 72] nar mhill aithne an uachdaráin. 73] Ní meabhraighthear ar Mhuire, 74] gidh minic a míorbhuile 75] bráighe do bhuain a geimhil 76] as áille fhuair fhóireidhin. 77] Do bhí ar an mnaoi gá dám dí 78] díom féin do beanadh bráighe, 79] ní lugha mh'éigin dá héis 80] cumha nach éidir d'fhaisnéis. 81] Dom anmain is eadh bheanas 82] an mac do bhí i mbraighdeanas; 83] fan sgéal do chrádh a cridhe 84] dál mo dhéar do dlighfidhe. 85] A-tá rem fhiachaibh uaim-se 86] fan mhac gér mhó a hanbhuain-se 87] go dtráighe mo thuile locht 88] bráighe nach fuighe furtocht. 89] Nach ionann an t-adhbhar déar 90] críoch fhágbhuim ar an uirsgéal 91] an cás dar ghabhomar greim 92] is cás anollamh Ifrinn. 93] Sul dheach meas ar méad mo chean 94] ní fhóghnann damh dom dhídean 95] a gheall dá ngabha mi-se 96] achd cara teann tairise. 97] Ní hiongnadh d'fhior mo dhoibheart 98] bídh guasacht san ghealltoidheacht 99] a chaomhna ar gheall do ghlacadh; 100] fearr go haobhdha mh'anacal. 101] Ní bláth garrdha as ghoirthe dhí, 102] luibh an mhachaire Muire; 103] lán don bhláth tarla an talamh; 104] is tráth m'anma d'fhuasgaladh. 105] Gér áibhseach maitheas Muire 106] i súilibh na sochuidhe 107] beith do réir an Dúilimh dhí 108] 'n-a súilibh féin ní faicthe. 109] Éadáil do-gheibhthear 'n- a gar 110] bean toighe na dtrí bpearsan; 111] gearr ó gach dhuine a deightheach 112] ceann guidhe na n-oileithreach. 113] Go ndearna ar siur éigean air; 114] grádh don chóir thug ar dtosaigh; 115] do thréig a mhian do Mhuire 116] srian nach téid re a thrócuire. 117] Bean déanta na ndaoine dhí, 118] bean dar bhuidheach Dia is duine, 119] bean nar threabh le tuinn meanma, 120] cuing ler threabh a tighearna. 121] Íocshláinte fhóireas gach nimh, 122] béal do b'fhoirbhthe i n-aois leinibh, 123] cridhe nach gabhann fa ghrádh, 124] nighe na n-anam n-easlán. 125] Bean chúitigheas ar gceana, 126] ríoghan as mhó muinteara, 127] bean thoibhgheas toil na gcroidheadh, 128] 's ga bhfuil saidhbhreas sochuidheadh. 129] Leag lóghmhar as lia buadha, 130] cruithneacht abaidh ionbhuana, 131] comhurtha an tunna nach tráigh, 132] urra cobhurtha a compáin. 133] Bean do chuir na folta i bhfad, 134] bean do thraoth neart a námhad, 135] sódh feithmhe na bhfear ngrádha, 136] bean teichmhe na teagmhála. 137] Bean fholaigh an athar mhóir, 138] bean do snadhmadh re seanóir, 139] bean nach admhadh a fear féin, 140] bean nar hagradh i n-éinchéim. 141] Ní hiongnadh grádh d'fhagháil as; 142] "fasaidh daonnacht tre dhúthchas." 143] móide an t-álgas fhuair an bhean 144] uaim mar thángas 'n-a timcheal. 145] Do b'airrdheana dísle dhí 146] ón dá thaobh táinig uimpe, 147] a haobhdhacht is a humhlacht 148] a maordhacht 's a measardhacht. 149] Toil a mheanman dá mhoghaibh 150] tug Críost mar do-chualobhair 151] gur fhuluing a ghoin don gha 152] ó choir ubhaill na habhla. Bláth.